Tá an-áthas ar an Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta doiciméad treorach nua a sheoladh do ghrúpaí pobail ar mian leo Plean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta Pobail a chur le chéile dá gceantar áitiúil. Tá grúpaí pobail ar fud na tíre ag ullmhú Pleananna Gníomhaíochta Bithéagsúlachta Pobail chun a ngníomhartha bithéagsúlachta a threorú thar thréimhse 3-5 bliana. Tá beagnach 300 plean gníomhaíochta foilsithe anois ar an tairseach thiomnaithe, actionforbiodiversity.ie.
Is é aidhm an fhoilseacháin nua seo treoir a thabhairt do ghrúpaí pobail atá nua ag obair sa réimse seo trí chur chuige simplí 7 gcéim a thairiscint chun plean a réiteach. Áirítear ar na céimeanna foireann a bhunú go dtí oibriú le héiceolaí agus gníomhartha cuí a roghnú. Cuimsíonn an leabhrán réamhrá ar an mbithéagsúlacht, an fáth a bhfuil sí tábhachtach, agus cén fáth a dtéann ullmhú plean gníomhaíochta chun tairbhe do phobail.
Ar deireadh, folaíonn na hiarscríbhinní forbhreathnú ar an gcineál gníomhartha bithéagsúlachta ar féidir le grúpa a roghnú astu, cibé an bhfuil siad ag iarraidh díriú ar phailneoirí, sciatháin leathair nó éin. Tá liosta úsáideach ann freisin de shruthanna maoinithe a d'fhéadfadh a bheith ar fáil do ghrúpaí pobail. Ba í Juanita Browne a scríobh an leabhrán, le cúnamh ó Úna FitzPatrick.
Tá an foilseachán 36 leathanach seo ar fáil le híoslódáil ón tairseach náisiúnta do phleananna gníomhaíochta bithéagsúlachta: www.actionforbiodiversity.ie agus www.biodiversityireland.ie.