Tá cúrsa nua ar líne seolta díreach ag an Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta chun cabhrú le haithint foichí sóisialta na hÉireann.
Bíonn ról tábhachtach ag foichí sóisialta inár n-éiceachóras. Mar chreachadóirí, cabhraíonn siad le daonraí speiceas feithidí eile a rialú. Is maith leo cuairt a thabhairt ar bhláthanna freisin agus is pailneoirí iad nach dtugtar a gceart dóibh go minic. Leis an gcúrsa nua ar líne, is féidir leat foghlaim conas 7 speiceas foiche shóisialta na hÉireann a aithint, chomh maith le cá bhfaighfear iad, conas cuardach a dhéanamh orthu agus conas do chuid breathnuithe a thaifeadadh.
Tá an cúrsa saor in aisce agus tá rochtain air tríd an ardán foghlama ar líne de chuid an NBDC anseo: Conas foichí sóisialta na hÉireann a aithint agus a thaifeadadh