Tá an chéad sraith de Tháscairí Náisiúnta Bithéagsúlachta eisithe ag an Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta, atá deartha chun achoimre a dhéanamh ar threochtaí i sláinte ár speiceas, ár dtírdhreacha agus ár muirdhreacha. Rianaíonn siad freisin athruithe leathana ar chaidreamh shochaí na hÉireann leis an bhfiadhúlra. Tiomsaíodh an tsraith táscairí as faisnéis a chuir eagraíochtaí rialtais agus neamhrialtasacha ar fáil.
Don chéad uair in Éirinn, déanann na Táscairí Náisiúnta Bithéagsúlachta achoimre ar fhaisnéis bhithéagsúlachta ó fhoinsí éagsúla, agus tugann siad léargas uathúil ar an gcaoi a bhfuil ag éirí le hÉirinn ó thaobh a spriocanna náisiúnta agus idirnáisiúnta maidir le caomhnú a bhaint amach.
Is é an measúnú foriomlán ná nach bhfuil dóthain dul chun cinn déanta i 60% de na táscairí, go bhfuil dul chun cinn maith déanta i 32% díobh, agus go bhfuil an dul chun cinn leis an 8% atá fágtha éiginnte. Ar an iomlán, léiríonn siad go bhfuil gá le gníomhaíocht níos comhbheartaithe má tá Éire chun na spriocanna atá leagtha amach sa Phlean Náisiúnta Bithéagsúlachta agus iad siúd atá leagtha síos ag an Aontas Eorpach agus ag an gCoinbhinsiún ar Éagsúlacht Bhitheolaíoch a bhaint amach.
Is í Éire an cúigiú tír san Eoraip anois a d'fhorbair sraith de Tháscairí Náisiúnta Bithéagsúlachta.
Cliceáil anseo le haghaidh an phreaseisiúna iomláin, an phacáiste meán agus rochtain ar shuíomh gréasáin na dTáscairí Náisiúnta Bithéagsúlachta.