Tá imní ann go bhfuil líon na bhfeithidí pailnithe amhail beacha fiáine agus cuileoga ag laghdú, ach tá i bhfad níos mó sonraí de dhíth orainn le go mbeimid in ann athruithe ar líon a rianú. Is féidir leat cabhrú trí Chomhaireamh Amaithe Bláthanna agus Feithidí (FIT Count) a dhéanamh, atá deartha chun sonraí nua a bhailiú faoi líon na bhfeithidí a thugann cuairt ar bhláthanna.
Tá ríméad orainn aip nua FIT Count a sheoladh chun é a dhéanamh níos éasca do thaifeadóirí comhaireamh a dhéanamh agus na torthaí a uasluchtú chugainn. Gabhaimid ár mbuíochas leis an UK Pollinator Monitoring Scheme agus le tionscadal SPRING an AE a d'fhorbair leagan den aip le húsáid in Éirinn.
Tá súil againn gur féidir leat cabhrú tríd an aip a íoslódáil agus roinnt Comhairimh FIT a dhéanamh in 2022. Seachas sonraí an-luachmhara a bhailiú ar fheithidí a thugann cuairt ar bhláthanna, is bealach iontach é chun 10 nóiméad a chaitheamh ag nascadh leis an dúlra!