Baineann formhór na húsáide talún in Éirinn le talmhaíocht. Tá dlúthbhaint idir ár mbithéagsúlacht agus todhchaí thalamh feirme; Múnlaíodh ár mbithéagsúlacht de bharr gníomhaíochta talmhaíochta agus braitheann ár n-inbhuanaitheacht talmhaíochta fhadtéarmach ar an mbithéagsúlacht. Féadfaidh talamh feirme tacú lenár ndaonraí éan trí bhearta atá bunaithe ar fhianaise a ghlacadh. Féadfaidh éin tacú le todhchaí na talmhaíochta freisin trí:
- Táscaire ar fheirm shláintiúil: Is féidir leat éin a úsáid mar neas-tháscaire ar shláinte d'fheirme. Is táscaire é feirmeacha a bhfuil éagsúlacht mhaith éan acu ar éiceachóras sláintiúil, a sholáthraíonn go hinbhuanaithe na seirbhísí éiceachórais a mbraitheann feirmeoirí orthu.
- Rialú lotnaidí: Tugtar 'cara an fheirmeora' ar an Scréachóg Reilige toisc go gcothaíonn sí ar chreimirí. Is eol go gcothaíonn Druideanna agus Cuiríní ar ghearrmhíolta, ar lotnaid féir dhíobhálach iad.
Ach is é an chéad chéim ar fad d'aon duine ar spéis leo a gcuid feirmeacha a dhéanamh níos oiriúnaí d'éin nó éin a úsáid mar tháscaire ar fheirm shláintiúil, ná foghlaim conas éin a aithint.