
Tá torthaí Scéim Monatóireachta Féileacán na hÉireann do 2018 díreach foilsithe. A bhuí leis an 110 oibrí deonach a shiúil 115 thrasghearradh in 2018, agus a thaifead níos mó ná 46,000 féileacán, táimid in ann treochtaí mionsonraithe a chur ar fáil maidir le daonraí féileacán ó thosaigh an scéim in 2008. Is é an dea-scéal ná, de bharr na haimsire a bhí ann in 2018, go raibh méadú 29% ar dhaonraí foriomlána ár speiceas is coitianta agus is forleithne. Is laghdú 6% fós é, áfach, an treocht fhoriomlán i ndaonraí féileacán na hÉireann ó 2008 i leith. Léirigh Péacóg agus an Fritileán Boscaigh an fás daonra ba láidre, agus tháinig an laghdú ba mhó ar an bhFraochán Beag. Is féidir sonraí iomlána na scéime monatóireachta a léamh i Nuachtlitir Scéim Monatóireachta Féileacán na hÉireann atá díreach foilsithe (Íoslódáil anseo: 2MB). Tá tuilleadh eolais faoi Scéim Monatóireachta Féileacán na hÉireann ar fáil ar shuíomh gréasáin Scéim Monatóireachta Féileacán na hÉireann. Toisc gurb é an 1 Aibreán tús Shuirbhé Monatóireachta na bhFéileacán 2019, tá súil againn go spreagfaidh an t-eolas seo fonn ort tabhairt faoin monatóireacht arís in 2019.