Is feachtas bliantúil é #BealtaineGanBhearradh a iarrann ar gach duine an lomaire faiche a chur i leataobh le linn mhí na Bealtaine chun cabhrú lenár bhfiadhúlra dúchasach.
Soláthraíonn bláthanna fiáine dúchasacha na hÉireann amhail Caisearbháin, Seamair, agus Crobh éin an fhoinse pailine agus neachtair is fearr dár bpailneoirí fiáine ocracha. Trí níos lú bearrtha a dhéanamh, is féidir linn deis a thabhairt dóibh fás go nádúrtha – gan aon ghá le síolta!
I mbliana, tá lúcháir ar an Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta a bheith i gcomhpháirtíocht le hAn Post chun cuireadh a thabhairt do gach duine teacht le chéile chun na beacha a shábháil. Coinnigh súil amach i do bhosca litreach do chárta poist in-athchúrsáilte 'Bealtaine Gan Bhearradh', a sheolfar chuig 2.3 milliún teach in Éirinn sna seachtainí amach romhainn.

Is foinse riachtanach bia iad na caisearbháin do phailneoirí go háirithe ag an am seo den bhliain.
Cén fáth ar chóir dom páirt a ghlacadh?
Ar oileán na hÉireann, tá bagairt díothaithe ar thrian dár mbeacha fiáine. Tarlaíonn sé seo go príomha mar gheall ar an ocras – níl dóthain bia ann chun tacú leo inár dtírdhreach. Dá gcinnfeadh gach duine againn ár lomaire faiche a chur i leataobh ar feadh míosa amháin, d'fhéadfaimis tús a chur le líonra d'áiteanna a chruthú inar féidir le pailneoirí maireachtáil agus bláthú.
Bealtaine Gan Bhearradh - Bígí linn chun na beacha a shábháil
Conas is féidir liom páirt a ghlacadh?
Ní fhéadfadh sé a bheith níos éasca páirt a ghlacadh i 'Bealtaine Gan Bhearradh' – níl le déanamh ach an lomaire faiche a chur faoi ghlas ar feadh mhí na Bealtaine agus fanacht féachaint cad a fhásfaidh. Seans go gcuirfidh an méid a thagann chun cinn thar chúpla seachtain ghearr iontas ort. B'fhéidir go bhfeicfidh tú plandaí ar nós Caisearbháin, Seamair Dhearg agus Bhán, agus Crobh éin, ar foinsí bia iontacha iad uile d'fheithidí pailnithe, chomh maith le beacha, féileacáin, agus éin, iad ar fad meallta ag an bhféasta ar do fhaiche!
Faigh tuilleadh eolais ar leathanach baile Bealtaine Gan Bhearradh:
Bealtaine Gan Bhearradh » Plean Pailneoirí Uile-Éireann (pollinators.ie)
Bealtaine Gan Bhearradh - Bígí linn chun na beacha a shábháil