Tá an-áthas ar an Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta dhá acmhainn nua saor in aisce a eisiúint a fhiosraíonn tábhacht na bhfálta dúchasacha, agus conas iad a chur chun cabhrú leis an mbithéagsúlacht.
Ba mhaith linn buíochas a ghabháil le tionscadal na Comhpháirtíochta Nuálaíochta Eorpaí (EIP) as na hacmhainní seo a mhaoiniú. Tionscadal EIP a bhí i 'Cosaint Pailneoirí Feirme' a maoiníodh faoin Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (DAFM) faoin gClár Forbartha Tuaithe 2014-2020.