An Rialachán 1143/2014 maidir le speicis choimhthíocha ionracha a tháinig i bhfeidhm an 1 Eanáir 2015 féachann sé le dul i ngleic
le fadhb na speiceas coimhthíoch ionrach ar bhealach cuimsitheach chun bithéagsúlacht dhúchasach agus seirbhísí éiceachórais a chosaint, chomh maith leis na hiarmhairtí ar shláinte an duine nó ar an ngeilleagar a d'fhéadfadh a bheith ag na speicis seo a íoslaghdú agus a mhaolú.
Faoin Rialachán seo ní mór do gach Ballstát beart a dhéanamh maidir le liosta de speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní don Aontas. Déanann an Rialachán foráil do thrí chineál idirghabhála; cosc, luathbhrath agus díothú tapa, agus bainistíocht.
Ar an 14 Iúil 2016, d'fhoilsigh an Coimisiún Eorpach Rialachán Cur Chun Feidhme 2016/1141 ón gCoimisiún (ina bhfuil an liosta speiceas), lena gcuirtear an chéad liosta de Speicis Choimhthíocha Ionracha is Ábhar Imní don Aontas i bhfeidhm. Tá 23 ainmhí agus 14 phlanda ar an gcéad liosta seo de 37 speiceas. Tiocfaidh an liosta i bhfeidhm an 3 Lúnasa 2016 rud a chiallaíonn ón dáta sin go gcuirfear tús leis an gcomhaireamh síos maidir le cathain a chaithfear ceanglais éagsúla a chur i bhfeidhm.
Tabharfar na ceanglais isteach de réir a chéile. Tá roinnt garspriocanna liostaithe thíos:
- Liosta de SCI is Ábhar Imní don Aontas – liosta dinimiciúil a ndéantar athbhreithniú air gach 6 bliana (foilsithe an 14/07/2016)
- Struchtúir fheidhmiúla do Rialuithe Oifigiúla (rialuithe teorann, pointí iontrála earraí) faoi 02/01/2016
- Córas faireachais faoi Fheabhra 2018
- Anailís ar chonairí faoi Fheabhra 2018 agus pleananna gníomhaíochta conairí faoi Lúnasa 2019
- Bearta bainistíochta curtha i bhfeidhm do speicis atá scaipthe go forleathan faoi Fheabhra 2018
- Tuairisciú faoi Lúnasa 2019 agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin ar an gcóras faireachais, ar dháileadh speiceas, ar phleananna gníomhaíochta srl.
D'fhoilsigh an Coimisiún Eorpach Ceisteanna Coitianta ar a láithreán gréasáin agus áit ar féidir teacht ar fhaisnéis bhreise faoin Rialachán: http://ec.europa.eu/environment/nature/invasivealien/index_en.htm