Chun tús maith a chur leis an Athbhliain, tá an tIonad Sonraí ag tabhairt cuireadh do gach duine páirt a ghlacadh sa Dúshlán Taifeadta na hAthbhliana 2018Táimid ag iarraidh ar thaifeadóirí dul amach faoin aer agus an fiadhúlra a fheiceann siad a dhoiciméadú agus na radharcanna a chur isteach chuig an Ionad Sonraí. Is é cuspóir an dúshláin seo a fheiceáil cén contae ina bhfuil na taifeadóirí is gníomhaí le linn na tréimhse. Déanfar líon na dtaifead a gheofar ó gach contae a mheá de réir limistéar an chontae, mar sin beidh gach contae ag dul san iomaíocht ar chomhchéim. Tugann sé seo deis do na taifeadóirí atá ina gcónaí sna contaetha níos lú, amhail Lú agus Ceatharlach, a gcumas a thaispeáint. Mairfidh an dúshlán ar feadh dhá sheachtain ón 1ú go dtí an 14ú Eanáir, agus gheobhaidh na taifeadóirí ón gcontae buacach bronntanas pléisiúir mhóir ó bhithéagsúlacht na hÉireann agus neart aer úr. Athbhliain faoi mhaise daoibh go léir!