An An tIonad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlachta agus an tIonad Sonraí agus Taifeadadh Timpeallachta do Thuaisceart Éireann suirbhé nua uile-Éireann ar shnáthaidí móra agus béichuileanna seolta inniu mar chuid de thionscadal eolaíochta saoránaigh arna mhaoiniú ag an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil. Déanfaidh an suirbhé, ar a dtugtar ‘Dragonfly Ireland 2019 – 2024’, ár gcuid eolais ar dháileadh snáthaidí móra agus béichuileanna in Éirinn a thabhairt cothrom le dáta.
Tá an tionscadal ag iarraidh ar dhaoine den phobal a bheith páirteach ann trí thuairisc a thabhairt ar an méid a fheiceann siad de shnáthaidí móra agus béichuileanna tríd an suíomh gréasáin biodiversityireland.ie nó trí úsáid a bhaint as Aip an Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta. Tá an tionscadal ag lorg eolaithe saoránaigh deonacha freisin chun suirbhé a dhéanamh ar a n-abhainn, a sruthán, a loch nó a mbogach áitiúil le haghaidh Snáthaidí Móra agus Béichuileanna, agus chun measúnú gairid ar chaighdeán na gnáthóige a dhéanamh ag an suíomh suirbhé a roghnaíonn siad. Mar chuid den tionscadal, reáchtálfar sraith ceardlann suirbhéireachta agus aitheantais ar fud na hÉireann.
Úsáidfear na sonraí chun léarscáiliú a dhéanamh ar dháileadh reatha na speiceas mealltach seo ar fud na hÉireann. Ó foilsíodh an t-atlas uile-Éireann deireanach beagnach 20 bliain ó shin, tá an t-am thar a bheith tráthúil an staidéar nua seo a sheoladh. Ullmhóidh an tionscadal Liosta Dearg nuashonraithe do Shnáthaidí Móra agus Béichuileanna in Éirinn freisin, mar is eol anois go bhfuil laghdú ag teacht ar chuid de na speicis seo; mar gheall ar mheascán de chailliúint gnáthóg agus tionchair chomhshaoil eile.
Fiosróidh Dragonfly Ireland 2019 – 2024 freisin úsáid a bhaint as Snáthaidí Móra agus Béichuileanna mar tháscspeicis do cháilíocht uisce agus gnáthóige, agus chun monatóireacht a dhéanamh ar thionchair an athraithe aeráide.
“Is feithidí mealltacha iad Snáthaidí Móra agus Béichuileanna ar furasta iad a aithint mar gheall ar a méid mór agus dathanna gléineacha a gcoirp. Is féidir lena láithreacht ag suíomh léargas a thabhairt freisin ar cháilíocht an uisce ag an láthair sin, mar go gcaitheann siad cuid mhór dá saol mar nimfeacha uisceacha a chónaíonn i bhfionnuisce,” a dúirt Dave Wall, Oifigeach Eolaíochta Saoránaigh leis an Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta, atá lonnaithe i bPort Láirge.
Dúirt Stiúrthóir an Ionaid, an Dr Liam Lysaght, chomh maith: “tá a fhios againn cheana féin go dteastaíonn teochtaí te ó shnáthaidí móra le maireachtáil agus go bhfuil cuid de na speicis ag leathnú a ndáilte ó thuaidh faoi láthair mar fhreagairt ar an téamh domhanda. Mar sin, is iarrthóirí an-mhaith iad le húsáid mar bhith-tháscairí chun monatóireacht a dhéanamh ar thionchair an athraithe aeráide ar ár dtimpeallacht”.
Dúirt an Dr Damian McFerran, Bainisteoir an Ionaid Sonraí agus Taifeadadh Timpeallachta: “is sampla foirfe é an tionscadal seo den chaidreamh atá anois ann idir dhá ionad sonraí na hÉireann”. Dúirt sé freisin: “Fáiltíonn CEDaR roimh an bhforbairt seo agus táimid ag tnúth le bonn taifeadta Eolaithe Saoránaigh Dragonfly Ireland a fhorbairt d'Éirinn”.
Cuireann an tionscadal trí leibhéal rannpháirtíochta ar fáil d’oibrithe deonacha. Ar dtús, spreagann ‘Braitheadóir Snáthaidí Móire’ tuairisciú ar radhairc theagmhasacha d’aon speiceas Snáthaide Móire nó Béichuile. Is é an dara leibhéal ná ‘Taifeadóir Snáthaidí Móire’ a iarrann ar oibrithe deonacha suirbhéanna tráthrialaithe a dhéanamh ar shuíomh fionnuisce, ag taifeadadh gach speiceas Snáthaide Móire agus Béichuile atá i láthair, ag déanamh meastachán ar a líon agus ag measúnú a ngnáthóige. Ní mór dhá shuirbhé a chur i gcrích, ceann amháin i mí na Bealtaine/mí an Mheithimh agus an dara ceann idir mí Iúil agus mí Mheán Fómhair. Iarrann an tríú leibhéal suirbhé, ‘Monatóir Snáthaidí Móire’, ar oibrithe deonacha ceithre shuirbhé ar a laghad a dhéanamh ag a suíomh áitiúil, agus na suirbhéanna a athdhéanamh gach bliain.
Más mian leat páirt a ghlacadh i Dragonfly Ireland 2019 – 2024, tá tuilleadh sonraí, foirmeacha suirbhé agus acmhainní eile ar fáil ag https://www.biodiversityireland.ie/record-biodiversity/dragonfly-ireland-2019-2024/. Tá Aip an Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta ar fáil le híoslódáil le haghaidh iPhone nó Android.
Is féidir tuairiscí ar shnáthaidí móra agus béichuileanna a fheictear i dTuaisceart Éireann a chur isteach ag: https://www2.habitas.org.uk/records/dragonflies.
Tá Dragonfly Ireland indéanta a bhuí le maoiniú a chuir an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil ar fáil chun an eolaíocht shaoránaigh agus feasacht ar cháilíocht uisce i ngnáthóga uisceacha fionnuisce agus cósta na hÉireann a chur chun cinn.
Creidiúint íomhá: Béichúil Éireannach, Coenagrion lunulatum, Will Woodrow/Comhairle Contae Mhuineacháin.