An bhfuil tú an-tógtha le spóirt chéaslaíochta? Más ea, an bhféadfá ach 3-5 nóiméad a chaitheamh ag comhlánú suirbhé nua a bhfuil sé mar aidhm aige eolas a bhailiú ar an leibhéal reatha feasachta faoi speicis ionracha agus a dtionchair dhiúltacha i measc díograiseoirí spóirt chéaslaíochta. Tá an suirbhé, a seoladh ar an 16 Samhain, á chomhordú ag Ronan Cooney, eolaí agus céaslóir díograiseach, agus an Dr. Joe Caffrey, i gcomhar le hIascach Intíre Éireann agus Canoeing Ireland.
Is féidir le go leor speiceas ionrach teacht slán ar feadh tréimhsí fada as uisce, i ndálaí taispeacha, agus is féidir iad a aistriú go héasca ó chúrsa uisce amháin go ceann eile agus céaslóirí ag taisteal timpeall na tíre.
Is féidir teacht ar an suirbhé ag:https://surveyplanet.com/55cbac88008b4ddb4d326646
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi speicis ionracha:http://www.fisheriesireland.ie/Invasi…/invasive-species.html agus https://www.biodiversityireland.ie/projects/invasive-species/
Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le: irishcanoesurvey@gmail.com