Baile Coimín, Cill Mhantáin, Éire – 12 Iúil 2024 – Tá lúcháir ar an eolaí saoránach agus feithideolaí Brian Murray, i gcomhar leis an Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta (NBDC), a fhógairt go bhfuil speiceas nua, an-mhór de ghobán/fiteachán, Leiobunum speiceas A (Leiobunum
sp. A), sainaitheanta go foirmiúil mar áitritheoir in Éirinn den chéad uair.
Is baill d'ord na n-aracnidí iad na fiteacháin, ach ní damháin alla iad. Níl fainceanna ná nimh acu, agus mar sin, tá siad go hiomlán neamhdhíobhálach do dhaoine. I mí na Nollag 2023, chonaic Brian Murray grianghraf ar an ngrúpa Facebook ‘Insects and Invertebrates of Ireland’ a tógadh ar thailte Champa an Churraigh i gCo. Chill Dara. Cé nár aithníodh é ag an am, spreag sé é chun tuilleadh fiosraithe a dhéanamh. “Bhí a fhios agam go raibh rud éigin speisialta faoin bpictiúr,” a dúirt Brian, “Bhí mé féin ag déanamh staidéir ar fhiteacháin le tamall anuas an uair sin, agus ní raibh sé cosúil le haon fhiteachán dúchasach a chonaic mé riamh.” A bhuíochas d'Óglaigh na hÉireann, fuair sé rochtain ar Champa an Churraigh i mí an Mheithimh 2024 agus chuardaigh sé eiseamal. Le linn a chuid fiosruithe, fuair sé go leor comhchruinnithe d'fhiteacháin óga. Cé nach raibh sé indéanta iad a shainaithint ar dtús toisc gur eiseamail óga a bhí iontu, thóg sé roinnt eiseamal níos mó abhaile chun iad a thógáil.
-
- Leiobunum sp. A (Brian Murray)
“Caitheann an speiceas seo a chraiceann (claochlú) suas le deich n-uaire sula sroicheann sé lántosacht,” a dúirt Brian, “ach sa deireadh, tagann dath miotalach dorcha glas sainiúil orthu atá dosheachanta agus nach bhfuil cosúil le haon fhiteachán dúchasach. Tá réise a gcos i bhfad níos mó freisin ná aon speiceas dúchasach, idir 6 agus 7 n-orlach.” Tá na heiseamail aibí go leor anois le haghaidh sainaithint cheart, agus dheimhnigh Brian an speiceas mar Leiobunum sp. A. Rinne Hay Wijnhoven, an duine a d'aimsigh an speiceas ar dtús, é seo a bhailíochtú tuilleadh trí fhianaise ghrianghrafadóireachta a úsáid.
Tá stair shuimiúil ag baint le Leiobunum sp. A agus aimsíodh san Ísiltír den chéad uair é in 2004. Ó shin i leith, aimsíodh in áiteanna eile san Eoraip é agus taifeadadh sa Ghearmáin, san Ostair, san Eilvéis, sa Pholainn agus sa Ríocht Aontaithe é. Is gnách go bhfaightear an speiceas seo thart ar thithe, ar bhallaí, faoi leaca fuinneoige, agus i ndíoga díona. Mar gheall ar a nádúr sóisialta, déanann siad comhchruinnithe sóisialta suntasacha de chaoga go míle duine aonair, go minic ar an taobh amuigh d'fhoirgnimh agus struchtúir dá samhail.
Tagann a ainm neamhghnách as an bhfíric, cé gur aimsíodh san Ísiltír den chéad uair é, gur fhan a thír thionscnaimh ina rúndiamhair go dtí le déanaí. Bhí eolaithe ag fanacht leis seo a fháil amach sula bhféadfaí é a chur síos go hoifigiúil agus a ainmniú mar speiceas nua don eolaíocht.
“Is féidir le rannpháirtíocht an phobail i gcoitinne mar fheithideolaithe, mar zó-eolaithe, mar luibheolaithe agus mar shainseirbhísigh eile cur go mór le fionnachtain agus le doiciméadú speiceas nua sa tír agus lenár dtuiscint fhoriomlán ar staid bhithéagsúlacht na hÉireann”, a dúirt Owen Beckett, Oifigeach Feithidí don Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta. “Chun é seo a spreagadh, chruthaíomar ár n-Ardán Foghlama Bithéagsúlachta le déanaí (https://learn.biodiversityireland.ie/), áit ar féidir le húsáideoirí clárú le haghaidh cúrsaí ar líne saor in aisce. D'iarrfaimis ar an bpobal freisin súil a choinneáil amach don fhiteachán iontach seo agus aon radharc a thuairisciú don NBDC.”
Is é Brian Murray, ar a dtugtar @BeesOfIreland (Bees & Wasps of Ireland) ar Twitter/X freisin, bunaitheoir an tionscadail microWild (www.microwild.org), móinéar bláthanna fiáine dúchasacha agus cúlchiste inveirteabraigh i mBaile Coimín, Cill Mhantáin. Is é seo an dara fionnachtain speicis nua aige in Éirinn, agus ba é speiceas d'fhaolchú creadóireachta, Euodynerus dantici, an chéad cheann in 2021. Oibríonn an tIonad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta chun sonraí agus faisnéis faoin mbithéagsúlacht a chur ar fáil níos saoire d'fhonn bithéagsúlacht na hÉireann a thuiscint níos fearr agus tacú lena cosaint.
Tá treoir chuimsitheach curtha ar fáil ag an NBDC freisin maidir le taifeadadh bithéagsúlachta: https://biodiversityireland.ie/app/uploads/2021/08/NBDC-Beginners-Guide-to-Recording-2022-WEB.pdf
**Príomhphointí:**
1. Aimsíodh speiceas nua fiteacháin in Éirinn.
2. Ba é Brian Murray a d'aimsigh é, ar a dtugtar @BeesOfIreland ar Twitter/X agus
bunaitheoir an tionscadail microWild.
3. Leagann an fhionnachtain seo béim ar éifeachtacht agus ar thairbhí na hEolaíochta Saoránaí i
dtaighde bithéagsúlachta, rud a mharcálann an dara speiceas nua a d'aimsigh Brian d'Éirinn.
4. Spreagann agus tacaíonn an tIonad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta go láidir le heolaithe
saoránacha trí go leor acmhainní a chur ar fáil, lena n-áirítear ardán foghlama ar líne.
Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le:
Brian Murray: 087 243 5594 – bees@duck.com
Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta:
Fón: +353 51 306 240
Ríomhphost: info@biodiversityireland.ie
Gréasán: biodiversityireland.ie


