
SLIOCHT TARRAINGTHE: Is iad na daonraí de Bhumbóga Éireannacha a taifeadadh in 2017 na cinn is ísle ó thosaigh an mhonatóireacht in 2012.
Thug Scéim Monatóireachta Bumbóg Uile-Éireann, atá á comhordú ag an Dr Tomás Murray, Éiceolaí Sinsearach san Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta, caillteanais shuntasacha inár speicis dhúchasacha bumbóg chun solais. Ba iad na daonraí bumbóige a taifeadadh in 2017 na cinn ba lú ó thosaigh an mhonatóireacht in 2012. Dá bharr sin, is laghdú 3.7% bliain i ndiaidh bliana é an treocht fhoriomlán reatha ó 2012 go 2017, as a leanann caillteanas iomlán de 14.2% idir 2012 agus 2017.
Tá 21 speiceas de Bhumbóga againn in Éirinn. Is pailneoirí ríthábhachtacha iad na feithidí seo dár mbarra agus dár bplandaí fiáine. Tá na torthaí a foilsíodh inniu bunaithe ar na sé bliana anuas de mhonatóireacht a dhéanamh ar an ocht speiceas Bumbóige is coitianta atá againn, toisc go bhfuil dóthain eolais bailithe orthu seo cheana féin chun measúnú cruinn a dhéanamh ar athruithe. Clúdaíonn an scéim monatóireachta reatha níos mó ná 100 láithreán ar fud oileán na hÉireann agus de réir mar a leathnaíonn sé seo agus a aibíonn an scéim monatóireachta, cuirfear níos mó speiceas san áireamh sna hanailísí.
Bunaithe ar Dheargliosta 2006 de Bheacha na hÉireann, bhí a fhios againn cheana féin go bhfuil baol díothaithe ón oileán seo ar 6 cinn dár 21 speiceas bumbóige is teirce. Ina measc seo tá an Bhumbóg Mhór Bhuí charasmatach atá teoranta don iarthuaisceart anois agus an Cardálaí Caoin, lena dord sainiúil, nach bhfaightear anois ach i ndaonraí iargúlta in iarthar na hÉireann. Go deimhin, as ár 98 speiceas beach fiáin (lena n-áirítear 77 beach aonarach), tá baol díothaithe ar thrian díobh. Den chéad uair riamh, tugann na torthaí nua seo ó Scéim Monatóireachta Bumbóg Uile-Éireann de chuid an Dr Murray comhartha luathrabhaidh maidir le conas atá ag éirí lenár speicis níos coitianta.
Tá an Cardálaí mór (Bombus muscorum) faoi bhagairt ar fud na hEorpa agus, in ainneoin go bhfuil daonraí réasúnta forleathan den speiceas seo ag Éirinn, thugamar faoi deara laghdú 23% ar an líon a chonacthas ó 2012 i leith.

Tugann an Dr Murray rabhadh: ‘I bhfianaise na héagsúlachta timpeall ar ár meastachán, ní mór dúinn a bheith cúramach gan a bheith ag glaoch ar an mac tíre gan chúis, ach is suntasach an rud é go bhfuilimid ag braitheacht laghduithe measartha i speicis fhorleathana tar éis sé bliana amháin. Nuair a dhéanaimid mionscrúdú ar na sonraí agus nuair a dhéanaimid leithlisiú ar an ocht speiceas a bhfuil dóthain eolais againn fúthu chun meastachán cruinn a thabhairt ar an gcaoi ar athraigh a ndaonraí, tá ceann amháin ag méadú, dhá cheann ag laghdú agus cúig cinn ró-athraitheach le treocht a shannadh dóibh.’
Ní féidir linn na laghduithe seo a bhrath ach a bhuí le flaithiúlacht 80 saoránach-eolaí deonach thar níos mó ná 100 láithreán a ghlacann páirt i Scéim Monatóireachta Bumbóg Uile-Éireann. Siúlann oibrithe deonacha bealach seasta 1-2km uair sa mhí ó Mhárta go Deireadh Fómhair agus comhairíonn siad líon agus cineál gach bumbóige a fheiceann siad ag baint úsáide as modheolaíocht chaighdeánaithe. Is eol go mór don Dr Murray an tacaíocht a fhaigheann an taighde seo ó oibrithe deonacha: ‘Nuair a chuirtear na figiúirí le chéile ag deireadh an tséasúir, is cúis mhór umhlaíochta é an oiread iarrachta atá gach duine sásta a thabhairt chun tacú le monatóireacht agus caomhnú bumbóg. In 2017, shiúil muid 883.2 km le chéile thar 490 uair an chloig, agus d’áirigh muid 12,969 bumbóg thar 14 speiceas, rud a fhágann go bhfuil sé seo ar cheann de na chéad scéimeanna náisiúnta eolaíochta saoránaí ar domhan a rianaíonn athruithe i ndaonraí pailneoirí fiáine.’
‘Ós rud é go bhfuilimid ag feiceáil difríochtaí sé huaire níos mó i líon na mbumbóg trasna láithreán, ciallaíonn sé go bhfuil eolas iontach againn anois ar an rud a dhéanann limistéar ‘maith’ nó ‘olc’ do bhumbóga. D’aon duine ar mian leo a ngairdín, a spásanna poiblí nó a bhfeirm a dhéanamh ar an gceann is fearr is féidir do bheacha, tá an fhaisnéis sin ar fad ar fáil laistigh den Phlean Pailneoirí Uile-Éireann.’
Plean Pailneoirí Uile-Éireann
Chun aghaidh a thabhairt ar laghduithe ar fheithidí pailnithe, agus chun iarracht a dhéanamh Éire a chruthú inar féidir le pailneoirí maireachtáil agus bláthú, seoladh an Plean Pailneoirí Uile-Éireann in 2015. Tá a chur i bhfeidhm á chomhordú ag an Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta. Tá 81 gníomh sa Phlean agus faigheann sé tacaíocht ó níos mó ná 80 eagraíocht. Is plean gníomhaíochta comhroinnte é a éilíonn orainn go léir, ó fheirmeoirí go comhairlí, pobail áitiúla, gnólachtaí, scoileanna, gairdíní agus údaráis iompair, cuidiú leis. Cheana féin tá ag éirí go maith leis an bPlean soláthar bia, dídine agus sábháilteachta do phailneoirí a spreagadh ar ais inár dtírdhreach, ach tá i bhfad níos mó le déanamh fós. Tabhair cuairt ar an suíomh gréasáin chun a fháil amach cad iad na gníomhartha fianaise-bhunaithe is féidir leat a dhéanamh le cuidiú: www.pollinators.ie
Dúirt Juanita Browne, Oifigeach Tionscadail an Phlean Pailneoirí Uile-Éireann: ‘Is tionscadal iontach corraitheach é an Plean Pailneoirí Uile-Éireann. Is fíor go bhfuil beacha ag dul i laghad, ach is é an dea-scéal ná go bhfuil a fhios againn go díreach cad is gá dúinn a dhéanamh chun cabhrú le beacha, agus tá na gníomhartha a theastaíonn an-indéanta agus léireoidh siad torthaí beagnach láithreach.’ ‘Léiríonn torthaí an lae inniu an phráinn a bhaineann leis go dtiocfaimis go léir taobh thiar den Phlean Pailneoirí Uile-Éireann,’ a dúirt an Dr Una FitzPatrick, Comhordaitheoir Tionscadail an Phlean Pailneoirí Uile-Éireann.
NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR:
Lá Idirnáisiúnta na mBeach – 20 Bealtaine 2018:
I mí na Nollag 2017, ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe le rún trí chomhthoil ag dearbhú an 20 Bealtaine mar Lá Domhanda na mBeach. Gach bliain ar an lá seo, díreofar aird an phobail dhomhanda ar an tábhacht a bhaineann le beacha agus pailneoirí eile a chaomhnú. Cuirfear i gcuimhne do dhaoine an tábhacht a bhaineann le beacha don chine daonna ar fad agus tabharfar cuireadh dóibh beart nithiúil a dhéanamh chun iad a chaomhnú agus a chosaint. Bhí 115 Bhallstát de chuid na Náisiún Aontaithe ina gcomhurraitheoirí ar an rún, lena n-áirítear SAM, Ceanada, an tSín, Cónaidhm na Rúise, an India, an Bhrasaíl, an Airgintín, an Astráil agus Ballstáit uile an Aontais Eorpaigh.
Maidir le Scéim Monatóireachta Bumbóg na hÉireann

ar dhaonraí bumbóg ar fud 102 láithreán in Éirinn
Rinneadh treoirphleanáil ar Scéim Monatóireachta Bumbóg na hÉireann in 2011 agus seoladh í in 2012. Is tionscadal fadtéarmach eolaíochta saoránaí é atá deartha chun athruithe a rianú agus chun comharthaí luathrabhaidh maidir le bagairt ghinearálta ar bhumbóga agus ar sheirbhísí pailnithe na hÉireann a bhrath. Taifeadann ár saoránaigh-eolaithe gach bumbóg ar feadh bealaí sonracha thar am agus limistéar seasta, ag siúl uair sa mhí idir Márta agus Deireadh Fómhair. Tá sé ar cheann de na chéad scéimeanna náisiúnta eolaíochta saoránaí ar fud an domhain a rianaíonn athruithe i ndaonraí pailneoirí fiáine.
Anois ina seachtú séasúr allamuigh, tá an scéim mhonatóireachta anois ar an gceann is mó a bhí sí riamh, le 79 taifeadóir anois ag déanamh monatóireachta ar dhaonraí bumbóige thar 102 láithreán [léarscáil]. Is cúis mhór umhlaíochta é a fheiceáil cé mhéad iarrachta atá gach duine sásta a thabhairt chun tacú le monatóireacht agus caomhnú bumbóg. In 2017, shiúil muid 883.2 km le chéile thar 491 uair 19 nóiméad agus d’áirigh muid 12,969 bumbóg thar 14 speiceas.
https://www.biodiversityireland.ie/record-biodiversity/surveys/bumblebee-monitoring-scheme/
Maidir leis an Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta
Is eagraíocht náisiúnta é an tIonad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta chun sonraí ar éagsúlacht bhitheolaíoch na hÉireann a bhailiú, a chomhordú, a bhainistiú, a anailísiú agus a scaipeadh. Is príomhriachtanas iad sonraí bithéagsúlachta chun ár dtimpeallacht nádúrtha a thuiscint, chun athruithe inár dtimpeallacht a rianú agus chun léargas níos fearr a fháil ar an gcaoi a mbainimid leas as, agus a mbímid ag dul i bhfeidhm ar, earraí agus seirbhísí éiceachórais a sholáthraíonn an éagsúlacht bhitheolaíoch; sócmhainn náisiúnta a chuireann ar a laghad €2.8 billiún le geilleagar na hÉireann gach bliain. Bhunaigh an Chomhairle Oidhreachta an tIonad Sonraí in 2007 agus maoiníonn an Chomhairle Oidhreachta agus an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta é. Feidhmíonn Compass Informatics Limited, cuideachta teicneolaíochtaí faisnéise agus suímh a dhíríonn ar fheidhmiúcháin in acmhainní nádúrtha agus pleanáil, an tIonad faoi chomhaontú leibhéal seirbhíse.
https://www.biodiversityireland.ie
Le haghaidh tuilleadh eolais:
An Dr Tomás Murray
Éiceolaí Sinsearach
& Comhordaitheoir na Scéime Monatóireachta Bumbóg
An tIonad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlachta
Teil: +353 51 306240
Ríomhphost: tmurray@biodiversityireland.ie
An tIonad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlachta
Teach Beechfield
Campas Thiar WITPreaseisiúint Lá Domhanda na mBeach
Carraig an Óir, Port Láirge
Éire, X91PE03
Íoslódáil
Íoslódáil an phreaseisiúint seo i bhformáid .pdf anseo.