Preasráiteas –
Feachtas ‘Seiceáil, Glan, Triomaigh’ chun Uiscebhealaí na hÉireann a chosaint seolta ag Fág Gan Rian Éireann, an tIonad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta agus Comhpháirtithe
Tá tionscnamh nua seolta ag Fág Gan Rian Éireann i gcomhpháirtíocht le hUiscebhealaí Éireann, an tIonad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta, Spórt Éireann, Curachóireacht Éireann, Iascach Intíre Éireann, Foras na Mara, Áineas Faoin Aer Thuaisceart Éireann, Spórt Thuaisceart Éireann agus le tacaíocht ón tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra, chun feasacht a mhúscailt faoi leathadh speiceas plandaí ionracha díobhálacha agus tionchar an bhruscair ar uiscebhealaí na hÉireann.
Tá sé mar aidhm ag an bhFeachtas ‘Seiceáil, Glan, Triomaigh’ feasacht a mhúscailt faoi bhithshlándáil agus faoi thionchair an bhruscair agus tá sé ag iarraidh ar an bpobal a gcion féin a dhéanamh chun uiscebhealaí na hÉireann a chosaint.
Agus an feachtas á sheoladh aige, dúirt Padraic Creedon, Éiceolaí le Fág Gan Rian Éireann, go mbaineann bithshlándáil go hiomlán le laghdú a dhéanamh ar an riosca go dtabharfaí isteach nó go scaipfí speicis ionracha agus galar díobhálach i dtimpeallachtaí tuaithe agus uirbeacha.
“Tá bagairt mhéadaithe ó speicis choimhthíocha ionracha ina gcuid uiscebhealaí agus orthu roimh Éirinn. Is speicis neamhdhúchasacha iad seo a tugadh isteach trí idirghabháil an duine, lasmuigh dá raon nádúrtha, ar féidir leo bagairt a dhéanamh ar ár bhfiadhúlra dúchasach, damáiste a dhéanamh dár dtimpeallacht, dár ngeilleagar agus do shláinte an duine. Níl i Saighdiúr Uisce (Stratiotes aloides), an chub agus an bradán bándearg ach cuid de na speicis atá ag bagairt ar uiscebhealaí na hÉireann.”
Dúirt John McDonagh, Príomhfheidhmeannach Uiscebhealaí Éireann, freisin: “Tá ríméad ar Uiscebhealaí Éireann a bheith i gcomhpháirtíocht ar an bhfeachtas tábhachtach seo le Fág Gan Rian Éireann. Is conairí saibhre éiceolaíochta agus oidhreachta iad ár n-uiscebhealaí intíre, a mbaineann raon úsáideoirí áineasa taitneamh astu. Is cúis mhór imní é tabhairt isteach nó leathadh speiceas ionracha, idir thalún agus uisceach, toisc go ndéanann sé dochar dár mbithéagsúlacht dhúchasach agus gur féidir leis cur isteach go mór ar thaitneamh daoine as na huiscebhealaí. Mholfaimis go láidir dár n-úsáideoirí glacadh leis an gcur chuige Seiceáil, Glan, Triomaigh ionas gur féidir linn go léir oibriú le chéile chun an acmhainn luachmhar seo a chaomhnú do na glúnta atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo.”
Chuir Malcolm Noonan TD, an tAire Stáit don Oidhreacht agus don Athchóiriú Toghcháin, a thacaíocht in iúl don Fheachtas ‘Seiceáil, Glan, Triomaigh’ freisin. Thug an tAire le fios go bhfuil dul i ngleic le speicis choimhthíocha ionracha ríthábhachtach dár n-iarrachtaí chun stop a chur le cailleadh na bithéagsúlachta agus go ndéantar foráil i gClár an Rialtais d’fhorbairt Phlean nua Náisiúnta um Bainistiú Speiceas Ionrach.
“Is bagairt thromchúiseach iad speicis ionracha dár mbithéagsúlacht, agus tacaím go hiomlán le hiarrachtaí Fág Gan Rian agus a gcomhpháirtithe sa bhfeachtas nua seo chun feasacht a mhúscailt faoi phrótacail Seiceáil Glan Triomaigh. Tá an-áthas orm rannpháirtíocht láidir mo Roinne a fheiceáil sa tionscnamh seo trí Uiscebhealaí Éireann agus an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra, agus tá súil agam go gcabhróidh sé le bearta ríthábhachtacha bithshlándála a fheabhsú ar uiscebhealaí uile an oileáin seo. Tríd an gComhairle Briotánach-Éireannach, téann an NPWS i dteagmháil freisin lena gcomhghleacaithe sa Bhreatain Mhór chun úsáideoirí uisce ar an dá thaobh de Mhuir Éireann a spreagadh chun na bearta simplí ach éifeachtacha seo a chur i bhfeidhm.”
Tá an feachtas nua ag iarraidh ar dhuine ar bith a théann amach ar an uisce cabhrú leis an riosca maidir le leathadh speiceas ionracha agus galar a laghdú trí phrionsabail Seiceáil, Glan, Triomaigh a leanúint.
- SEICEÁIL báid, trealamh, éadaí agus coisbheart le haghaidh aon ábhar planda nó ainmhí, lena n-áirítear síolta, spóir agus ithir. Tabhair aird ar leith ar réimsí atá tais nó deacair a iniúchadh.
- GLAN agus nigh gach trealamh, coisbheart agus éadaí go maith. Má thagann tú ar aon phlandaí agus ainmhithe, fág iad ag an gcorp uisce inar aimsigh tú iad.
- TRIOMAIGH gach trealamh agus éadaí ar feadh 48 uair an chloig ar a laghad – is féidir le roinnt speiceas maireachtáil ar feadh roinnt laethanta nó seachtainí i gcoinníollacha taise. Déan cinnte nach n-aistríonn tú uisce go háit ar bith eile. (NÓTA: Mura féidir iad a thriomú go hiomlán, díghalraigh gach rud).
Beidh eolas agus nuashonruithe ar an bhFeachtas ‘Seiceáil, Glan, Triomaigh’ ar fáil ar shuíomh gréasáin nua an tIonad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta do speicis ionracha www.invasives.ie, trí láithreán gréasáin Fág Gan Rian Éireann agus trí bhealaí meán sóisialta a chomhpháirtithe.
Teagmháil do na Meáin: Derek Cunningham 086-2430535
Nóta d’Eagarthóirí:
Speicis choimhthíocha ionracha
Is speicis iad speicis choimhthíocha ionracha a thug daoine isteach (d’aon ghnó nó de thaisme) agus a mbíonn tionchar diúltach acu ar gheilleagar, ar fhiadhúlra nó ar ghnáthóga oileán na hÉireann. Is iad ár ngníomhaíochtaí féin an chúis is mó le teacht speiceas ionrach. Scaoiltear go leor speiceas d’aon ghnó, cosúil le speicis éisc le haghaidh slaiteoireachta. D’éalaigh cinn eile ónár ngairdíní agus dár bhfeirmeacha cosúil leis an mince Meiriceánach agus an biabhóg fathach. Tagann cuid acu mar thaiscéalaithe agus mar laisteoirí le hearraí allmhairithe nó le speicis eile amhail an leithphéist Nua-Shéalannach.
Mhéadaigh líon na speiceas coimhthíoch ionrach a bhfuil tionchar ard acu agus a tugadh isteach in Éirinn 183% ó 1961 go 2010. Léirigh taighde a rinneadh in 2013 gurbh é £207,553,528 (€261,517,445) an costas bliantúil measta comhcheangailte a bhain le speicis ionracha ar gheilleagair Phoblacht na hÉireann agus Thuaisceart Éireann araon, le meastachán de chostas comhcheangailte na RA agus na hÉireann de £2 bhilliún (€2.5 billiún).[1]
Ón 17ú haois i leith chuir speicis ionracha le beagnach 40% de dhíothuithe uile ainmhithe a bhfuil a gcúis ar eolas. Is féidir le speicis choimhthíocha ionracha struchtúr agus comhdhéanamh speiceas na n-éiceachóras a athrú ó bhonn trí speicis dhúchasacha a chur faoi chois nó a eisiamh. Toisc gur minic go mbíonn speicis ionracha ar cheann de shraith iomlán fachtóirí a théann i bhfeidhm ar shuíomhanna nó ar éiceachórais ar leith, ní bhíonn sé éasca i gcónaí an cion den tionchar is féidir a chur ina leith a mheas.
Eagraíochtaí
Is é Fág Gan Rian Éireann an t-aon chlár eitice faoin aer in Éirinn, a chuireann úsáid fhreagrach as an taobh amuigh chun cinn. Trí oideachas, taighde agus comhpháirtíochtaí, cuireann Fág Gan Rian Éireann ar chumas daoine aonair, pobal, eagraíochtaí agus cuideachtaí tionchar comhshaoil gníomhaíochtaí amuigh faoin aer a laghdú agus tacaíonn sé leo déanamh amhlaidh.
Tá Uiscebhealaí Éireann ar cheann de na sé chomhlacht forfheidhmithe Thuaidh/Theas uile-Éireann a bunaíodh faoi Chomhaontú Bhéal Feirste i 1999. Tá sé freagrach as bainistiú, cothabháil, forbairt agus athchóiriú uiscebhealaí intíre inseolta go príomha chun críocha áineasa
Oibríonn an tIonad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta chun sonraí agus faisnéis faoin mbithéagsúlacht a chur ar fáil ar bhealach níos saoire chun bithéagsúlacht na hÉireann a thuiscint níos fearr agus tacú lena caomhnú.
Is é Spórt Éireann an t-údarás a bhfuil de chúram air spórt a fhorbairt in Éirinn. Áirítear leis seo rannpháirtíocht i spórt, spórt ardfheidhmíochta, frithdhópáil, oiliúint, agus forbairt Champas Spórt Éireann
Bunaíodh Curachóireacht Éireann i 1960 agus tá sé cláraithe mar chuideachta theoranta chun cosaint dliteanais a sholáthar dá chomhaltaí. Aithníonn Comhairle Spóirt na hÉireann agus Cónaidhm Oilimpeach na hÉireann (OFI) é mar an comhlacht ceannais do spórt agus áineas na curachóireachta in Éirinn. Tá sé cleamhnaithe leis na Cónaidhmeanna Canú Idirnáisiúnta agus Eorpacha.
Déanann Iascach Intíre Éireann iascaigh intíre agus acmhainní slaiteoireachta mara na hÉireann a chosaint, a bhainistiú agus a chaomhnú.
Is é Foras na Mara an ghníomhaireacht stáit atá freagrach as taighde mara, forbairt teicneolaíochta agus nuálaíocht in Éirinn.
Is eagraíocht neamhbhrabúis í Outdoor Recreation Northern Ireland a dhéanann níos fusa é do dhaoine taitneamh a bhaint as an dúlra ar bhealach freagrach.
Tá an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (NPWS) den Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta freagrach as reachtaíocht agus beartas maidir le speicis choimhthíocha ionracha a chur i bhfeidhm in Éirinn.
Is é Spórt Thuaisceart Éireann an príomhchomhlacht poiblí d’fhorbairt an spóirt i dTuaisceart Éireann. Is é a misean ná forbairt an spóirt a threorú ar gach leibhéal.