Pailneoirí Talamh Feirme a Chosaint Bileog Ghníomhaíochta 1
In 2019, fuair an tIonad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta maoiniú tríd an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara le haghaidh tionscadal Comhpháirtíochta Nuálaíochta Eorpaí (EIP) cúig bliana dar teideal ‘Pailneoirí Talamh Feirme a Chosaint’. Trí oibriú go dlúth le grúpa de 40 feirmeoir, a roghnaíodh chun cineálacha éagsúla feirme agus leibhéil éagsúla déine a léiriú, shainaithin sé gníomhartha a ligfidh don bhithéagsúlacht maireachtáil i dteannta córas táirgiúil feirmeoireachta.
I gcomhairle le feirmeoirí tá an chéad Bhileog Ghníomhaíochta forbartha againn ag baint úsáide as na sonraí ó thionscadal EIP Pailneoirí Talamh Feirme a Chosaint. Leagann an bhileog ghníomhaíochta seo amach an bealach is fearr le láithreáin neadaithe do bheacha aonair a chruthú ar d'fheirm. Faigh amach an bealach is fearr le láithreáin neadaithe do bheacha aonair a chruthú ar an bhfeirm anseo.
