Mar gheall ar nuashonruithe a rinneadh le déanaí ar na foirmeacha taifeadta laistigh de Thairseach Eolaíochta Saoránaí na hÉireann, a reáchtálann agus a bhainistíonn an tIonad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta, is féidir anois:
- Ilghnéithe speiceas a thaifeadadh ag suíomh amháin, laistigh de roinnt foirmeacha roghnaithe taifeadta (i.e. Éin, Féileacáin Oíche, Plandaí Soithíocha)
- Íomhá a uaslódáil le do thaifead gan gá a bheith ann a méid a athrú de láimh faoi bhun 500kb

Déanfaidh na hathruithe seo, a cuireadh i bhfeidhm Dé hAoine an 20ú Iúil 2018, cur isteach taifead ar bhithéagsúlacht na hÉireann beagán níos éasca do phobal tiomanta na dtaifeadóirí bitheolaíocha ar an oileán. Faoi láthair, ní bheidh taifeadóirí in ann ach ilspeicis a thaifeadadh don suíomh céanna laistigh d'fhoirmeacha taifeadta amhail iad siúd d'éin, d'fhéileacáin oíche agus do phlandaí soithíocha, toisc gur dócha gurb ansin is mó a bhfuil gá leis an bhfeidhmiúlacht seo. Fanfaidh foirmeacha taifeadta do ghrúpaí ainmhithe agus plandaí eile mar a bhí.
Mar sin féin, an rud atá tagtha i bhfeidhm i ngach ceann dár bhfoirmeacha taifeadta ná an cumas nua atá ag taifeadóirí taifid a chur isteach gan gá a gcuid íomhánna de bhithéagsúlacht a athmhéadú de láimh sula ndéantar iad a uaslódáil. Roimhe seo, bhí srian méide 500kb i bhfeidhm. Go teicniúil tá feidhm fós ag an riail seo, ach ón lá inniu amach, déantar an t-athmhéadú seo go huathoibríoch ar chúl an stáitse agus saorfaidh sé

am na dtaifeadóirí le dul ar aghaidh agus leanúint lena ndoiciméadú ar fhiadhúlra na hÉireann gan mhaolú! Is cion tábhachtach é íomhánna a uaslódáil le do thaifid a chuidíonn lenár saineolaithe taifid speiceas a fhíorú.
Cuireadh breis agus 9,239 taifead speicis isteach go dtí seo do mhí Iúil, de 1,140 speiceas. Ba í mí na Bealtaine an mhí ba ghnóthaí dúinn an samhradh seo le haghaidh taifead, agus thart ar 13,589 taifead bailithe aici. Céard faoi iarracht a dhéanamh an uimhir sin a bhaint amach sula mbeidh an mhí thart, go háirithe anois lenár nuashonruithe nua ar na foirmeacha taifeadta!
