Tá ríméad ar an Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta seoladh cúrsa nua ar líne a fhógairt ar bheacha duilleogacha, beacha saor cloiche, beacha bior-earracha agus beacha olachardála na hÉireann.
Tá breis agus 100 speiceas beacha éagsúla le fáil in Éirinn, agus is beacha aonair an chuid is mó díobh. Murab ionann agus bumbóga nó an Bheach Mheala, ní chruthaíonn na beacha seo coilíneachtaí, ina ionad sin roghnaíonn siad neadú ina n-aonar. Is pailneoirí tábhachtacha iad agus tá go leor acu i measc na mbeach aonair is forleithne agus is aitheanta dár gcuid.
Meath ar bheacha aonair
Ós rud é go bhfuil bagairt ar go leor dár bhfeithidí pailnithe mar gheall ar chailliúint gnáthóige, ní raibh an gá riamh níos mó chun a dtásc agus a stádas daonra in Éirinn a thuiscint. D'fhulaing go leor dár mbeacha aonair ó bhaint na gcoillte dúchasacha agus ó chailliúint féarthailte, fraochmhánna agus dumhcha cósta atá saibhir ó thaobh speiceas de. Féadann sé seo laghdú a dhéanamh ar líon na mbláthanna fiáine dúchasacha agus ar líon na láithreacha neadaithe atá ar fáil a mbraitheann ár mbeacha aonair orthu.
Tábhacht na heolaíochta saoránaí
Cuimsíonn an cúrsa leideanna maidir le cá bhfaighfear na beacha aonair seo, conas iad a aithint chomh maith le forbhreathnú ar thaifid a chur isteach ar Thairseach Eolaíochta Saoránaí an Ionaid Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta. Agus níos mó eolaithe saoránacha ag taifeadadh beacha aonair, is féidir linn léargas níos cruinne a chruthú ar conas atá ag éirí leis na pailneoirí tábhachtacha seo. Tá luach na heolaíochta saoránaí léirithe cheana féin le fionnachtain na Beiche Olachardála (Anthidium manicatum) agus roinnt beacha aonair eile in Éirinn le 10 mbliana anuas, agus is buíochas libhse ar fad é sin!
Clárú don chúrsa
Agus an t-earrach beagnach buailte linn, tá go leor dár mbeacha aonair ag tosú ag teacht chun cinn, mar sin is é an t-am iontach anois é le clárú don chúrsa agus le d'eolas ar a n-aithint a fheabhsú. Tá an cúrsa go hiomlán saor in aisce agus tá teacht air ar ardán foghlama ar líne an Ionaid Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta anseo: Treoir d'fhoghlaimeoirí ar bheacha duilleogacha agus speicis ghaolmhara (Megachilidae) na hÉireann