Áirítear ar fheithidí cuid de na speicis is eolaí agus is fearr atá taifeadta againn. Beidh aithne ag go leor daoine ar fhéileacán na Péacóige (Inachis io) nó ar an mbóín Dé seacht spota (Coccinella septempunctata), feithidí dána, feiceálacha a thaifeadtar ina gcéadta ar fud na hÉireann gach bliain. Ach as an 11,000 speiceas éagsúil feithidí a bhfuil eolas orthu in Éirinn, tá go leor acu beag, do-fheicthe nó deacair a aithint, rud a fhágann spás go minic d'aimsithe neamhghnácha. Le haeráid atá ag téamh agus tírdhreach atá ag síorathrú, tá feithidí nua ó áiteanna eile ar fud an domhain ag teacht go hÉirinn freisin agus tá go leor acu seo ag tosú ag bunú coilíneachtaí.
Le cúpla bliain anuas, aimsíodh breis agus 30 speiceas feithidí in Éirinn den chéad uair. Creidtear go raibh cuid acu seo anseo le fada an lá, ach nach dtugadh faoi deara iad san am a chuaigh thart. Níor tháinig cuid eile acu ach le déanaí ach tá siad seanbhunaithe cheana féin agus ag tosú ag scaipeadh.
Rinne ár líonra iontach Eolaíochta Saoránaí go leor de na fionnachtana nua seo agus is teist iontach é ar bhur n-eolas agus ar bhur ndíograis go bhfuil an oiread sin fionnachtana nua déanta againn! Seo léargas gairid ar chuid de na speicis iontacha seo:
-
- Colletes hederae (Jim Kenny)
Beach Eidhneáin (Colletes hederae) – Jim Kenny, Co. Loch Garman
Thug an taifeadóir Jim Kenny faoi deara ar dtús bailiúchán mór de phoill neadaithe sa ghaineamh agus roinnt mílte beach le linn cuairte ar Chúlchiste Dúlra an Ráithín, Co. Loch Garman i mí Dheireadh Fómhair 2021. D'aithin ár n-einteameolaí Owen Beckett na beacha seo mar an mBeach Eidhneáin, nár aimsíodh in Éirinn go fóill roimhe sin. Bhí an bheach seo ag leathadh ar fud na hEorpa agus bhíothas ag súil go mbainfeadh sí Éire amach sa deireadh. Tá sí cosúil ó thaobh méide leis an mBeach Meala, ach tá stríoca oráiste dána ar a bolg agus fionnadh níos dlúithe atá daite le horáiste.
Cónaíonn sí ina haonar i bpoill sa talamh agus is gnách léi cuairt a thabhairt ar bhláthanna eidhneáin le linn mhí Mheán Fómhair agus mhí Dheireadh Fómhair. Ó aimsíodh í ar dtús, tá an Bheach Eidhneáin aimsithe níos forleithne, chomh fada siar le Tigh Moling, Co. Cheatharlach agus chomh fada ó thuaidh leis an tInbhear Mór, Co. Chill Mhantáin. Is dócha go leanfaidh sí ag scaipeadh ar fud na hÉireann agus is fiú a bheith ag faire amach di ar bhláthanna eidhneáin i rith an fhómhair.
Tá suim againn leathnú na Beiche Eidhneáin in Éirinn a rianú, mar sin má cheapann tú go bhfaca tú ceann, cuir isteach do thaifead le grianghraf anseo le do thoil: https://records.biodiversityireland.ie/record/solitary-bees
-
- Hippodamia variegata (Marcus Maher)
Bóín Dé Adónais (Hippodamia variegata) – Co. Bhaile Átha Cliath
Ba i mí an Mheithimh 2020 a chonacthas Bóín Dé Adónais den chéad uair in Éirinn, nuair a glacadh grianghraf de cheann i ngairdín i nGlas Naíon. Bhí breathnuithe breise i Stigh Lorgan i mí Iúil 2022 ag an taifeadóir an tSiúr Fionnuala O’Connor, agus i gCill Mhaighneann i mí Lúnasa 2023 ag an taifeadóir Marcus Maher. Tá sí cosúil ó thaobh cuma lenár mbóín Dé seacht spota choitianta, ach tá sí níos lú ó thaobh méide agus tá cruth a coirp níos leacaithe agus níos fadaithe. Tá na spotaí dubha socraithe i leagan amach beagán difriúil freisin.
Bíonn an bhóín Dé seo sách coitianta i ngnáthóga tirime, bláthacha i ndeisceart agus i lár na Breataine agus tá sí ag leathnú ansin le cúpla bliain anuas. Is féidir go raibh sí in ann eitilt trasna Mhuir Éireann go Baile Átha Cliath, nó b'fhéidir gur tháinig sí anall ar phlandaí allmhairithe. Dealraíonn sé anois go bhfuil sí bunaithe i mBaile Átha Cliath agus is dócha go leathfaidh sí thar na blianta amach romhainn.
Tá an tIonad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta ag bailiú taifead faoi láthair don Atlas Bóíní Dé 2025 atá le teacht. Má chonaic tú Bóín Dé Adónais nó aon cheann dár speicis eile bóíní Dé, cuir do thaifid isteach le grianghraf anseo le do thoil: https://records.biodiversityireland.ie/record/ladybirds
-
- Cassida vittata (Brian Power)
Ciaróg Thoirteise Chiumhsaithe (Cassida vittata) – Brian Power agus Jessica Hamilton, Co. Chiarraí
D'aimsigh na héiceolaithe Brian Power agus Jessica Hamilton an chiaróg bheag ach shuntasach seo den chéad uair i mí Lúnasa 2023 ag an gCarraig Dhubh, Co. Chiarraí. Faigheann sí a hainm ón gcruth cruinn, leacaithe atá ar a corp agus óna gluaiseachtaí sách mall. Bíonn dath dearg-oráiste uirthi de ghnáth le dhá mharcáil loma-uaine shuntasacha. Is gnách go gcónaíonn sí i limistéir chósta, cosúil le seascainn ghoirt agus inbhir, áit a bhfásann plandaí ar nós Biatas Farraige, eireabaill chait agus praiseacha fiáine. Tá na plandaí seo ríthábhachtach do mharthanas na ciaróige seo toisc gurb iad a príomhfhoinsí bia.
Is dócha go bhfuil an chiaróg tharraingteach seo in Éirinn le fada an lá ach níor tugadh faoi deara í roimhe seo, is dócha mar gheall ar a nádúr cúthail agus na sainroghanna gnáthóige agus plandaí bia atá aici.
-
- Volucella zonaria (Killian Mullarney)
Cornadharc Chornfhoiche (Volucella zonaria) – Killian Mullarney agus David McAdams, Co. Loch Garman
Bhí na héaneolaithe Killian Mullarney agus David McAdams ag faire ar éin in aice le Cearn Saor, Co. Loch Garman i mí Iúil 2023 nuair a chonaic siad foluainéag mór ag tabhairt cuairte ar bhláthanna drise. Chuir Killian a chuid grianghraf ar an ngrúpa Facebook ‘Insects/Invertebrates of Ireland’, áit ar deimhníodh gur Chornadharc Chornfhoiche (Volucella zonaria), speiceas mór foluainéige, a bhí ann. Bhí an speiceas seo ag leathadh ó thuaidh agus siar sa Bhreatain agus is dócha gur cuid de leathnú nádúrtha é a theacht anseo.
Is í Volucella zonaria an fholuainéag is mó in Éirinn, agus í 25mm ar fad. Faigheann sí a hainm coitianta ón bhfíric go bhfuil sí an-chosúil ó thaobh cuma leis an gCornfhoiche Eorpach (Vespa crabro). Ina ainneoin sin, níl baint ar bith ag an dá speiceas lena chéile agus ní féidir le Volucella zonaria ga a chur; ina ionad sin déanann sí aithris ar an gcornfhoiche chun nach n-íosfaí í. Is lú i bhfad an seans go ndéanfaidh éin agus creachadóirí eile iarracht rud éigin a cheapann siad gur cornfhoiche é a ithe, toisc go bhfuil a fhios acu go bhféadfaidís drochghath a fháil. Is furasta Volucella zonaria a idirdhealú ó fhoichí nó ó chornfhoichí toisc nach bhfuil an 'choim chuiche' chúng aici, tá aeróga i bhfad níos giorra aici agus níl ach dhá sciathán aici, seachas ceithre cinn. Chun tuilleadh a fháil amach faoi agus chun é a idirdhealú ó speicis chosúla eile, féach ar threoir an tsaineolaí foluainéag Martin Speight, atá ar fáil anseo: https://biodiversityireland.ie/publications/
Léimneoir Duille Liogúrach (Eupteryx decemnotata) – Ciarán Byrne agus John Emmet O’Sullivan, Co. Chorcaí, Co. Laoise agus Co. Cheatharlach
Ghlac an t-éiceolaí Ciarán Byrne grianghraf de roinnt léimneoirí duille ar an tSáiste Choiteann i gCill Dealbha, Co. Cheatharlach i mí Lúnasa 2023, agus fuarthas amach ina dhiaidh sin gur Léimneoirí Duille Liogúracha a bhí iontu. Mar thoradh ar thaighde breise aimsíodh breathnuithe eile a ndearnadh faillí orthu ar an léimneoir duille seo i gCo. na Gaillimhe agus i gCo. Chorcaí, i mí an Mheithimh 2018 ag Thomas Cuffe agus i mí na Bealtaine 2023 ag John Emmet O’Sullivan faoi seach.
Ainmnítear an Léimneoir Duille Liogúrach as Muir Liogúrach na hIodáile, gar don áit a bhfuarthas an speiceas seo ar dtús. Tá sé ag scaipeadh go mear ó thuaidh le scórtha bliain anuas, is dócha mar gheall ar ghluaiseacht plandaí sáiste, maróis agus tíme ar fud na hEorpa. Tá na plandaí seo nó plandaí eile i dteaghlach an mhismín de dhíth ar an léimneoir duille le go mairfidh sé, toisc gurb iad seo a phríomhfhoinse bia. De ghnáth ní bhíonn sé ach cúpla milliméadar ar fad agus faightear beagnach i gcónaí é ar a phlandaí bia.
-
- Anthophora plumipes (Mary Molloy)
Beach Bhláthanna na gCos Ribeach (Anthophora plumipes) – Mary Molloy, Co. Bhaile Átha Cliath
I mí an Mhárta 2022, thug an taifeadóir Mary Molloy faoi deara roinnt beacha neamhghnácha ina gairdín i mBaile Átha Cliath. Ghlac Mary roinnt grianghraf de na beacha agus chuir sí chuig ár n-éiceolaí sinsearach Úna Fitzpatrick iad, a d’aithin iad mar Bheacha Bláthanna na gCos Ribeach. Ba é seo an chéad uair a deimhníodh gur breathnaíodh an bheach seo in Éirinn.
Tá Beacha Bláthanna na gCos Ribeach cosúil le bumbóga ó thaobh cuma. Tá an baineannach (sa phictiúr) dubh agus ribeach le cosa deiridh flannbhuí suntasacha. Tá cuma an-difriúil ar an bhfireannach, mar tá sé scothdhonn-gaineamhlach le cosa dubha. Bíonn fionnadh thar a bheith fada ar phéire lárnach cos an fhireannaigh, rud a thugann an t-ainm coitianta don speiceas seo. Tagann sé amach go luath sa bhliain, ag teacht chun cinn ó Mhárta go Bealtaine. Is maith leis cuairt a thabhairt ar bhláthanna feadánacha ar nós Ciorbais, Lus na Scamhóg, Caochneantóg Dhearg agus Sabhaircín agus bíonn eitilt ghasta, luascach aige. Ó aimsíodh é ar dtús, chonacthas arís agus arís eile é i mBaile Átha Cliath agus aimsíodh é freisin gar d'Éinfield, Co. Chill Dara, rud a thugann le fios go bhfuil sé ag leathnú. Tá suim againn leathnú Bheach Bhláthanna na gCos Ribeach in Éirinn a rianú, mar sin má cheapann tú go bhfaca tú ceann, cuir do thaifead isteach le grianghraf anseo: https://records.biodiversityireland.ie/record/solitary-bees
-
- Agathomyia cinerea – Jan van Duinen (CC-BY-NC-ND)
Cuil chosleata (Agathomyia cinerea) – Ryan Mitchell, Co. Chill Dara agus Co. Shligigh
D'aimsigh an saineolaí cuileog Ryan Mitchell an chuil neamhghnách seo den chéad uair in Éirinn i mí Mheán Fómhair 2022 i gCo. Chill Dara, agus ansin i mí Dheireadh Fómhair 2022 i gCo. Shligigh. Tá an speiceas seo ar cheann de roinnt cuileog cosleata in Éirinn, cuileoga beaga agus do-fheicthe a fhaightear de ghnáth i gcoillearnacha. Is é an fáth atá leis seo ná go gcónaíonn a gcéimeanna neamhaibí i bhfungais agus go gcothaíonn siad orthu, go háirithe beacán lúbáin agus beacán meala. Is féidir cuileoga cosleata a fheiceáil ón earrach go dtí an fómhar, ach eitlíonn siad go príomha le linn dheireadh an tsamhraidh agus an fhómhair, rud a thagann le teacht chun cinn fhormhór na bhfungas.
Níl na cinn fásta ach cúpla milliméadar ar fad le sciatháin fhada agus cruth 'crotach' ar an gcorp. Tá sé deacair teacht orthu mar gheall ar a méid beag agus a nós a bheith ag grianghoradh ar dhuilleoga crann duillsilteach.
-
- Pristiphora conjugata (fásta) – Rachel McKenna
-
- Pristiphora conjugata (larbhaí) – Rachel McKenna
Cuil shábha (Pristiphora conjugata) – Rachel McKenna, Co. Uíbh Fhailí
Chonaic an taifeadóir Rachel McKenna larbhaí an chuil shábha seo, a bhí cosúil le bolb, ag cothú ar dhuilleog Chrainn Chreathaigh agus í ag siúl i bPortach an Mhaoilín, Co. Uíbh Fhailí i mí an Mheithimh 2023. Bhí saineolaí cuileog sábha na RA, Andrew Green, in ann iad a aithint, rud a dheimhnigh an chéad uair a tharla an speiceas seo in Éirinn.
Tá dlúthbhaint ag cuileoga sábha le beacha, foichí agus seangáin agus tá saolréanna acu atá cosúil le féileacáin agus leamhain. Tá thart ar 300 speiceas cuileog sábha in Éirinn, gach ceann acu lena bplandaí bia sonracha féin a chothaíonn na larbhaí atá cosúil le bolb orthu. Is dócha gur speiceas dúchasach seanbhunaithe é an chuil shábha áirithe seo, ach níor tugadh faoi deara í mar gheall ar a méid beag, a riachtanais shonracha maidir le plandaí bia agus a cosúlacht le cuileoga sábha eile.
-
- Scaeva dignota – Mary Duggan
Foluainéag (Scaeva dignota) – Mary Duggan, Co. Chorcaí
Tháinig an taifeadóir Mary Duggan ar an bhfoluainéag mórthaibhseach seo i mí an Mheithimh 2019 i mBéal Átha an Spidéil, Co. Chorcaí. Bhí an saineolaí foluainéag an Dr Tom Gittings in ann an grianghraf a sheiceáil agus a dhearbhú gur Scaeva dignota a bhí ann, cineál foluainéige nach bhfacthas in Éirinn riamh roimhe sin. Is i réigiúin níos teo i ndeisceart agus i lár na hEorpa is mó a bhíonn Scaeva dignota ar a suaimhneas, ach is eitleoir láidir í agus is maith léi a bheith ag fánaíocht, agus mar sin tagann sí chun cinn ó thuaidh ó am go chéile.
Tá sé deacair í a aithint, ach má cheapann tú go bhfaca tú an speiceas seo nó foluainéaga comhchosúla eile, cuir isteach do thaifid le grianghraif anseo: https://records.biodiversityireland.ie/record/hoverflies
Cuimhnigh gur féidir leat taifid a chur isteach ar aon rud a aimsíonn tú ar ardán Eolaíochta Saoránaí an Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta, atá inrochtana anseo: https://records.biodiversityireland.ie/start-recording
Cuidíonn do thaifid go mór lenár dtuiscint ar cá bhfaightear speicis áirithe agus ar an gcaoi a bhfuil ag éirí lena ndaonraí a fheabhsú. Mura bhfuil tú cinnte cén speiceas a fuair tú, tá neart acmhainní ar fáil chun cabhrú leat. Tá cúrsaí aitheantais idirghníomhacha ar ár n-ardán foghlama ar líne nua (https://learn.biodiversityireland.ie/) agus táimid ag obair faoi láthair ar líon na gcúrsaí a chuirimid ar fáil a mhéadú. Tá roinnt acmhainní digiteacha agus cruachóipe ar fáil trínár suíomh gréasáin freisin. Nó is féidir leat grianghraif de do chuid ceisteanna a phostáil ar ghrúpa Facebook 'Insects and Invertebrates of Ireland', áit a mbeidh saineolaithe in ann cabhrú leat.
Is féidir leat teagmháil a dhéanamh lenár nOifigeach Náisiúnta Bunachair Sonraí Feithidí Owen Beckett (obeckett@biodiversityireland.ie) le haghaidh cúnaimh, comhairle agus ceisteanna ginearálta faoi fheithidí.
