Tá go leor coillte agus ceantar páirce ar fud na hÉireann ag meath mar gheall ar láithreacht plandaí coimhthíocha ionracha. Sa bhlag aoi seo, leagann an tOifigeach Oidhreachta Melanie McQuade amach an beart atá déanta ag Comhairle Chontae na hIarmhí chun déileáil leis an ionradh ar shuíomh Theach, Ghairdíní agus Pháirc Bhelvedere.
An Cheist
Is suíomh tábhachtach Oidhreachta i gContae na hIarmhí é Teach, Gairdíní agus Páirc Bhelvedere, áit a bhfuil tírdhreach deartha ón 18ú haois suite cóngarach do Limistéar Caomhnaithe Speisialta (LCS), Limistéar Cosanta Speisialta (LCS), agus Limistéar Oidhreachta Nádúrtha atá beartaithe (LONb) Loch Inis Aill.
Aithníodh suas le haon phlanda déag ag Belvedere a aithnítear anois mar Speicis Phlandaí Choimhthíocha Ionracha, áit ar cuireadh iad ar dtús mar mhaisiúchán agus/nó mar chlúdach talún do ghéim. Is iad na speicis seo ná Glúineach Bhoihéamach (Reynoutria bohemica), Glúineach mhór (Reynoutria sachalinensis), Glúineach Himiléach (Koenigia polystachya), Glúineach bhiorach (Reynoutria japonica), Gabáiste cam an tsionnaigh (Lysichiton americanus), Búidlia (Buddleja davidii), Labhras silíní (Prunus laurocerasus), Gunnaire (Gunnera tinctoria), Róslabhras (Rhododendron ponticum), Gabhairín crainn (Clematis vitalba), agus Lus na gréine geimhridh (Petasites pyrenaicus).
Athraíonn dáileadh agus dlús na speiceas seo ó bheith gann go forleathan agus ó bheith corrach go ceannasach. Is iad an Ghlúineach, an Labhras Silíní agus an Róslabhras na trí speiceas is líonmhaire is cúis imní. Tá siad scaipthe chomh mór sin gur bhuaigh siad ar speicis plandaí eile agus tá tionchar díobhálach acu ar dhinimic na coillearnaí agus ar bhithéagsúlacht an tsuímh.
An Plean
I bhfianaise scála na ceiste, d'fhostaigh Comhairle Chontae na hIarmhí Invas Biosecurity Ltd chun Plean Bainistíochta do Speicis Phlandaí Choimhthíocha Ionracha a ullmhú do Ghairdíní agus do Pháirc Bhelvedere.
Is plean ilbhliantúil é an Plean, a ullmhaíodh in 2020 le maoiniú ó Scéim Deontas an Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta um Bithéagsúlacht ón tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (NPWS), chun na Speicis Phlandaí Choimhthíocha Ionracha seo a bhainistiú. Is é an tionchar fadtéarmach a bheidh ag cur i bhfeidhm an Phlean seo ná greim na Speiceas Coimhthíoch Ionrach a laghdú agus cuidiú le hathbhunú na bithéagsúlachta laistigh den Pháirc.
Speicis Phlandaí Choimhthíocha Ionracha a Bhainistiú
Go luath i mí Mheán Fómhair 2020, cuireadh luibhicíd ar gach láthair ina raibh Glúineach bhiorach. I bhformhór na láithreacha rinneadh é seo trí spraeáil, ach ba é an modh a úsáideadh do phlandaí ar chúrsa uisce nó in aice leis ná instealladh gas. Bhí éifeacht na cóireála soiléir in 2021 agus rinneadh tuilleadh cóireála san Fhómhar. Cuirfear cóireáil ar an nGlúineach arís in 2022.
Is é an Labhras Silíní an speiceas is forleithne is cúis imní ag Belvedere agus i limistéar mór den Pháirc tá sé tar éis éirí ceannasach (.i. os cionn 70% de chlúdach talún). Tá an ceannas seo ag an Labhras Silíní i bpáirt mar gheall ar na ceimiceáin ciainíde a thaisceann sé san ithir a chuireann cosc ar chrainn eile fás. Cruthaíonn a chlúdach duilleog síorghlas scáth dlúth freisin a chuireann tuilleadh bac ar athghiniúint nádúrtha ag speicis crann eile.
Glanadh trí limistéar de Labhras Silíní (thart ar 5,300m2 san iomlán) in 2021 trí leagan, chóireáil ar stocáin agus bhrú ar ábhar craobhacha. Baineadh lomáin ghearrtha den láithreán.
Rinne pearsanra a bhí oilte go cuí an obair go léir, de réir an dea-chleachtais agus de réir na modheolaíochtaí a leagadh amach sa Phlean Bainistíochta. Bhí sé seo thar a bheith tábhachtach san áit a bhfuil na Speicis Choimhthíocha Ionracha ag fás in aice le cúrsaí uisce agus sa limistéar cóngarach do Loch Inis Aill, ar Limistéar Caomhnaithe Speisialta (LCS) agus Limistéar Cosanta Speisialta (LCS) é.
Feasacht a Mhéadú
I dteannta bhainistíocht na speiceas seo, fostaíodh na hÉiceolaithe Flynn Furney chun oiliúint a chur ar Fhoireann Allamuigh Chomhairle Chontae na hIarmhí maidir le sainaithint agus bainistiú Speiceas Plandaí Coimhthíoch Ionrach. Bhí súil ag na hÉiceolaithe seisiúin faisnéise ar an láthair maidir le Speicis Phlandaí Choimhthíocha Ionracha a chur ar fáil don phobal, ach i bhfianaise na srianta leanúnacha maidir le Covid-19, socraíodh go mbeadh cur i láthair ar líne níos oiriúnaí. Thug an cur i láthair réamhrá ar na speicis phlandaí choimhthíocha ionracha ar fad is cúis imní agus plé orthu, ní hamháin iad siúd a bhí ag fás ag Belvedere https://www.youtube.com/watch?v=QicTanbBCus&t=3s
Aitheantas agus pleanáil don todhchaí
Gabhann muid buíochas as an maoiniú a fuarthas ó Scéim Deontas an Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta um Bithéagsúlacht ón tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (NPWS) agus ón gComhairle Oidhreachta. Chuir an maoiniú seo ar chumas an Phlean Bainistíochta do Speicis Choimhthíocha Ionracha a chur i bhfeidhm ag Belvedere in 2021.
Anois agus limistéar mór glanta de Labhras Silíní, tá deis ann roinnt plandála a phleanáil. D'urraigh Peter Cuthbert speicis crann dúchasacha a thacaíonn le pailneoirí go cineálta. Cuirfear na síológa crann seo go luath in 2022.