Tá nuashonrú mar aon le léarscáileanna dáileacháin maidir le láithreacht Mianadóir dhuilleog an chrainn chnó chapaill (cameraria ohridella) in Éirinn foilsithe ag MothsIreland. Tabhair cuairt ar: www.mothsireland.com/?p=828

Má chonaic tú an speiceas seo seol isteach do thaifead le grianghraf chuig MothsIreland tríd an bhfoirm ar líne acu.
Sular taifeadadh an speiceas seo in Éirinn, rinne Speicis Ionracha na hÉireann measúnú riosca ar a thionchar dóchúil. Rinneadh measúnú air mar speiceas a bhfuil riosca ann go mbeidh tionchar ard aige. Íoslódáil achoimre an mheasúnaithe riosca. Sliocht de na tionchair agus an bhainistíocht liostaithe thíos:
Tionchair
- Spriocanna caomhnaithe: Táirgeann na crainn a bhfuil a nduilliúr bainte go dona díobh síolta (cnónna capaill) níos lú le hacmhainn níos ísle a chuireann isteach ar athghiniúint crann agus a dhéanann dochar mór d'earcaíocht crainn chnó chapaill (mar a fheictear sna foraoisí eindéimeacha deireanacha sna Balcáin). Tá rátaí seadeachta íseal, ach is féidir le crann amháin suas le milliún mianadóir duilleog a óstáil. Toisc go dtagann an chuid is mó de na seadáin amach nuair nach bhfuil larbhaí nó pupaí ar fáil go fóill, d'fhéadfadh tionchar tábhachtach a bheith aige seo ar na mianadóirí duilleog dúchasacha.
- Costas eacnamaíoch: Eascraíonn an príomhchostas as déileáil le crainn chnó chapaill a ndearnadh damáiste mór dóibh atá curtha i gcathracha agus i sráidbhailte. Bíonn costas forlíontach ag baint leis na modhanna a úsáidtear chun an lotnaid seo a rialú (duilleoga breise a bhaint, cóireáil feithidicíde, crainn a athchur) do bhardais.
- Níor sainaithníodh aon saincheisteanna sláinte plandaí nó ainmhithe
- Níor sainaithníodh aon saincheisteanna sláinte daonna
Bainistíocht
- Is féidir bainistíocht éifeachtach a dhéanamh ach tá sí dian ar acmhainní agus/nó bíonn tionchair neamh-spriocdhírithe aici agus/nó tá sí deacair a chur i bhfeidhm.
- Bíonn sé deacair bainistíocht agus rialú a dhéanamh ach bíonn tionchar ag lotnaidicídí agus ag baint mheicniúil.
Tá cuntas den scoth ar an speiceas foilsithe ag Iarsmalann na Staire Nádúrtha, Londain: www.nhm.ac.uk/nature-online/species-of-the-day/biodiversity/alien-species/cameraria-ohridella/