An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta
*Creidiúint íomhá: Maxwell Photography*
Dé Máirt 27 Márta 2018
Cuireann an tAire Josepha Madigan an tionscnamh ‘Seiceáil Glan Triomaigh’ chun cinn mar chuid de Sheachtain na Speiceas Ionrach
Roimh thréimhse laethanta saoire na Cásca, agus mar chuid de Sheachtain na Speiceas Ionrach, leag an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan TD, béim inniu (Dé Máirt 27 Márta) ar an tábhacht a bhaineann le húsáideoirí taitneamhachtaí uisce (amhail slatiascairí, canúitheoirí, agus siúlóirí) a bheith ag leanúint an phrótacail ‘Seiceáil Glan Triomaigh’.

Bhí an tAire ag labhairt roimh ré roimh níochán canúnna ag Droichead na hInse, Baile Átha Cliath, arna óstáil ag an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (NPWS), Canoeing Ireland agus Wild Water Kayak Club, agus le tacaíocht ó Uiscebhealaí Éireann, chun cur i bhfeidhm praiticiúil na mbeart a léiriú.
Is tionscnamh ríthábhachtach bithshlándála é ‘Seiceáil Glan Triomaigh’ a bhfuil sé mar aidhm aige cabhrú le stop a chur le scaipeadh plandaí agus ainmhithe fionnuisce ionracha neamhdhúchasacha, toisc go bhféadfadh úsáideoirí uisce a bheith ag cabhrú i ngan fhios dóibh féin le speicis ionracha a scaipeadh ó uiscebheart amháin go ceann eile i dtrealamh, bróga agus éadaí.
Áitíonn an feachtas ar gheallsealbhóirí:
· Trealamh agus éadaí a sheiceáil le haghaidh orgánach beo;
· Gach trealamh, coisbheart agus éadaí a ghlanadh agus a ní go maith;
· Gach trealamh agus éadaí a thriomú.
Ag labhairt di roimh an imeacht ag Droichead na hInse, dúirt an tAire Madigan:
“Tá ríméad orm go leagann imeacht an lae inniu béim ar an gcomhordú agus ar an gcomhar idir díograiseoirí spóirt uisce agus Ranna agus gníomhaireachtaí Rialtais, ar bunchloch é de bhearta éifeachtacha bithshlándála. Tá sé ríthábhachtach go ndéantar tionscnaimh ar nós ‘Seiceáil Glan Triomaigh’ a leanúint chun a chinntiú go bhfanann na taitneamhachtaí nádúrtha iontacha atá ar fáil ar fud na tíre inrochtana agus inúsáidte dóibh siúd ar mian leo iad a úsáid – ní hamháin le linn laethanta saoire na Cásca atá le teacht, ach do na glúnta atá le teacht chomh maith.
Féadfaidh áiseanna áineasa fulaingt mar thoradh ar speicis ionracha. Féadfaidh daonraí éisc laghdú nó athrú, agus féadfaidh plandaí ionracha srian a chur ar loingseoireacht trí uiscebhealaí, liáin a bhlocáil agus cur go mór le costais bhainistíochta ár n-uiscebhealaí.
Leagann sé seo béim ar an bhfíric go bhféadfadh na costais airgeadais a bhaineann le speicis ionracha rith isteach sna milliúin Euro, chomh maith leis an gcostas do-athsholáthair ar an bhfiadhúlra.”
Ag an imeacht, leag Canoeing Ireland béim ar an obair múscailte feasachta a dhéanann a n-eagraíocht:
“Glacann Canoeing Ireland a fhreagracht i leith feasachta ar bhithshlándáil an-dáiríre. I gcóir Sheachtain na Speiceas Ionrach bhíomar i dteagmháil réamhghníomhach lenár mballraíocht ag spreagadh airdeall leanúnach agus úsáid ár bprótacal Seiceáil Glan Triomaigh. Ba mhaith le Canoeing Ireland an deis seo a thapú chun buíochas a ghabháil lena bhallraíocht agus leis an bpobal rámhaspóirt níos leithne as sárshampla a thabhairt maidir le húsáid fhreagrach as uiscebhealaí na hÉireann.”
D'iarr Uiscebhealaí Éireann ar na daoine sin a úsáideann bealaí gorma agus a bhíonn ag gabháil do ghníomhaíocht áineasa uiscebhunaithe ar fud na tíre a chinntiú go n-úsáideann siad an prótacal ‘Seiceáil, Glan, Triomaigh’:
“Is bagairt shuntasach iad speicis ionracha ar thurasóireacht agus ar áineas uiscebhunaithe ar na huiscebhealaí intíre. Is sócmhainní comhshaoil agus áineasa ríthábhachtacha iad na huiscebhealaí seo a bhfuil luach suntasach bithéagsúlachta ag baint leo. Cuireann speicis choimhthíocha ionracha na timpeallachtaí & na spásanna áineasa ríthábhachtacha seo i mbaol mór agus téann siad i bhfeidhm ar fhorbairt shocheacnamaíoch phobail cois uisce. Chun cuidiú leis an troid i gcoinne speiceas ionrach, leanfaidh Uiscebhealaí Éireann ag obair go dlúth le grúpaí idirghníomhaireachta, comhlachtaí áineasa agus pobail áitiúla chun dul i ngleic lena scaipeadh agus chun prótacail bhithshlándála a chur i bhfeidhm.”
CRÍOCH
Teagmhálacha Meán:
An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta
An Oifig Preasa agus Faisnéise
Teil: 087 6737338 / (01) 631 3803 / 3807 / 3838 / 3848 / 3909 (díreach)
Ríomhphost: press.office@chg.gov.ie
Suíomh gréasáin: www.chg.gov.ie
Twitter: @DeptAHG
Nótaí d'eagarthóirí
Speicis ionracha
Is speicis iad speicis ionracha a tugadh isteach (d'aon ghnó nó de thimpiste) ag daoine agus a bhfuil drochthionchar acu ar gheilleagar, ar fhiadhúlra nó ar ghnáthóga oileán na hÉireann. Is iad ár ngníomhaíochtaí príomhchúis le teacht na speiceas ionrach. Scaoiltear go leor speiceas d'aon ghnó, cosúil le speicis éisc le haghaidh slatiascaireachta. Tá cinn eile tar éis éalú ónár ngairdíní agus ónár bhfeirmeacha ar nós an mhinc Mheiriceánaigh agus an bhiabhóige fathachúla. Tagann cuid acu mar thaiscéalaithe agus mar shealbhóirí rúnda le hearraí allmhairithe nó le speicis eile ar nós leithphéist na Nua-Shéalainne.
Mhéadaigh líon na speiceas coimhthíoch ionrach a bhfuil tionchar ard acu agus a tugadh isteach in Éirinn 183% ó 1961 go 2010. Léirigh taighde a rinneadh in 2013 gurb é an costas measta bliantúil comhcheangailte a bhaineann le speicis ionracha ar gheilleagair Phoblacht na hÉireann agus Thuaisceart Éireann ná £207,553,528 (€261,517,445), le meastachán ar chostas comhcheangailte na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann de £2 bhilliún (€2.5 billiún).[1]
Ón 17ú haois chuir speicis ionracha le beagnach 40% de dhíothú gach ainmhí a bhfuil a chúis ar eolas. Is féidir le speicis ionracha struchtúr agus comhdhéanamh speiceas na n-éiceachóras a athrú ó bhonn trí speicis dhúchasacha a chur faoi chois nó a eisiamh. Toisc gur minic a bhíonn speicis ionracha ar cheann de shraith iomlán fachtóirí a théann i bhfeidhm ar láithreáin nó ar éiceachórais ar leith, ní bhíonn sé éasca i gcónaí an cion den tionchar is féidir a chur ina leith a chinneadh.
Tá faisnéis faoi bhainistiú speiceas ionrach ar fáil ar shuíomh gréasáin Invasive Species Ireland, mar aon le hábhair le húsáid.
Seachtain na Speiceas Ionrach
Sheol Rúnaíocht Speiceas Neamhdhúchasach Thuaisceart Éireann (NNSS) Seachtain na Speiceas Ionrach in 2015 i gcomhar le Roinn Comhshaoil, Bia agus Gnóthaí Tuaithe na Ríochta Aontaithe (DEFRA). Is é cuspóir na seachtaine feasacht a mhúscailt faoi speicis ionracha neamhdhúchasacha, baill den phobal a spreagadh chun páirt a ghlacadh agus a bheith gníomhach, agus cuidiú le stop a chur le scaipeadh speiceas den sórt sin. Is é seo an chéad bhliain a bhfuil an t-imeacht á scáthú in Éirinn, agus a sheoladh ar siúl ag cruinniú Aireachta Comhshaoil na Comhairle Briotanaí-Éireannaí (BIC) i mBaile Átha Cliath Dé hAoine 23 Márta.
Nuair a thugtar isteach iad, is féidir le rialú, bainistiú agus díothú speiceas ionrach i gcás inar féidir a bheith an-deacair agus costasach; dá bhrí sin tá luathbhrath agus bearta freagrúla inmhianaithe. I gcomhthéacs na Comhairle Briotanaí-Éireannaí, oibríonn Éire i gcomhar le riaracháin bhallstáit eile, lena n-áirítear ar leibhéal an AE, chun cuidiú le cur chuige ceangailte agus cuimsitheach i leith speiceas ionrach ar fud ár n-oileán a chomhordú.
Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil ag na haischlibeanna #InvasiveWeek agus #CheckCleanDryIRL.