Preasráiteas eisithe ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta 20/05/19
NPWS ag iarraidh tacaíocht ón bpobal chun déileáil le Speicis Choimhthíocha Ionracha agus Galar
D'eisigh an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (NPWS) de chuid na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta – i dteannta Fhoras na Mara – foláireamh athuair do gach úsáideoir uisce in Éirinn faoin mbagairt thromchúiseach agus mhéadaitheach dár speiceas dúchasach Portán Abhann.
Tá ceann de na daonraí is mó den Phortán Abhann Bánghruama, atá i mbaol domhanda, in Éirinn.
Tagann an bhagairt seo ó thionchar déach an ghalair agus speiceas coimhthíoch ionrach, ar sainaithníodh iad mar cheann de na cúig chúis is mó le caillteanas bithéagsúlachta ar scála domhanda agus mar thoisc dhiúltach mhéadaitheach in Éirinn a bhfuil tionchar suntasach eacnamaíoch aici.
Roimh a seimineár comhpháirteach ar chaomhnú an Phortáin Abhann Bhánghruama in Éirinn agus bainistiú Phlá an Phortáin Abhann a bheidh ar siúl i nGaillimh ar an 21ú lá de Bhealtaine, tá an NPWS agus Foras na Mara tar éis a nglao ar an bpobal a athnuachan gníomh freagrach a dhéanamh agus na treoirlínte faoi na prótacail Seiceáil-Glan-Triomaigh a leanúint.
Tagann an rabhadh seo tar éis dearbhú an t-earrach seo faoi Phlá an Phortáin Abhann ar Abhainn na Máighe, suas an sruth ó Áth Dara. Is é seo an seachtú habhainn a bhfuil tionchar ag an ngalar uirthi. Meastar go scriosfaidh an galar na portáin abhann ó chóras na habhann.
Cuireadh an NPWS ar an eolas freisin faoi stoc de phortáin abhann neamhdhúchasacha a bhí á gcoinneáil in uisceadán. Portáin Mhirlíneacha a bhí sna hainmhithe a tugadh suas go deonach. Tá toirmeasc ar an speiceas seo a choinneáil, a dhíol agus a phórú faoi reachtaíocht le déanaí.
Is féidir leis an NPWS a dhearbhú freisin go bhfuarthas daonra de speiceas portán abhann neamhdhúchasach den chéad uair sa nádúr in Éirinn.
Bhí imní ann i gcónaí go bhféadfadh speicis phortáin abhann neamhdhúchasacha teacht chun cinn in Éirinn agus tá sé seo deimhnithe anois trí dhaonra de Phortán Abhann Astrálach, an Yabby, Cherax destructor, a aimsiú. Níl an láithreán á nochtadh ag an am seo.
Deir Brian Nelson, Éiceolaí Inveirteabrach le Seirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra na Roinne: “is cúis imní é fionnachtain an speicis phortáin abhann neamhdhúchasaigh sa nádúr toisc nár aimsíodh é seo riamh cheana in Éirinn. Cé gur speiceas é nach mbeimis ag súil leis, cuireann sé dúshlán níos mó os ár gcomhair an speiceas a dhíothú.. Ba mhaith linn béim a leagan ar an mbagairt mhéadaitheach atá ag speicis choimhthíocha ionracha ar an mbithéagsúlacht in Éirinn agus go domhanda agus molaimid do gach duine machnamh cúramach a dhéanamh agus cabhrú lena chosc. Maidir leis na speicis is ionraí, tá reachtaíocht shonrach i bhfeidhm anois a chuireann toirmeasc ar sheilbh agus ar choimeád agus a thugann cumhachtaí don NPWS eiseamail a urghabháil agus iad a dhíothú ón nádúr.”
Tá an NPWS ag meabhrú do shiopaí peataí – agus dóibh siúd a bhfuil uisceadáin acu – go bhfuil sé mídhleathach anois cúig cinn de na speicis is ionraí a choinneáil agus a allmhairiú. Má tá eiseamail ag aon duine ba chóir dóibh dul i dteagmháil leis an NPWS láithreach.
Nótaí d'Eagarthóirí
- Is é I.R. Uimh. 354/2018 – Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Speicis Choimhthíocha Ionracha) (Portán Fionnuisce) 2018 an reachtaíocht a bhaineann le speicis phortán abhann neamhdhúchasacha a allmhairiú agus a choinneáil. Is iad na speicis atá liostaithe anseo ná an Portán spíonleicneach Orconectes limosus, an Portán fipreach Orconectes virilis, an Portán comharthaíochta Pacifastacus leniusculus, Portán rua an tsléibhe Procambarus clarkii agus an Portán mirlíneach Procambarus fallax virginalis. Is cion é aon cheann de na speicis seo a dhíol, a choinneáil, a allmhairiú, a phórú nó a scaoileadh sa nádúr. Tugann an reachtaíocht cumhachtaí don Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta aon eiseamail den speiceas seo a urghabháil agus a scriosadh agus aon daonraí fiáine a dhíothú.
- Is iad na haibhneacha a bhfuil tionchar ag Plá an Phortáin Abhann orthu ná Abhainn Bhrosnaigh/na hÉirne (Co. an Chabháin; braite in 2015); An tSiúir (Co. Thiobraid Árann/Phort Láirge, braite in 2017); An Daoil (Co. Luimnigh, 2017), An Bhearú (Co. Cheatharlach, 2017); Abhainn Phort Omna/Lothra (Co. Thiobraid Árann, 2017), Abhainn Al (an Iarmhí 2018), Abhainn na Máighe (Co. Luimnigh 2019). Bhí ráig i gCo. Thír Eoghain i dTuaisceart Éireann in 2018 freisin.
- Speiceas portán abhann Astrálach is ea an Yabby Cherax destructor. Díoladh é mar ainmhí uisceadáin ach scaipeadh óna raon dúchasach é le dobharshaothrú freisin. Taifeadadh líon beag daonraí a tugadh isteach san Eoraip sa Spáinn agus sa Fhrainc. Toisc go mbíonn an speiceas íogair de ghnáth do theochtaí ísle geimhridh agus go mbíonn teochtaí arda samhraidh ag teastáil uaidh chun pórú, cuireann a láithreacht in Éirinn iontas orainn.
- Feachtais faisnéise is ea Seiceáil, Glan, Triomaigh, Bí Cliste faoi Pheataí agus Bí Cliste faoi Phlandaí. Tá tuilleadh sonraí le fáil anseo https://invasivespeciesireland.com/what-can-i-do/invasive-species-week-2019/
- Sainaithníodh speicis choimhthíocha ionracha mar cheann de na cúig chúis is tábhachtaí le caillteanas bithéagsúlachta ar scála domhanda. [Foinse Measúnú Domhanda IPBES ar Bhithéagsúlacht ipbes.net] agus sainaithnítear é mar thoisc dhiúltach mhéadaitheach in Éirinn a bhfuil tionchar suntasach eacnamaíoch aici [Foinse An Plean Gníomhaíochta Náisiúnta Bithéagsúlachta 2017-2021 https://www.npws.ie/sites/default/files/publications/pdf/National%20Biodiversity%20Action%20Plan%20English.pdf]
- Tá Seachtain na Speiceas Ionrach ar siúl 13-17 Bealtaine 2019
- Tá an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Foras na Mara ag reáchtáil seimineáir ar chaomhnú an Phortáin Abhann Bhánghruama in Éirinn agus bainistiú Phlá an Phortáin Abhann ar an 21/22 Bealtaine le cainteoirí ar tugadh cuireadh dóibh ón Eoraip.
- Chun eolas breise a fháil faoi ráigeanna Phlá an Phortáin Abhann in Éirinn, lena n-áirítear léarscáileanna dáileacháin, féach: www.biodiversityireland.ie/projects/invasive-species/crayfish-plague/
- Ba chóir aon tuairisc ar fheiceáil amhrasta ar speiceas portán abhann neamhdhúchasach nó ar líon mór portán abhann dúchasach bánghruamach marbh nó ag fáil bháis a thuairisciú le grianghraif más féidir: https://records.biodiversityireland.ie/record/invasives