
Ar an 11 Feabhra 2021, sheol an tAire Stáit Oidhreachta agus Athchóirithe Toghcháin Malcolm Noonan foilseachán nua chun clabhsúr na chéad chéime de Phlean Pailneoirí Uile-Éireann 2015-2020 a mharcáil. Tarraingíonn ‘Ag Obair Le Chéile ar son na Bithéagsúlachta: Scéalta ó Phlean Pailneoirí Uile-Éireann 2015-2020’ aird ar ghníomhaíocht dhearfach ar son an dúlra ar fud an oileáin agus léiríonn sé an difríocht mhór is féidir le gníomhartha beaga a dhéanamh. Tugann an leabhrán cnuasach cás-staidéar le chéile chun an scéal a insint faoin gcaoi ar chuir pobail, feirmeoirí, scoileanna, gnólachtaí, údaráis áitiúla agus go leor eile le caomhnú phailneoirí na hÉireann.
Ag fáiltiú roimh an bhfoilseachán dó, dúirt an tAire Malcolm Noonan: ‘Tá bród orm an foilseachán spreagúil seo a sheoladh. Is tionscnamh dochreidte é Plean Pailneoirí Uile-Éireann a spreag daoine ar fud na hÉireann chun beart a dhéanamh go háitiúil ar son beacha agus pailneoirí eile agus tionchar náisiúnta a imirt ar an dúlra. Spreag sé uaillmhian idirnáisiúnta freisin, agus é ina thagarmharc maidir leis an mbealach a dtéann tíortha eile i ngleic le saincheist thábhachtach mheath na bpailneoirí. Bhí baint agam le roinnt gníomhaíochtaí de chuid an Phlean Pailneoirí i mo dháilcheantar féin i gCeatharlach-Cill Chainnigh, mar sin tá lúcháir ar leith orm an cnuasach scéalta seo a roinnt, rud a thabharfaidh misneach do níos mó daoine, tá súil agam, páirt a ghlacadh i gcaomhnú na bithéagsúlachta.”
Bhain Plean Pailneoirí Uile-Éireann 2015-2020 tionchar suntasach amach:
- Le cúig bliana anuas, cuireadh i gcrích gach ceann den 81 gníomh a aithníodh sa Phlean
- Ar fud gach earnála, leanann an líon daoine aonair agus eagraíochtaí atá rannpháirteach ag méadú
- Tá 55% de na Comhairlí go léir ar fud an oileáin tar éis teacht chun bheith ina gcomhpháirtithe
- Ghlac na céadta pobal áitiúil leis an tionscnamh
- Tháinig 280 gnólacht ar bord agus d'aontaigh siad beart a dhéanamh
- Tá creat trína bhféadfaidh gach feirm éirí níos cairdiúla do phailneoirí á fhorbairt go comhoibríoch faoi láthair
Tar éis dianmhachnaimh, roghnaíodh 80 tionscadal le cur san áireamh chun roinnt de na bealaí ar chuidigh daoine le pailneoirí ó 2015 i leith a léiriú. Tá na céadta tionscadal scéalta caomhnaithe iontacha eile a d’fhéadfaí a bheith san áireamh. Dúirt Cathaoirleach Phlean Pailneoirí Uile-Éireann, an Dr Una Fitzpatrick, Éiceolaí Sinsearach ag an Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta: “Léirigh Plean Pailneoirí Uile-Éireann – ar fud gach earnála agus i ngach cearn den oileán seo – go bhfuil suim ag daoine sa dúlra, agus gur féidir linn teacht le chéile chun athruithe a dhéanamh chun feabhais. Ba mhaith linn ár mbuíochas ó chroí a ghabháil leis na mílte duine, grúpa agus eagraíocht a sheas taobh thiar de Phlean Pailneoirí Uile-Éireann le fuinneamh agus díograis den sórt sin. Is ceiliúradh é foilsiú ‘Ag Obair Le Chéile ar son na Bithéagsúlachta: Scéalta ó Phlean Pailneoirí Uile-Éireann 2015-2020’ ar a gcuid iarrachtaí go léir.”
Tá moladh idirnáisiúnta bainte amach ag an bPlean Pailneoirí freisin. D'iarr níos mó ná 10 dtír, laistigh agus lasmuigh den Eoraip, comhairle agus suim acu foghlaim ón tionscnamh agus a leithéid a fhorbairt. Chuir sé eolas ar fáil d’fhorbairt straitéisí pailneoirí a foilsíodh in Albain (2017), san Iorua (2018) agus san Ísiltír (2018). Moladh Plean Pailneoirí Uile-Éireann mar theimpléad d'fhorbairt straitéisí náisiúnta pailneoirí ag Ballstáit an AE.
Tá plean níos uaillmhianaí fós do 2021-2025 á thabhairt chun críche faoi láthair agus táthar ag súil go seolfar é sna míonna amach romhainn. Ag féachaint chun cinn, dúirt Leas-Chathaoirleach Phlean Pailneoirí Uile-Éireann, an tOllamh Jane Stout, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath: “Agus muid ag tnúth leis an gcéad chúig bliana eile, ní mór dúinn leanúint ar aghaidh ag dul i ngleic le gach earnáil, monatóireacht a dhéanamh ar ár bpailneoirí, agus tuilleadh talún a bhainistiú ar son na bithéagsúlachta. I ndeireadh na dála, ní bheidh rath ar an bPlean ach amháin má bhíonn an t-oileán seo ag crónán le beacha 10, 20 nó na céadta bliain as seo amach agus go mbeidh daonraí pailneoirí fiáine éagsúla, sláintiúla againn, a chuirfidh na seirbhísí ar fáil dúinn a bhfuilimid chomh spleách sin orthu. Má bhainimid é seo amach, cruthóimid timpeallacht dhaite agus shláintiúil dúinn féin freisin.”
Chun tuilleadh eolais a fháil, féach www.pollinators.ie
ÍOSLÓDÁIL Ag Obair Le Chéile ar son na Bithéagsúlachta 2015 - 2020
