
Preasráiteas
Eisithe: Dé Sathairn 16 Feabhra 2019
Le hÚsáid Láithreach
Íoslódáil cáipéis an phreasráitis anseo.
Eolaíocht shaoránach ríthábhachtach chun laghduithe feithidí in Éirinn a rianú.
Le foilsiú le déanaí ar athbhreithniú eolaíoch domhanda a dheimhnigh go bhfuil níos mó ná 40% de speicis fheithidí ag laghdú agus go bhfuil an tríú cuid i mbaol, bhí go leor daoine ag fiafraí an bhfuil an bhagairt seo de “thitim thubaisteach éiceachórais an dúlra” á bhrath ag eolaithe saoránacha in Éirinn.
Arna chomhordú ag an Dr Tomás Murray, Éiceolaí Sinsearach ag an Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta, tá rátaí laghdaithe sna feithidí tábhachtacha seo léirithe ag scéimeanna monatóireachta féileacán agus bumbóg na hÉireann atá ag teacht leis an staidéar domhanda. “Faraor tá, trasna na 120 suíomh inár scéim monatóireachta féileacán bhraith ár dtaifeadóirí meánlaghdú bliantúil de 2.6% le 10 mbliana anuas, beagán os cionn an mheáin dhomhanda de 1.8%. Ar an gcaoi chéanna, trasna na 100 suíomh sa scéim bumbóg, thug ár dtaifeadóirí faoi deara meánlaghduithe de 3.7% in aghaidh na bliana le sé bliana anuas, i bhfad níos airde ná an meán domhanda de 1.0%.”

“Aon uair a eisímid na figiúirí seo is minic a fhaighimid daoine ag freagairt ag rá ‘ach tá a lán acu i mo ghairdínse’, agus b'fhéidir go bhfuil sé sin fíor don duine ádhúil sin ina ghairdín amháin, ach trasna breis agus 220 suíomh a shiúlaítear anois le haghaidh bumbóg agus féileacán ar fud na hÉireann ní hamhlaidh atá an scéal ar chor ar bith.”
Tá 11,500 speiceas feithidí in Éirinn, rud a sheasann do thrian de na speicis go léir a fhaightear ar ár dtírdhreacha agus ar ár muirdhreacha. Mar sin féin, go dtí seo níor measúnaíodh stádas caomhnaithe ach do 1,051 (9%) díobh: tá 26 (2%) speiceas díofa go réigiúnach anois, tá 194 (19%) ag laghdú agus tá 130 (13%) díobh faoi bhagairt. Ina theannta sin, go dtí gur bunaíodh an tIonad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta in 2007, bhí easpa scéimeanna náisiúnta córasacha monatóireachta feithidí ar Éirinn agus ní raibh aon bhealach ann chun treochtaí fadtéarmacha a mheas ina daonraí feithidí.
Leagann an Dr Murray béim ar an bhfíric nach bhfuil an staidéar domhanda agus ár scéimeanna náisiúnta monatóireachta feithidí claonta i dtreo speiceas neamhchoitianta agus íogair, ach a mhalairt ar fad: “Is é an rud atá scanrúil i ndáiríre ná go léiríonn na treochtaí seo athruithe ar ár speicis feithidí is coitianta den chuid is mó, toisc gurb iad seo an chuid is mó de na feithidí a bhraitheann taighdeoirí agus eolaithe saoránacha. Dá bhrí sin, ní hamháin go bhfuil na laghduithe seo ag tomhas caillteanas i speisialtóirí neamhchoitianta ach i ndáiríre inár speicis ghinearálaithe fhorleatha.”
Ní féidir na laghduithe seo a bhrath ach a bhuíochas le flaithiúlacht 180 oibrí deonach eolaíochta saoránaí trasna níos mó ná 220 suíomh a ghlacann páirt sna scéimeanna monatóireachta seo. Siúlann oibrithe deonacha bealach seasta siúil 1-2 km uair sa mhí ó Mhárta go Deireadh Fómhair le haghaidh beacha, nó ó Aibreán go Meán Fómhair le haghaidh féileacán agus déanann siad líon agus cineál gach feithide a fheiceann siad a chomhaireamh ag baint úsáide as modheolaíocht chaighdeánaithe. Is eol go maith don Dr Murray an chaoi a dtacaíonn oibrithe deonacha leis an taighde seo: “Nuair a chuirtear na huimhreacha le chéile ag deireadh gach séasúir is cúis umhlaíochta é a fheiceáil cé mhéad iarrachta atá gach duine sásta a thabhairt chun tacú le monatóireacht agus caomhnú feithidí. Gach bliain siúlann na hoibrithe deonacha iontacha seo 3,740 km ar an meán le chéile thar 2,040 uair an chloig, ag comhaireamh 51,100 feithid trasna 48 speiceas, rud a chuireann i bhfad chun tosaigh muid ar go leor dár gcomharsana Eorpacha maidir le hathruithe sna hainmhithe tábhachtacha seo a rianú.”
Mar sin féin, ní mór do líonra na n-eolaithe saoránacha a bhfuil baint acu leis na scéimeanna seo fás ó thaobh méide de, chun speicis níos neamhchoitianta a bhrath agus a mhonatóireacht go rathúil, agus ó thaobh raoin de ionas gur féidir athruithe i bpríomhghrúpaí feithidí eile cosúil le ciaróga creiche agus snáthaidí móra a rianú freisin. “Tá an tacaíocht a fhaighimid ó oibrithe deonacha sna scéimeanna seo ollmhór, ach ní mór dúinn an rud céanna a chúiteamh agus acmhainní leordhóthanacha a chinntiú lena dheimhniú go bhfuil comhordú, tacaíocht oiliúna, bainistíocht, anailís agus tuairisciú a gcuid sonraí ar chaighdeán idirnáisiúnta”.
Críoch
NASC DO DHÍONNA:
https://drive.google.com/open?id=1zqr5vdxs3GWeUj8hZe_mNT6LTv1XvTIJ
NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR:
Maidir le Scéim Monatóireachta Bumbóg na hÉireann
Rinneadh píolótú ar Scéim Monatóireachta Bumbóg na hÉireann in 2011 agus seoladh í in 2012. Is tionscadal eolaíochta saoránaí fadtéarmach é atá deartha chun athruithe a rianú agus comharthaí luatha rabhaidh de bhagairt ghinearálta ar bhumbóga agus ar sheirbhísí pailnithe na hÉireann a bhrath. Déanann ár n-eolaithe saoránacha gach bumbóg a thaifeadadh feadh bealaí sonracha thar am agus réimse seasta, ag siúl uair sa mhí idir Márta agus Deireadh Fómhair (ocht gcomhaireamh in aghaidh na bliana). Tá sé ar cheann de na chéad scéimeanna náisiúnta eolaíochta saoránaí ar fud an domhain a rianaíonn athruithe ar dhaonraí pailneoirí fiáine.
Agus é ina ochtú séasúr páirce anois, tá an scéim mhonatóireachta anois ar an gceann is mó a bhí sí riamh, le 74 taifeadóir anois ag déanamh monatóireachta ar dhaonraí bumbóg trasna 103 suíomh [léarscáil – suíomhanna monatóireachta bumbóg]. Is cúis umhlaíochta é a fheiceáil cé mhéad iarrachta atá gach duine sásta a thabhairt chun tacú le monatóireacht agus caomhnú bumbóg. In 2017, shiúil muid 883.2 km le chéile thar 491 uair 19 nóiméad agus d'áirigh muid 12,969 bumbóg trasna 14 speiceas.
Tuilleadh eolais:
http://www.pollinators.ie/record-pollinators/bumblebee-monitoring-scheme/
Táscaire athraithe daonra:
https://indicators.biodiversityireland.ie/index.php?qt=si&id=27
Maidir le Scéim Monatóireachta Féileacán na hÉireann
Rinneadh píolótú ar Scéim Monatóireachta Féileacán na hÉireann in 2007 agus seoladh í in 2008. Is tionscadal eolaíochta saoránaí fadtéarmach é atá deartha chun athruithe ar dhaonraí féileacán na hÉireann a rianú, chun eolas a thabhairt maidir lena gcaomhnú agus mar tháscairí ar athrú tírdhreacha agus aeráide. Déanann ár n-eolaithe saoránacha gach féileacán a thaifeadadh feadh bealaí sonracha thar am agus réimse seasta, ag siúl uair sa tseachtain idir Aibreán agus Meán Fómhair (uas. 26 comhaireamh in aghaidh na bliana). Tá Éire ar cheann de 22 tír ar fud na hEorpa a chuireann sonraí córasacha féileacán le chéile ar bhonn comhchoiteann thar 4,500 suíomh gach bliain thar ceann na Scéime Eorpaí um Monatóireacht ar Fhéileacáin. Déantar na sonraí seo a anailísiú ansin agus iad a fhoilsiú mar Tháscaire Féileacán Féarthailte Uile-Eorpach thar ceann na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil. Léiríonn an táscaire seo gur tháinig laghdú 30% ar líon na bhféileacán féarthailte ar fud na hEorpa ó 1990 i leith.
Agus é ina 12ú séasúr páirce anois, tacaíonn 118 taifeadóir leis an scéim mhonatóireachta ag déanamh monatóireachta ar dhaonraí féileacán trasna 123 suíomh [léarscáil – suíomhanna monatóireachta féileacán]. In 2017, shiúil muid 2,858 km le chéile thar 1,546 uair an chloig agus d'áirigh muid 38,186 féileacán trasna 34 speiceas.
Tuilleadh eolais:
https://www.biodiversityireland.ie/record-biodiversity/surveys/butterfly-monitoring-scheme/
Táscaire athraithe daonra:
https://indicators.biodiversityireland.ie/index.php?qt=si&id=26
Maidir leis an Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta
Is eagraíocht náisiúnta é an tIonad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta chun sonraí ar éagsúlacht bhitheolaíoch na hÉireann a bhailiú, a chomhordú, a bhainistiú, a anailísiú agus a scaipeadh. Is príomhriachtanas iad sonraí bithéagsúlachta chun ár dtimpeallacht nádúrtha a thuiscint, chun athruithe inár dtimpeallacht a rianú agus chun léargas níos fearr a fháil ar an gcaoi a mbainimid leas as, agus a mbímid ag dul i bhfeidhm ar, earraí agus seirbhísí éiceachórais a sholáthraíonn an éagsúlacht bhitheolaíoch; sócmhainn náisiúnta a chuireann ar a laghad €2.8 billiún le geilleagar na hÉireann gach bliain. Bhunaigh an Chomhairle Oidhreachta an tIonad Sonraí in 2007 agus maoiníonn an Chomhairle Oidhreachta agus an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta é. Feidhmíonn Compass Informatics Limited, cuideachta teicneolaíochtaí faisnéise agus suímh a dhíríonn ar fheidhmiúcháin in acmhainní nádúrtha agus pleanáil, an tIonad faoi chomhaontú leibhéal seirbhíse.
https://www.biodiversityireland.ie
Le haghaidh tuilleadh eolais:
An Dr Tomás Murray
Éiceolaí Sinsearach & Comhordaitheoir na Scéimeanna Monatóireachta Féileacán agus Bumbóg
An tIonad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlachta
Teil: 051 306240
Fón póca: 086 855 8371
Ríomhphost: tmurray@biodiversityireland.ie
An tIonad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlachta
Teach Beechfield
Campas Thiar WIT
Carraig an Óir, Port Láirge
Éire, X91PE03
CRÍOCH