Tá an-áthas ar an tIonad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta a chéad Plean Straitéiseach do 2024 – 2028 a sheoladh.
Leagann an plean uaillmhianach seo amach príomhchuspóirí an Ionaid Sonraí thar na cúig bliana amach romhainn, agus é mar aidhm aige Éire a chruthú ina dtuigtear, ina léirítear meas ar, agus ina luacháiltear an bhithéagsúlacht, agus ina mbíonn cinntí a mbíonn tionchar acu ar an mbithéagsúlacht bunaithe ar fhianaise agus ar eolas.
Tá Éire i lár éigeandála bithéagsúlachta. Léiríonn an fhianaise go bhfuil castacht ár n-éiceachóras ag laghdú, agus go bhfuil go leor speiceas a fhaightear inár dtír i mbaol nó faoi bhagairt díothaithe. As an 3,466 speiceas a measúnaíodh faoin bpróiseas measúnaithe caomhnaithe ar an Liosta Dearg, meastar go bhfuil beagnach 24% faoi bhagairt díothaithe. Is é seo an comhthéacs cúlra d'obair an Ionaid Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta.