Plean Gníomhaíochta um Speicis Choimhthíocha Ionracha do Chathair Bhaile Átha Cliath 2016-2020 le seoladh go hoifigiúil inniu.
Is iad cuspóirí na Dréachtphlean ná rialú agus laghdú a dhéanamh ar leathadh na speiceas coimhthíoch ionrach (IAS) atá ann cheana féin agus cosc a chur ar aon IAS nua bunú sa chathair.
‘Mar gheall ar thionchair IAS i dtéarmaí díghrádú ár dtimpeallachta agus damáiste do leasanna eacnamaíocha, tá sé riachtanach go n-aithneomis bainistíocht IAS mar phríomh-shaincheist d'fhorbairt inbhuanaithe Bhaile Átha Cliath. Mura dtugtar aghaidh ar an saincheist seo, cuirfear teorainn le cumas na nglúnta atá le teacht de mhuintir Bhaile Átha Cliath tairbhí a bhaint amach agus rachaidh sé i bhfeidhm ar a gcáilíocht beatha. Is é an Plean seo an chéad chéim chun ár leasanna a chosaint agus chun deiseanna d'fhás inbhuanaithe na Cathrach a chinntiú.’
Tá seacht Sprioc sa Phlean, a thagann óna chuspóirí. Tá siad seo leagtha amach thíos.
- Ár speicis agus ár ngnáthóga dúchasacha a chosaint agus a chinntiú nach gcuireann Speicis Choimhthíocha Ionracha stádas cosanta aon cheann de na gnáthóga nó na speicis seo i mbaol.
- Comhlíonadh reachtaíocht náisiúnta agus an AE, lena n-áirítear Rialacháin nua an Aontais Eorpaigh a dhéileálann go sonrach le Speicis Choimhthíocha Ionracha.
- Comhoibriú a leanúint agus a mhéadú idir údaráis phoiblí a bhfuil de chúram orthu bithéagsúlacht Bhaile Átha Cliath a chosaint.
- Costas eacnamaíoch fadtéarmach na Speiceas Coimhthíoch Ionrach do Chathair Bhaile Átha Cliath a laghdú.
- Luach taitneamhachta agus áineasa Chathair Bhaile Átha Cliath a fheabhsú dá cónaitheoirí agus do thurasóirí.
- Spásanna poiblí Chathair Bhaile Átha Cliath agus sláinte a cuid saoránach a chosaint.
- Feasacht ar na saincheisteanna a chur chun cinn chuig an lucht féachana is leithne agus is féidir
Tá an Dréachtphlean Gníomhaíochta um Speicis Choimhthíocha Ionracha do Chathair Bhaile Átha Cliath 2016 – 2020 ar fáil ag http://bit.ly/InvasiveAlienPlan