An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus na Gaeltachta
28 Lúnasa 2017
Iarrtar ar úsáideoirí uisce réamhchúraimí a ghlacadh mar gheall ar ráig Phlá na nGliomach ar Abhainn Lorra, i dTuaisceart Thiobraid Árann
Táthar ag impí ar gach úsáideoir uisce réamhchúraimí a ghlacadh chun scaipeadh phlá na ngliomach a stopadh tar éis deimhniú go bhfuil ráig ann ar Abhainn Lorra i dTiobraid Árann Thuaidh. Tuairiscíodh líon na ngliomach fionnuisce marbh ar an abhainn i sráidbhaile Lorra níos luaithe an mhí seo agus tá sé deimhnithe anois le hanailís DNA gurbh í Plá na nGliomach ba chúis lena mbás. Seo an ceathrú ráig dheimhnithe de phlá na ngliomach ó 2015. Bhí tionchar ag na ráigeanna níos luaithe ar Abhainn Bhruiscí/Éirne i gContae an Chabháin, ar Abhainn na Siúire síos an abhainn ó Chluain Meala agus ar Abhainn na Daoile síos an abhainn ó Chaisleán Nua Thiar.
Tá an staid imníoch á fiosrú ag an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (NPWS) de chuid na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltacht, Iascaigh Intíre Éireann (IFI), Foras na Mara, agus Comhairle Contae Thiobraid Árann.
Níor bhuail an marú ach an Gliomach Bán-chrúbach. Níl tionchar ag an marú ar ainmhithe fionnuisce eile. Is gné shainiúil den ghalar é seo nach ndéanann ach speicis gliomach a ionfhabhtú ach a mbíonn bás 100% mar thoradh air.
Níl aon chomhartha ann ag an bpointe seo conas a shroich an galar Abhainn Lorra. Is eol, áfach, gur bhain an ráig ar an tSiúir le cineál difriúil den ghalar ná mar a bhí i ráig an Chabháin. Tá samplaí ó Abhainn Lorra á dtástáil chun a fháil amach cén cineál ba chúis leis an ráig.
Tá imní léirithe ag na gníomhaireachtaí uile atá bainteach le bainistiú agus cosaint na n-aibhneacha in Éirinn go bhfuil ráig eile braite agus tá siad ag athdhearbhú a gcomhairle agus a dtreoir do gach úsáideoir den abhainn chun a dtrealamh a ghlanadh agus a thriomú go rialta a chur i bhfeidhm a luaithe a fhágann siad an abhainn agus sula n-úsáideann siad arís í. Tá sé seo thar a bheith tábhachtach mar is eol gur féidir orgánach plá na ngliomach a iompar ar threalamh fliuch chuig láithreáin nua. Tá sé riachtanach an ráig a shrianadh chun scaipeadh chuig daonraí eile in Éirinn nach bhfuil tionchar orthu go fóill a chosc.
Táthar ag iarraidh ar aon duine a úsáideann an abhainn cloí leis an bprótacal Seiceáil, Glan agus Triomú. Ba chóir gach trealamh fliuch a sheiceáil le haghaidh aon shilt nó láib, ábhar plandaí nó ainmhithe. Ansin ba chóir é a ghlanadh agus a thriomú ar deireadh. Ba chóir díghalrán nó uisce te (os cionn 60⁰C) a úsáid chun gach trealamh a ghlanadh agus ina dhiaidh sin tréimhse triomú 24 uair an chloig. Ba chóir glacadh leis seo mar chleachtas caighdeánach i ngach uisce úr. Tá triomú thar a bheith tábhachtach, lena n-áirítear aon uisce a bhaint as taobh istigh de bhád agus é a dhiúscairt ar féar. Tá tréimhse triomú 24 uair an chloig ar a laghad ag teastáil chun a chinntiú go bhfuil bád saor ó orgánach tógálach.
Iarrtar ar dhaoine freisin na húdaráis a chur ar an eolas faoi aon bhásmhaireacht ollscaipthe gliomach nó faoi radharcanna ar gliomach neamhghnách a d'fhéadfadh a bheith ina speicis neamhdhúchasacha (m.sh. gliomach le crúba dearga, méid mór).
Is speiceas atá faoi bhagairt ar fud an domhain é an Gliomach Bán-chrúbach agus tá ceann de na daonraí is mó atá fós ann in Éirinn. Is é an t-aon speiceas gliomach fionnuisce atá le fáil in Éirinn agus tá sé i láthair i lochanna, in aibhneacha agus i srutháin ar fud cuid mhór den oileán. Ar fud a raon Eorpach, tá an speiceas seo scriosta ag tionchar Phlá na nGliomach a scaip go dtí an Eoraip nuair a tugadh isteach speicis gliomach Mheiriceá Thuaidh. Go dtí 2015, measadh go raibh Éire saor ón ngalar agus is í an t-aon tír Eorpach í gan aon speiceas gliomach neamhdhúchasach seanbhunaithe.
Tá go leor speiceas gliomach Meiriceánach frithsheasmhach in aghaidh Phlá na nGliomach, ach is féidir leo gníomhú mar iompróirí an ghalair atá marfach go gasta nuair a tharchuirtear chuig an nGliomach Crúbach Bán é. Mar gheall ar thionchar comhcheangailte na speiceas gliomach a tugadh isteach (a d'fhéadfadh an gliomach dúchasach níos lú a shárú) agus Phlá na nGliomach, tá an Gliomach Crúbach Bán díothaithe go hiomlán as cuid mhór dá raon Eorpach, rud a fhágann Éire mar an daingean deireanach don speiceas. Tá an speiceas faoi chosaint faoi Dhlí na hÉireann agus faoi Threoir an AE maidir le Gnáthóga. Tá sé mídhleathach aon speiceas neamhdhúchasach gliomach a scaoileadh d'aon ghnó in uiscí úra na hÉireann.
Má éiríonn Plá na nGliomach mar bhunús leis an eachtra seo, tá seans maith ann go ndéanfar an Gliomach Crúbach Bán a dhíothú ó chuid mhór den oileán. Ina theannta sin, má aimsítear gliomaigh neamhdhúchasacha atá bunaithe in Éirinn, d’fhéadfadh tionchar tromchúiseach a bheith aige seo ar ghnáthóga (m.sh. bruacha canálacha agus abhann a dhíchobhsú trí thochailt) agus ar speicis fionnuisce eile, amhail iascaigh bradán agus breac. Mar sin féin, níl aon fhianaise ann go dtí seo gur tugadh gliomaigh fionnuisce neamhdhúchasacha isteach in Éirinn.
CRÍOCH
Teagmhálaithe Meán:
An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus na Gaeltachta
Oifig Preasa agus Faisnéise
Teil: 087 6737338 / (01) 631 3807 / 3838 / 3848 (go díreach)
R-phost: press.office@ahg.gov.ie
Suíomh Gréasáin: www.ahg.gov.ie
Twitter: @DeptAHG
Nótaí d’Eagarthóirí:
Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le Brian Nelson (087 967 9937; brian.nelson@ahg.gov.ie ) nó
Ciarán Ó Caoimh (087 2646416) ciaran.okeeffe@ahg.gov.ie )
Ba chóir d’aon duine a fheiceann aon gliomach marbh nó ag fáil bháis é seo a thuairisciú do Sheirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra, Iascaigh Intíre Éireann, Comhairle Contae Thiobraid Árann nó Colette O’Flynn ag an
Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlachta, Port Láirge (ríomhphost: coflynn@biodiversityireland.ie )
Iarrtar ar bhaill den phobal a bhfuil amhras orthu go bhfaca siad speiceas neamhdhúchasach gliomach pictiúr de a thógáil ag taispeáint bun na gcrúba agus é seo a chur isteach tríd an leathanach gréasáin seo http://invasivespeciesireland.com/alien-watch/ nó go díreach chuig Colette Flynn (ríomhphost:
coflynn@biodiversityireland.ie ) Fón: 051 306248
Tuilleadh eolais:
Gliomach bánchrúbach Austropotamobius pallipes . Faightear é seo ar fud na hÉireann den chuid is mó ach ní go heisiach i gceantair gheolaíochta aolchloiche. Maireann sé i raon an-leathan uisce úr ó shrutháin agus díoga beaga go dtí go leor lochanna beaga, meánmhéide agus móra. Is beathaitheoir ginearálta é an speiceas agus is creach shuntasach é don Othar Uisce.
Is é Aphanomyces astaci, orgánach cosúil le fungas, is cúis le Plá na nGliomach, agus is as Tuaisceart Mheiriceá é.
De bhunadh Meiriceánach ach tá sé le fáil ar fud na hEorpa anois. De ghnáth fásann an Plá Gliomach (Oomycete go teicniúil agus ar a dtugtar múnlaí uisce go minic) ar bhlaosc seachtrach gliomach agus toisc go mbíonn gliomach Mheiriceá Thuaidh díolmhaithe uaidh i gcoitinne, toisc gur féidir leo aon ionfhabhtú a chosc ó theacht chuig a bhfíocháin choirp. Mar sin féin, nuair a ionfhabhtaíonn an múnla uisce gliomach bánchrúbach agus gliomach Eorpach eile, scaipeann sé go tapa agus go marfach isteach sna fíocháin choirp. Bíonn ainmhithe ionfhabhtaithe cráite agus iompraíonn siad go neamhghnách agus féadfaidh siad maireachtáil ar feadh roinnt seachtainí sula bhfaigheann siad bás.
Is trí ghluaiseacht gliomach comhartha nó gliomach Meiriceánach eile is mó a tharchuirtear an galar. Mar sin féin, is féidir spóir a iompar ar earraí a bhí i dteagmháil le huisce éillithe, amhail trealamh iascaireachta, líonta coinneála, bróga agus bróga eile, agus báid de gach sórt.
Gliomach Neamhdhúchasach. Is speiceas ar bith iad seo nach bhfuil dúchasach don tír. Tá go leor speiceas gliomach bogtha laistigh den Eoraip agus isteach san Eoraip ó Mheiriceá Thuaidh agus ón Astráil. Is é an Gliomach Comhartha Meiriceánach Thuaidh Pacifastacus leniusculus an ceann is suntasaí díobh seo, arb é ceann de na príomhiompróirí de Phlá na nGliomach é. Tá an speiceas seo i bhfad níos mó ná an Gliomach Crúbach Bán agus tá dath dearg sainiúil ar thaobh íochtair na gcrúba.
Faisnéis chúlra faoin ngliomach dúchasach agus neamhdhúchasach agus faoi phlá na ngliomach is ea
ar fáil le feiceáil agus le priontáil ó na leathanaigh ghréasáin seo:
https://www.biodiversityireland.ie/wordpress/wp-content/uploads/Signal-Crayfish.pdf
http://www.npws.ie/sites/default/files/publications/pdf/Crayfish_leaflet.pdf
Tá pictiúir de Gliomach Bán-chrúbach agus Gliomach Comhartha ar fáil ó Colette O'Flynn ag
an Lárionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlachta
Tá eolas faoin bprótacal Seiceáil, Glan, Triomaigh ar fáil ó shuíomh gréasáin Rúnaíocht Speiceas Neamhdhúchasach na Breataine Móire http://www.nonnativespecies.org/checkcleandry/