Tá an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ag lorg aighneachtaí ó dhaoine aonair agus ó eagraíochtaí chun cabhrú léi Plean Oidhreachta náisiúnta nua a fhorbairt – Oidhreacht Éireann 2030An Oidhreacht Éireann 2030 Leagtar amach creat faoi thrí théama sna doiciméid chomhairliúcháin, eadhon 1. Ceannaireacht Náisiúnta agus Oidhreacht, 2. Comhpháirtíochtaí Oidhreachta agus 3. Pobail agus Oidhreacht. Sainaithnítear dréachtchuspóirí sonracha faoi gach Téama, agus i ndiaidh an phróisis chomhairliúcháin, ullmhófar Plean Gníomhaíochta chun na cuspóirí comhaontaithe a bhaint amach. Is próiseas tábhachtach é an comhairliúchán seo mar go dtugann sé an deis chun cabhrú le straitéis oidhreachta na hÉireann a mhúnlú don chéad 10 mbliana eile, agus an réasúnaíocht maidir le maoiniú méadaithe don earnáil Oidhreachta faoi Thionscadal Éireann 2040.
Ó bunaíodh é in 2007, tá an tIonad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlachta tar éis forbairt ina chuid riachtanach den bhonneagar oidhreachta náisiúnta chun faisnéis faoi bhithéagsúlacht na hÉireann a dhéanamh níos inrochtana le haghaidh cinnteoireachta, chun cuidiú le rannpháirtíocht na n-earnálacha poiblí agus príobháideacha araon maidir le bithéagsúlacht agus chun tacú le caomhnú na héagsúlachta bitheolaíche in Éirinn. Tá an tIonad Sonraí i gcéim ríthábhachtach ina fhorbairt, agus cinntí le déanamh go luath faoina thodhchaí, an tsamhail eagraíochtúil is fearr faoina cheart dó feidhmiú, agus an leibhéal maoinithe lárnach a bheidh ar fáil dó chun clár oibre a chur i gcrích. Ní mór d’aon straitéis náisiúnta don oidhreacht aitheantas a thabhairt don ról tábhachtach atá ag an Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlachta i dtacaíocht a thabhairt d’oidhreacht nádúrtha na hÉireann.
Leagtar amach san aighneacht ón Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlachta maidir leis an gcomhairliúchán Oidhreacht Éireann 2030 conas is féidir leis an Ionad Sonraí cabhrú le straitéis nua-aimseartha a chur i bhfeidhm d’oidhreacht náisiúnta na hÉireann.
Íoslódáil Aighneacht an Ionaid Náisiúnta Sonraí um Bhithéagsúlacht ar Oidhreacht Éireann 2030 .