
I ráiteas chun Lá Domhanda na mBeach a chomóradh, thug Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn faoi deara ‘go mbraitheann an cine daonna ar phailneoirí. Tá siad ríthábhachtach don bhiashlabhra domhanda. Fós féin, ní mór dúinn a admháil gur chuir ár ngníomhartha féin – lena n-áirítear cleachtais feirmeoireachta, uirbiú, bainistíocht talún, truailliú comhshaoil agus an ghéarchéim aeráide – domhan na bhfeithidí i gcontúirt ghéar.’
Chuaigh sé ar aghaidh chun ‘buíochas a ghlacadh leo siúd go léir atá i mbun gnímh cheana féin, agus a leanann orthu ag obair chun ár dtimpeallacht a chaomhnú ina héagsúlacht ríthábhachtach go léir’, agus léirigh sé an dóchas go ndéanfaidh Lá Domhanda na mBeach agus an tSeachtain Náisiúnta Bithéagsúlachta ‘….spreagadh a thabhairt don iliomad daoine eile a bheith páirteach leo agus a fháil amach conas is féidir leo féin a bheith mar chuid den athrú práinneach nach mór dúinn a bhaint amach dár nglúin féin agus do na glúnta atá le teacht.’
Ba mhaith leis an Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta macalla a dhéanamh de mheon an Uachtaráin Ó hUigínn trí aitheantas agus buíochas a ghlacadh lenár líonra mór taifeadóirí, eagraíochtaí comhpháirtíochta, grúpaí pobail agus daoine aonair a bhfuil fíorspéis acu sa bhithéagsúlacht agus a oibríonn go dícheallach chun iarracht a dhéanamh aghaidh a thabhairt ar ghéarchéim bithéagsúlachta na hÉireann.
Tá a fhios againn ónár rannpháirtíocht leis an líonra mór taifeadóirí agus leis na pobail áitiúla ar fud na tíre go bhfuil suim nua ag teacht chun cinn sa bhithéagsúlacht agus imní mhéadaitheach faoin ngéarchéim bhithéagsúlachta atá á fulaingt againn.
Agus gan ach foireann bheag bunaithe i bPort Láirge aige, braitheann an tIonad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta go hiomlán ar shaineolas agus ar thiomantas gach duine a n-oibríonn sé leo chun faisnéis a bhailiú faoi bhithéagsúlacht na hÉireann agus chun bearta caomhnaithe a chur i bhfeidhm ar an talamh i bpobail áitiúla, i scoileanna agus i ngnólachtaí ar fud na tíre. Tá an tIonad Sonraí thar a bheith buíoch as an tacaíocht ar fad atá faighte againn go dtí seo.
Ceann de na bealaí a bhfuil an tacaíocht seo le feiceáil ann ná tríd an rannpháirtíocht iontach a bhí leis an bPlean Pailneoirí Uile-Éireann, a tháirgeann agus a bhainistíonn an tIonad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta. Mar thoradh air seo, tá beagnach 100 comhlacht poiblí agus príobháideach tar éis clárú leis an bplean, tá níos mó ná 120 gnólacht tiomanta do bheart díreach a dhéanamh chun cabhrú le pailneoirí, agus tá pobail ar fud na tíre ag bainistiú a gcuid talún lena déanamh níos cairdiúla do phailneoirí. Is de bharr fhís agus dhinimiceas an Dr Úna FitzPatrick, Icoleolaí Sinsearach leis an Ionad Sonraí agus an Ollaimh Jane Stout ó Choláiste na Tríonóide, atá ar thús cadhnaíochta sa tionscnamh, a bhí rath an Phlean. Ag féachaint don phróifíl iontach atá ag an bPlean Pailneoirí Uile-Éireann, maithfear do dhaoine a cheapadh go bhfuil foireann mhór le buiséad suntasach ag obair air. Ní mar sin atá ar chor ar bith, mar go dtugann Juanita Browne agus Gemma Hughes tacaíocht do chur i bhfeidhm an Phlean, agus éiríonn leo beirt an oiread sin a bhaint amach agus iad ag obair ar bhonn páirtaimseartha amháin.
Bhí sé thar a bheith oiriúnach mar sin gur thug Uachtarán na hÉireann Micheál D. Ó hUigínn cuireadh do bheirt ailtirí an Phlean Pailneoirí Uile-Éireann, Úna agus Jane, chuig Áras an Uachtaráin inné, chun Lá Domhanda na mBeach a chomóradh, agus chun aitheantas a thabhairt don cheannaireacht iontach atá á soláthar ag an mbeirt acu maidir le dul i ngleic le meath na bpailneoirí i dtírdhreach na hÉireann. Is é an cineál tionchair agus tionscnaimh dhearfaigh seo ar féidir leis an oiread sin a bhaint amach do bhithéagsúlacht in Éirinn agus gabhaimid buíochas libh as.