
Taifeadadh ceilp Sheapánach den chéad uair i bPoblacht na hÉireann i Loch Cairlinn.
Ainm eolaíoch: Undaria pinnatifida (Harvey) Suringar, 1873. Comhainmneacha: Alaria pinnatifida Harvey 1860, Ulopteryx pinnatifida (Harvey) Kjellman
Gnáthainm(neacha): Ceilp Sheapánach, Wakame, Mustard mara
Cén fáth a bhfuil imní ann?
· Féadfaidh inmhíoluithe leapacha agus cásanna sliogéisc a shalú, rud a fhágann costais níos airde agus fás níos moille ar an sliogiasc trí shreabhadh an uisce trí na cásanna a shrianadh. Ní fios fós, áfach, cén méid tionchair a bheidh aige seo.
· Féadfaidh dálaí aeráide na hÉireann a bheith oiriúnach don speiceas seo agus tá gnáthóga oiriúnacha ar fáil
· Ní féidir é a rialú ar scála leathan. Ag leibhéal áitiúil díothaíodh an speiceas in áiteanna lasmuigh d'Éirinn ach ar chostas an-mhór.
· Taifeadadh an speiceas i dTuaisceart Éireann (Marina Charraig Fhearghais, MF, 2012) agus i bPoblacht na hÉireann (Loch Cairlinn, MF, 2014).
Cén chuma atá air?

· Dath donn-órga le gas de dhath níos éadroime agus greamaitheoir craobhach
· Tá ciumhaiseanna an-tonnacha ar an stipe, rud a thugann cuma iomaireach air
· Lann leathan, leacaithe i gcruth duilleoige le meánfhéith shoiléir agus ciumhaiseanna tonnacha
Cá bhféadfainn é a fheiceáil?
San Eoraip faightear faoin taoide é, ag fás go minic ar struchtúir de dhéantús an duine ar nós pontúin mhuiríne.
Stádas ionrach: Sula dtaifeadadh an speiceas seo in Éirinn rinne Invasive Species Ireland measúnú riosca air mar speiceas a bhféadfadh tionchar mór a bheith aige mar speiceas ionrach.
Stádas tabhairt isteach: Tá an speiceas bunaithe ar shuíomh i dTuaisceart Éireann. Cé gur baineadh mórán plandaí de shuíomh i bPoblacht na hÉireann, ní léir fós cé mhéad planda atá fágtha nó an suíomh seanbhunaithe é.
Minicíocht Dáilte: Neamhchoitianta
Gníomhartha a glacadh go dtí seo: Cuireadh Gníomhaireachtaí Stáit agus Údaráis Áitiúla ar an eolas. Bhain an taifeadóir mórán plandaí den suíomh i bPoblacht na hÉireann nuair a tugadh faoi deara iad, ach d'fhéadfadh tuilleadh a bheith fágtha.
Bealach tabhairt isteach/veicteoir leata: Ní léir cén bealach nó cén veicteoir leata ba chúis le láithreacht na ceilpe Seapánaí ar na suíomhanna seo. ‘Léiríonn barraíocht an U. pinnatifida ag suíomhanna muiríne go láidir go bhfuil baint ag árthaí áineasa lena leathadh’ (NBN Gateway 2013 in Minchin and Nunn, 2014).
Eolas breise:
- Póstaer Foláirimh Speicis: http://invasives.biodiversityireland.ie/species-alerts-2/See
- AlgaeBase: www.algaebase.org
- Achoimre ar mheasúnú riosca Invasive Species Ireland: http://invasivespeciesireland.com/toolkit/risk-assessment/prioritisation/potential-species/
- Páipéar BioInvasions: Minchin. D. and Nunn. J. (2014) The invasive brown alga Undaria pinnatifida (Harvey) Suringar, 1873 (Laminariales: Alariaceae), spreads northwards in Europe (lgh 57-63). BioInvasions Records (2014) Imleabhar 3, Eisiúint 2: 57–63 http://www.reabic.net/journals/bir/2014/Issue2.aspx