Saincheist lárnach maidir le bearnaí eolais a líonadh i gcás go leor gnéithe den bhithéagsúlacht is ea tógáil acmhainne. Is gnách go mbíonn taighde agus suirbhéireacht ag plé le grúpaí bitheolaíocha feiceálacha atá inrochtana don chuid is mó de thaifeadaithe. Is laistigh de ghrúpaí bitheolaíocha na n-orgánach níos lú, nach bhfuil chomh feiceálach céanna, áfach, a fhaightear an chuid is mó den éagsúlacht bhitheolaíoch, agus níl ach eolas scáinte ar na cinn sin. I gcás na ngrúpaí seo, is é an dúshlán ná an saineolas a fhorbairt chun na horgánaigh a fhaightear in Éirinn a aithint agus a chur síos.
Saincheist eile a bhaineann le go leor gnéithe den bhithéagsúlacht is ea an gá atá le Córas Comhtháite Bainistíochta Faisnéise Talún, a nascann sonraí bithéagsúlachta le faisnéis chomhshaoil agus úsáide talún. D'fhéadfadh córas comhtháite den sórt sin luach na dtacar sonraí aonair a fheabhsú trí fhaisnéis thábhachtach chomhthéacsúil a sholáthar agus breisluach ollmhór a thabhairt.
Tá gá le cláir náisiúnta bhreise monatóireachta, agus más féidir ba cheart go dtógfadh siad seo ar chláir náisiúnta atá ann cheana féin agus ba cheart iad a dhearadh chun iltorthaí a sheachadadh ar mhaithe leis an éifeachtúlacht is mó a bhaint amach.