Tá an chéad trí threoir ina shraith nua, ‘Sraith Féileacán na hÉireann’, díreach foilsithe ag an Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta.
Baineann an chéad trí threoir le bainistíocht gnáthóige don Fhrithileán Réisc, don Gormán Beag agus don Fhéirín Beag. Tugtar réamhrá bunúsach ar na speicis agus ar na bagairtí atá roimh gach ceann acu i ngach treoir freisin. Tá na treoracha dírithe ar gach úinéir talún atá sásta a mbainistíocht a athrú chun tacú leis na speicis. Cuimsíonn na bearta bainistíocht beostoic, bainistíocht scrobarnaí agus athrú ar an nós gearrtha féir chun freastal ar riachtanais gach speicis le linn a saolré. Is féidir formhór na mbeart, mura féidir gach beart díobh, atá sna treoracha a chur i gcrích gan aon chostas ar an úinéir talún agus rachaidh siad chun tairbhe mhóir do na speicis.
Tá rud éigin is féidir le gach duine a dhéanamh chun cabhrú, trí thaifid a chur isteach chun cabhrú linn tuiscint níos fearr a fháil ar an gcaoi a bhfuil ag éirí leis na féileacáin nó trí bhainistíocht talún a athrú chun cabhrú lena gcosaint.
![]() |
![]() |
![]() |


