Preasráiteas
Eisithe: Dé Céadaoin an 8 Bealtaine 2019
Le hÚsáid Láithreach
Íoslódáil cáipéis an phreasráitis anseo.
Glaoch ar oibrithe deonacha do Shuirbhé Uile-Éireann ar Shnáthaidí Móra
- Tá an tIonad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta agus an tIonad Sonraí agus Taifeadadh Timpeallachta do Thuaisceart Éireann (CEDaR) ag seoladh suirbhé nua uile-Éireann ar Shnáthaidí Móra agus Béichuileanna.
- Cumasaíonn agus spreagann an suirbhé – ‘Dragonfly Ireland 2019 – 2024’ – eolaithe saoránacha deonacha chun teagmhálacha le snáthaidí móra agus béichuileanna a thaifeadadh, agus chun measúnú a dhéanamh ar staid na ngnáthóg fionnuisce ina gcónaíonn siad – ag cuidiú lenár n-eolas ar a ndáileadh a fheabhsú agus lena n-úsáid mar bhith-tháscairí ar cháilíocht uisce agus ar athrú aeráide a fhiosrú.
- Le linn na gcéad cúig bliana eile, tá Dragonfly Ireland 2019 – 2024 ag lorg daoine ar fud na hÉireann chun obair dheonach a dhéanamh chun suirbhé a dhéanamh ar a ngnáthóga fionnuisce áitiúla, agus chun sonraí a chur isteach faoi aon teagmháil a bhíonn acu le snáthaidí móra agus béichuileanna.
- Maoiníonn an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil Dragonfly Ireland 2019 – 2024.
Sheol an tIonad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta suirbhé nua uile-Éireann ar shnáthaidí móra agus béichuileanna inniu mar chuid de thionscadal eolaíochta saoránaí arna mhaoiniú ag an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil. Tá an suirbhé, ar a dtugtar ‘Dragonfly Ireland 2019 – 2024’, á dhéanamh i gcomhar leis an Ionad Sonraí agus Taifeadadh Timpeallachta i dTuaisceart Éireann, agus nuashonróidh sé ár n-eolas ar dháileadh snáthaidí móra agus béichuileanna in Éirinn.
Tá an tionscadal ag iarraidh ar dhaoine den phobal páirt a ghlacadh trí theagmhálacha le snáthaidí móra agus béichuileanna a thuairisciú tríd an suíomh gréasáin biodiversityireland.ie nó tríd an Aip Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta a úsáid. Tá an tionscadal ag lorg eolaithe saoránacha deonacha freisin chun suirbhé a dhéanamh ar a n-abhainn, sruthán, loch nó portach áitiúil le haghaidh Snáthaidí Móra agus Béichuileanna, agus chun measúnú gairid a dhéanamh ar cháilíocht na ngnáthóg ag an láithreán suirbhé a roghnaigh siad. Mar chuid den tionscadal, reáchtálfar sraith ceardlann suirbhé agus aitheantais ar fud na hÉireann.

Úsáidfear na sonraí chun léarscáiliú a dhéanamh ar dháileadh reatha na speiceas mealltach seo ar fud na hÉireann. Ó foilsíodh an t-atlas uile-Éireann deireanach beagnach 20 bliain ó shin, tá an t-am thar a bheith tráthúil an staidéar nua seo a sheoladh. Ullmhóidh an tionscadal Liosta Dearg nuashonraithe do Shnáthaidí Móra agus Béichuileanna in Éirinn freisin, mar is eol anois go bhfuil laghdú ag teacht ar chuid de na speicis seo; mar gheall ar mheascán de chailliúint gnáthóg agus tionchair chomhshaoil eile.
Déanfaidh Dragonfly Ireland 2019 – 2024 iniúchadh freisin ar úsáid Snáthaidí Móra agus Béichuileanna mar tháscaire-speicis ar cháilíocht uisce agus gnáthóige, agus ar mhonatóireacht a dhéanamh ar thionchair an athraithe aeráide.
“Is feithidí carismatic iad Snáthaidí Móra agus Béichuileanna ar furasta iad a aithint mar gheall ar a méid mór agus dathanna gléineacha a gcorp. Is féidir lena láithreacht ag láithreán léiriú a thabhairt freisin ar cháilíocht an uisce ag an suíomh sin, toisc go gcaitheann siad cuid mhaith dá saol mar nimfeacha uisceacha a chónaíonn i bhfionnuisce,” a dúirt Dave Wall, Oifigeach Eolaíochta Saoránaí leis an Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta, atá bunaithe i bPort Láirge.
Dúirt Stiúrthóir an Ionaid, an Dr Liam Lysaght, chomh maith: “tá a fhios againn cheana féin go dteastaíonn teochtaí te ó shnáthaidí móra le maireachtáil agus go bhfuil cuid de na speicis ag leathnú a ndáilte ó thuaidh faoi láthair mar fhreagairt ar an téamh domhanda. Mar sin, is iarrthóirí an-mhaith iad le húsáid mar bhith-tháscairí chun monatóireacht a dhéanamh ar thionchair an athraithe aeráide ar ár dtimpeallacht”.
Dúirt an Dr Damian McFerran, Bainisteoir an Ionaid Sonraí agus Taifeadadh Timpeallachta: “is sampla foirfe é an tionscadal seo den chaidreamh atá anois ann idir dhá ionad sonraí na hÉireann”. Dúirt sé freisin: “Fáiltíonn CEDaR roimh an bhforbairt seo agus táimid ag tnúth le bonn taifeadta Eolaithe Saoránaigh Dragonfly Ireland a fhorbairt d'Éirinn”.
Cuireann an tionscadal trí leibhéal rannpháirtíochta ar fáil d’oibrithe deonacha. Ar dtús, spreagann ‘Braitheadóir Snáthaidí Móire’ tuairisciú ar radhairc theagmhasacha d’aon speiceas Snáthaide Móire nó Béichuile. Is é an dara leibhéal ná ‘Taifeadóir Snáthaidí Móire’ a iarrann ar oibrithe deonacha suirbhéanna tráthrialaithe a dhéanamh ar shuíomh fionnuisce, ag taifeadadh gach speiceas Snáthaide Móire agus Béichuile atá i láthair, ag déanamh meastachán ar a líon agus ag measúnú a ngnáthóige. Ní mór dhá shuirbhé a chur i gcrích, ceann amháin i mí na Bealtaine/mí an Mheithimh agus an dara ceann idir mí Iúil agus mí Mheán Fómhair. Iarrann an tríú leibhéal suirbhé, ‘Monatóir Snáthaidí Móire’, ar oibrithe deonacha ceithre shuirbhé ar a laghad a dhéanamh ag a suíomh áitiúil, agus na suirbhéanna a athdhéanamh gach bliain.
Más mian leat páirt a ghlacadh i Dragonfly Ireland 2019 – 2024, tá tuilleadh sonraí, foirmeacha suirbhé agus acmhainní eile ar fáil ag https://www.biodiversityireland.ie/record-biodiversity/dragonfly-ireland-2019-2024/. Tá Aip an Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta ar fáil le híoslódáil le haghaidh iPhone nó Android trína suíomh gréasáin www.biodiversityireland.ie.
Is féidir teagmhálacha le Snáthaidí Móra agus Béichuileanna i dTuaisceart Éireann a chur isteach ag: https://www2.habitas.org.uk/records/dragonflies.
Is féidir Dragonfly Ireland a reáchtáil a bhuíochas le maoiniú a chuir an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil ar fáil chun an eolaíocht shaoránach agus feasacht ar cháilíocht uisce i ngnáthóga fionnuisce agus gnáthóga uisceacha cósta na hÉireann a chur chun cinn.
CRÍOCH
Le haghaidh tuilleadh eolais:
Tá comhordaitheoir an tionscadail, Dave Wall, ar fáil le haghaidh agallaimh agus tá grianghraif ardtaifigh ar fáil freisin ach iad a iarraidh. Chun socrú a dhéanamh, déan teagmháil le:
Dave Wall, Oifigeach Eolaíochta Saoránaí, Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta
Teil: +353 (86) 605 1702
Ríomhphost: dwall@biodiversityireland.ie
An tIonad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlachta
Teach Beechfield
Campas Thiar WIT
Carraig an Óir, Port Láirge
Éire, X91PE03
NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR:
Maidir leis an Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta
Is eagraíocht náisiúnta é an tIonad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta chun sonraí ar éagsúlacht bhitheolaíoch na hÉireann a bhailiú, a chomhordú, a bhainistiú, a anailísiú agus a scaipeadh. Is príomhriachtanas iad sonraí bithéagsúlachta chun ár dtimpeallacht nádúrtha a thuiscint, chun athruithe inár dtimpeallacht a rianú agus chun léargas níos fearr a fháil ar an gcaoi a mbainimid leas as, agus a mbímid ag dul i bhfeidhm ar, earraí agus seirbhísí éiceachórais a sholáthraíonn an éagsúlacht bhitheolaíoch; sócmhainn náisiúnta a chuireann ar a laghad €2.8 billiún le geilleagar na hÉireann gach bliain. Bhunaigh an Chomhairle Oidhreachta an tIonad Sonraí in 2007 agus maoiníonn an Chomhairle Oidhreachta agus an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta é. Feidhmíonn Compass Informatics Limited, cuideachta teicneolaíochtaí faisnéise agus suímh a dhíríonn ar fheidhmiúcháin in acmhainní nádúrtha agus pleanáil, an tIonad faoi chomhaontú leibhéal seirbhíse.
https://www.biodiversityireland.ie
Maidir leis an Ionad Sonraí agus Taifeadadh Timpeallachta
Bailíonn, stórálann, bainistíonn agus scaoileann an tIonad Sonraí agus Taifeadadh Timpeallachta faisnéis faoi fhiadhúlra Thuaisceart Éireann agus a chuid uiscí cósta chun tionscnaimh bhithéagsúlachta a éascú (áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta). Dá bhrí sin, is é ról CEDaR ná réiteach éifeachtach, éifeachtúil, solúbtha agus inscálaithe a fhorbairt tuilleadh chun sonraí comhshaoil agus gníomhaíocht taifeadta a sholáthar (léirmhíniú na sonraí nó na faisnéise sin níos mó agus níos mó) mar thaca le raon méadaitheach tiománaithe reachtacha agus idirnáisiúnta i dTuaisceart Éireann.
https://www.nmni.com/CEDaR/CEDaR-Centre-for-Environmental-Data-and-Recording.aspx
CRÍOCH

