
Chun Lá Idirnáisiúnta na hÉagsúlachta Bitheolaíocha a cheiliúradh ar an 22 Bealtaine, seolfaidh an tIonad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlachta ‘ dúshlán 5,000 taifead bithéagsúlachta ’ a bheidh ar siúl ón 20ú go dtí an 22ú Bealtaine. Tá an tIonad Sonraí ag tabhairt cuireadh do gach duine dul amach faoin aer agus bithéagsúlacht na hÉireann a thaifeadadh. Is féidir é seo a dhéanamh ó shuíomh fiadhúlra speisialta i do cheantar, ó áit éigin a dtugann tú cuairt air go rialta, nó fiú ó do ghairdín. Trí pháirt a ghlacadh sa tionscnamh seo ba mhaith linn an sprioc de 5,000 taifead a ghineadh thar an deireadh seachtaine a bhaint amach mar léiriú simplí, ach cumhachtach, go bhfuil spéis sa bhithéagsúlacht, agus go bhfuil tacaíocht ag beartais agus gníomhartha chun bithéagsúlacht a chaomhnú in Éirinn.
Chun páirt a ghlacadh sa dúshlán 5,000 taifead bithéagsúlachta, níl le déanamh ach aon speiceas a fheiceann tú an deireadh seachtaine seo chugainn ( 20ú , 21ú & 22ú Bealtaine) a chur isteach chuig an Ionad Sonraí https://records.biodiversityireland.ie/ , chun a thaispeáint go bhfuil cúram ort faoin dúlra.
Is féidir taifid a chur isteach freisin tríd an aip Gabhála Sonraí Bithéagsúlachta saor in aisce a íoslódáil
Is féidir dul chun cinn na hiarrachta taifeadta, lena n-áirítear léarscáil de na taifid a fuarthas, a leanúint ag https://www.biodiversityireland.ie/5000-record-challenge/

