Inniu, tá ríméad orainn Plean Pailneoirí Uile-Éireann nua do 2021-2025 a sheoladh. Is é seo an dara céim den tionscadal an-rathúil seo, treoirphlean nua cúig bliana a bhfuil sé mar aidhm aige cabhrú le beacha, le feithidí pailnithe eile agus lenár mbithéagsúlacht níos leithne. Tá ár bplean nua níos uaillmhianaí fós ná an ceann deireanach – le níos mó comhpháirtithe ag teacht le chéile chun níos mó gníomhartha fós a sheachadadh an babhta seo. Tá Plean Pailneoirí Uile-Éireann deonach. D'fhorbair grúpa stiúrtha 16 bhall é a sholáthraíonn maoirseacht, agus déanann an tIonad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta an cur i bhfeidhm a chomhordú.
Ag treorú na slí
Agus an chéad Phlean Pailneoirí Uile-Éireann á fhoilsiú i mí Mheán Fómhair 2015, ba cheann de na chéad tíortha san Eoraip í Éire a thug aghaidh ar mheath na bpailneoirí. Tá bagairt díothaithe ar thrian dár 98 speiceas beach fiáin ar oileán na hÉireann. Tá sé mar aidhm ag Plean Pailneoirí Uile-Éireann an meath seo a aisiompú d'fhonn inbhuanaitheacht ár mbia a chinntiú; tionchair eacnamaíocha bhreise ar an talmhaíocht a sheachaint; agus sláinte an chomhshaoil a chosaint.
Tá meath ag teacht ar bheacha fiáine agus ar fheithidí eile toisc gur laghdaigh muid go mór na limistéir inar féidir leo neadú agus an méid bia a chuireann ár dtírdhreach ar fáil dóibh. Ó 2015 i leith, dhírigh an Plean Pailneoirí ar a chinntiú go dtuigeann gach duine cad atá de dhíth ar phailneoirí; agus cad iad na gníomhartha simplí, bunaithe ar fhianaise, ar féidir le haon duine a dhéanamh chun cabhrú le bia, foscadh agus sábháilteacht a chur ar fáil dóibh. Forbraíodh acmhainní atá ar fáil saor in aisce do gach earnáil – ó fheirmeoirí go comhairlí, údaráis iompair, pobail, gnólachtaí, scoileanna, clubanna spóirt agus gairdíní.
Tá Plean Pailneoirí Uile-Éireann deonach, ach cuireann sé creat tábhachtach ar fáil chun tionscnaimh a threorú ar fud an oileáin. Is comhphlean gníomhaíochta é. Trí oibriú le chéile, ba mhaith linn tírdhreach a chruthú inar féidir le beacha agus feithidí eile maireachtáil agus leanúint ar aghaidh ag soláthar a seirbhísí ríthábhachtacha éiceachórais dúinn féin agus do na glúnta atá le teacht.
Chuir rath na chéad chéime iontas ar gach duine. Trasna gach earnála, chuaigh eagraíochtaí, grúpaí agus daoine aonair i ngleic leis an bPlean agus ghlac siad bearta chun cabhrú leis. Tá síolta an athraithe i ngach áit, agus paistí de ghnáthóga atá neamhdhíobhálach do phailneoirí á n-athbhunú i mbeagnach gach cearn den oileán. Tá níos mó fálta sceach dúchasacha faoi bhláth ann, ag soláthar líonra de chonairí fiadhúlra. Ghlac go leor daoine leis an gcur chuige ‘ná bearr, lig dó fás’ agus tá móinéir atá saibhir ó thaobh speiceas de ag teacht chun cinn arís i bpáirceanna, ar chiumhaiseanna bóthair, agus faichí a bhíodh gearrtha go docht á n-ionadú ag faichí fiadhúlra, breactha le seamair agus le caisleáin chearbhaill. Ghlac bailte agus sráidbhailte le réimis phlandála atá saibhir i bpailin agus i neachtar. Tá úlloird phobail ann, agus stáisiúin iarnróid, campais, scoileanna agus gairdíní atá neamhdhíobhálach do phailneoirí. De réir Juanita Browne, Oifigeach Tionscadail: “Bhí an díograis i measc grúpaí pobail chun cabhrú lenár mbithéagsúlacht thar a bheith spreagúil, agus ba phríomhchúis athraithe í ar fud an oileáin. Tá dearcadh daoine ag athrú. Táimid ag tosú ar a fheiceáil nach bhfuil i laghdú na limistéar a ghearrtar nó i roghnú plandála atá neamhdhíobhálach do phailneoirí ach comhréitigh bheaga a thugann torthaí ollmhóra i dtéarmaí bithéagsúlachta i bpáirceanna agus i ngairdíní.”
A lán déanta, tuilleadh le déanamh
Ag deireadh chéim 1, tá na 81 gníomh go léir a bhí sa chéad Phlean curtha i gcrích. Tá bail níos fearr ar phailneoirí ná mar a bhí cúig bliana ó shin, ach tá deacrachtaí acu fós agus ní mór dúinn níos mó a dhéanamh. Tá níos mó ná dúbailt déanta ar ár spriocanna sa phlean nua – le 186 gníomh chun cabhrú leis an mbithéagsúlacht.
Sa chéad chéim eile, ba mhaith linn athbhunú níos mó talún a spreagadh do phailneoirí agus do bhithéagsúlacht eile. Déanfaimid:
- Bithéagsúlacht talamh feirme a cheiliúradh agus feasacht a fheabhsú maidir le conas is féidir le feirmeoirí cabhrú
- Níos mó comhairlí a spreagadh chun a gcuid talún a bhainistiú ar bhealach a chomhtháthaíonn daoine agus bithéagsúlacht níos fearr.
- Earnálacha nua a spreagadh chun páirt a ghlacadh, mar shampla ospidéil agus tithe altranais.
- Díriú níos mó ar chabhrú le speicis neamhchoitianta atá i mbaol a n-imeachta, amhail an Bumbóg Mhór Bhuí.
- Na líonraí daoine atá ag cabhrú thar gach earnáil a fhás agus a thacú.
- Níos mó daoine a spreagadh chun a ngairdín a ghealladh do phailneoirí, ag cruthú láithreacha stad do bheacha ocracha trasna ár dtírdhreacha.
Sa chéad chéim eile, ba mhaith linn teagmháil níos leithne a dhéanamh le lucht féachana nua freisin. Déanfaimid:
- Iarracht a dhéanamh míniú níos fearr a thabhairt ar an gcaoi a dtugann cuidiú le pailneoirí buntáistí i bhfad níos leithne, go háirithe dár sláinte agus dár bhfolláine féin.
- Seasamh na hÉireann mar cheannaire domhanda a dhaingniú, trí 'Chonair Phailneoirí' a bhunú a aithníonn agus a cheiliúrann samplaí den scoth de ghnáthóga pailneoirí athbhunaithe ar fud an oileáin.
- Tacú le beachairí maidir le beacha meala sláintiúla a choinneáil; ach freisin, a chur i bhfios níos fearr gurb iad ár mbeacha fiáine atá i gcruachás, agus gur gá dúinn an meath sin a stopadh agus córas cothrom a chruthú le réimse cineálacha pailneoirí.
- A chinntiú go bhfanann an Plean dinimiciúil agus éifeachtach, trí thosaíochtaí nua taighde a shainaithint ionas gur féidir lenár n-ollscoileanna leanúint ar aghaidh ag fás an bhoinn fianaise chun an tacaíocht is fearr a thabhairt don tionscnamh.
Tá a fhios againn nach n-éireoidh leis an bPlean sa deireadh ach amháin má éiríonn linn stop a chur leis an meath ar bheacha fiáine, beacha gabhair agus feithidí eile; agus más rud é, i gceann 10, 20, nó na céadta bliain as seo amach, go mbeidh an t-oileán seo ag portaireacht le daonraí pailneoirí sláintiúla agus cobhsaí, ag soláthar na seirbhísí a bhfuilimid chomh spleách sin orthu. Go tábhachtach, éilíonn an Plean nua scéim mhonatóireachta fhadtéarmach a chuirfidh ar ár gcumas na hathruithe sin inár bhfeithidí fiáine a rianú i gceart.
An gá le hathrú buan
“Ní theastaíonn uainn gur tionscnamh gearrthéarmach ‘faiseanta’ a bheidh anseo. Baineann sé le bealach níos fearr chun ár dtírdhreach iomlán a bhainistiú a thabhairt isteach mar ghnáthchleachtas chun tacú go buan lenár mbithéagsúlacht atá ag streachailt,” a dúirt an Dr Úna FitzPatrick, Éiceolaí Sinsearach san Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta, a chathaoirlíonn grúpa stiúrtha an Phlean agus a dhéanann maoirseacht ar a chur i bhfeidhm. “Tá a fhios againn, le go leanfaidh an Plean de bheith rathúil, go gcaithfear é a thógáil ar mhuinín as na saineolaithe atá ag reáchtáil an chláir; ar aitheantas do na hiarrachtaí go léir atá á ndéanamh; agus ar léiriú soiléir go bhfuil difríocht á déanamh ag na gníomhartha atá á ndéanamh againn le chéile agus go bhfuil tionchar dearfach acu.”
Dúirt an tOllamh Jane Stout, Ollamh le Luibheolaíocht i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, a chomhcathaoirlíonn an grúpa: “Tá athbhunú na bithéagsúlachta thar thírdhreacha feirmeoireachta, nádúrtha agus uirbeacha ríthábhachtach do shlíte beatha inbhuanaithe agus do leas an chine daonna. Is féidir le gníomhartha chun pailneoirí a chosaint thar na tírdhreacha seo go léir, mar atá leagtha amach sa Phlean, cabhrú le heilimintí eile den bhithéagsúlacht a athbhunú, agus ilbhuntáistí a thabhairt don dúlra agus do dhaoine. Mar shampla, tá pailneoirí tábhachtach chun daonraí plandaí a chothaíonn agus a cheapann carbón a chothabháil, agus a chosnaíonn ar thuilte, agus cabhraíonn roinnt pailneoirí le daonraí lotnaidí a rialú agus dramhaíl a athchúrsáil. Agus sa deireadh thiar, cabhraíonn pailneoirí lena chinntiú go bhfuil córais nádúrtha shláintiúla ag muintir na hÉireann le taitneamh a bhaint astu, ag cur lenár sláinte mheabhrach agus fhisiciúil.”
Plean bunaithe ar Chomhpháirtíochtaí
Roinntear an fhreagracht as seachadadh na 186 gníomh atá sa Phlean nua seo idir 64 eagraíocht chomhpháirtíochta, lena n-áirítear an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Roinn Talmhaíochta, Comhshaoil agus Gnóthaí Tuaithe, an Chomhairle Oidhreachta, an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra, Bord Bia, Gníomhaireacht Chomhshaoil Thuaisceart Éireann, Oifig na nOibreacha Poiblí, CLG, Scoileanna Glasa An Taisce, Cónaidhm Chumann Beachairí na hÉireann, Bonneagar Iompair Éireann, an Iontaobhas Náisiúnta, RSPB, Teagasc, Bailte Slachtmhara, Translink, Aontas Feirmeoirí Uladh. Níl buiséad tionscadail ag an bPlean. Ina ionad sin, aontaíonn na heagraíochtaí sin atá tiomanta do ghníomhú a gcuid gníomhartha féin a mhaoiniú.
Don dara céim, leanfaidh an tIonad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta de mhaoirseacht agus bainistíocht a chur ar fáil ar an gcur i bhfeidhm. Is clár de chuid na Comhairle Oidhreachta é an tIonad. Tá an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra tiomanta d'oifigeach tionscadail lánaimseartha a mhaoiniú chun tacú leis an bPlean. Tá Juanita Browne sa ról seo ó 2017, agus bhí a cuid oibre ar chur chun cinn agus rannpháirtíocht ríthábhachtach do rath an Phlean go dtí seo. Don chéad chéim eile, tá an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara tiomanta freisin do dhara hoifigeach tionscadail lánaimseartha a mhaoiniú chun tacú le cur i bhfeidhm ghníomhartha na talún feirme. D'aontaigh Bord Bia maoiniú a sholáthar chun tacú leis an líonra méadaitheach de lucht tacaíochta gnó agus a chinntiú go bhfuil na gníomhartha a dhéanann siad fianaisebhunaithe agus éifeachtach.
An Dr Úna FitzPatrick: “Léiríonn an méid sin eagraíochtaí a bheith ag clárú go deonach leis an bPlean nua seo a thábhachtaí atá sé, agus go bhfuil an toil ann chun go n-éireoidh leis. Agus muid ag tnúth leis an gcéad chúig bliana eile, gabhaimid buíochas le gach duine a ghlac páirt cheana féin. Léirigh sé gur féidir linn athruithe chun feabhais a dhéanamh trí oibriú le chéile”.
Ról an Ionaid Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta
Dúirt an Dr Liam Lysaght, Stiúrthóir an Ionaid Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta, “Ceann de na gnéithe de Phlean Pailneoirí Uile-Éireann a dhéanann idirdhealú idir é agus tionscnaimh eile ná go bhfuil a chur i bhfeidhm bunaithe ar chórais bainistíochta faisnéise den scoth atá forbartha ag Compass Informatics. Chuir soláthar croí-mhaoinithe don Ionad Sonraí ón gComhairle Oidhreachta agus ón NPWS ar chumas fhoireann an Ionaid tosaíocht a thabhairt don Phlean Pailneoirí mar phríomhréimse oibre an Ionaid Sonraí. Is féidir cuid mhór de rath an Phlean Pailneoirí a chur i leith an struchtúir bhainistíochta sholúbtha agus dhinimiciúil atá á oibriú ag an Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta. Tá an-áthas orainn go n-aithníonn an tAire luach an struchtúir seo chun seachadadh an Phlean Pailneoirí nua a éascú agus cuirimid fáilte roimh a chinneadh leanúint ar aghaidh ag tacú leis an gcur chuige seo.”
