
Beidh áthas ar phleanálaithe, ar chomhairleoirí comhshaoil, ar údaráis áitiúla, ar thaifeadóirí bitheolaíocha, ar thaighdeoirí, ar eagraíochtaí neamhrialtasacha, agus ar chomhlachtaí poiblí agus príobháideacha na hÉireann a fhoghlaim go bhfuil uasghrádú mór déanta ar thairseach sonraí ar líne an Ionaid Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlachta atá ar fáil saor in aisce, Biodiversity Maps.
Tugann an córas úrscothach nua seo a d'fhorbair an tIonad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta níos mó ná 4 mhilliún taifead de bheagnach 16,000 speiceas le chéile chun an léargas is cuimsithí riamh a thabhairt ar cad iad na speicis a bhíonn le fáil agus cén áit a mbíonn siad in Éirinn.

Is stór náisiúnta é Biodiversity Maps chun sonraí bithéagsúlachta na hÉireann a stóráil, a thaispeáint agus a scaipeadh. Ó mhí an Mhárta 2018, tá níos mó ná ceithre mhilliún taifead fíoraithe agus bailíochtaithe de bheagnach 16,000 speiceas laistigh de Biodiversity Maps. Is mór an chreidiúint é an méid mór sonraí seo atá ar fáil go poiblí dóibh siúd a chuir níos mó ná 140 tacar sonraí ar fáil agus don líon mór taifeadóirí bithéagsúlachta atá ag dul i méid in Éirinn.
Ó bunaíodh é mar phríomh-mhol sonraí lárnaithe na hÉireann in 2008, tá feabhsuithe móra déanta ar Biodiversity Maps a chuir go mór leis an raon feidhmiúlachta atá ar fáil d’úsáideoirí. D’úsáid eagraíochtaí agus daoine aonair Biodiversity Maps chun réimse leathan tacair sonraí, suirbhéanna agus speiceas a bhainistiú, a bhrabhsáil, a mhapáil agus tuairisciú orthu. Bhí an rochtain éasca seo ar a leithéid de shaibhreas sonraí thar a bheith luachmhar chun tuiscint níos fearr a fháil ar staid bhithéagsúlacht na hÉireann.
Ceann de phríomhspriocanna an Ionaid Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlachta agus a chuid comhpháirtithe ná bonn eolais a thógáil ar dháileadh speiceas in Éirinn agus na sonraí seo a chur ar fáil go héasca le húsáid i mbainistíocht caomhnaithe, i bpleanáil agus i bpróisis cinnteoireachta. Is furasta sonraí faoi fhiadhúlra na hÉireann a cheistiú trí úsáid a bhaint as Biodiversity Maps agus baintear úsáid fhorleathan as chun tuarascálacha cuimsitheacha a ghiniúint ar bhithéagsúlacht ceantair.


Cás tábhachtach úsáide de chuid Biodiversity Maps ab ea an cumas tuarascálacha a ghiniúint ar dháileadh speiceas cosanta, faoi bhagairt agus ionrach in Éirinn. Is féidir le húsáideoirí tuarascálacha a ghiniúint freisin ar limistéir chosanta, amhail Limistéir Chaomhantais Speisialta agus Limistéir Chosanta Speisialta, rud a chuireann tuilleadh le fiúntas Biodiversity Maps mar fhoinse luachmhar sonraí le haghaidh Measúnuithe Cuí atá riachtanach faoi Threoir an AE maidir le Gnáthóga.

Nuair a fiafraíodh de cad a bhí i ndán don uirlis nua seo atá oscailte do gach foilsitheoir sonraí agus úsáideoir sonraí in Éirinn agus thar lear, dúirt Liam Lysaght, Stiúrthóir an Ionaid Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlachta, ‘Ba cheart go ndéanfadh an tairseach nua seo athrú ó bhonn ar chaomhnú na héagsúlachta bitheolaíche in Éirinn. Is infheistíocht shuntasach é seo i mbonneagar faisnéise bitheolaíche na hÉireann agus is é bunús ár bpríomhmhisean é, is é sin cuidiú le sonraí agus faisnéis faoin mbithéagsúlacht a phríomhshruthú i gcinnteoireacht, i bpleanáil, i mbainistíocht caomhnaithe agus i dtaighde. Is é an príomhsprioc seo de chuid an Ionaid Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlachta an chéad chuspóir freisin den Phlean Náisiúnta Gníomhaíochta um Bithéagsúlacht 2017-2021 a d'eisigh an Roinn anuraidh, is é sin bithéagsúlacht a phríomhshruthú i gcinnteoireacht ar fud gach earnála. Bheadh sé iontach a úsáid a fheiceáil mar bhonn eolais do bheartas poiblí, do phleanáil agus do phróisis chinnteoireachta i gcoitinne; is cinnte go dtugann sé deis d’údaráis áitiúla faisnéis den sórt sin a leabú i bpleanáil agus i bhforbairt áitiúil, lena n-áirítear a bPleananna Gníomhaíochta Bithéagsúlachta agus Oidhreachta áitiúla.’

Chomh maith le bheith in ann cuardach a dhéanamh de réir speicis, déantar speicis a ghrúpáil freisin de réir a n-ábharthachta beartais. Anois is féidir sonraí maidir le 681 Speiceas Cosanta, 972 Speiceas faoi Bhagairt agus 425 Speiceas Ionrach a rochtain le cliceáil luiche amháin, agus mar sin ba cheart go mbeadh sé níos éasca pleanáil a dhéanamh dá gcuid riachtanas. ‘Ar an gcaoi chéanna a forbraíodh córais chun cabhrú le bainistiú acmhainní nádúrtha amhail talmhaíocht, foraoiseacht agus iascach, déanann Biodiversity Maps an rud céanna anois don bhithéagsúlacht’ a dúirt Lysaght freisin.
Ceann de na dúshláin a bhí le sárú agus an córas á fhorbairt ná a chinntiú go mbeadh sé oiriúnach don raon is leithne úsáideoirí. De réir Barry O'Neill, Bainisteoir TF agus Sonraí, ‘Príomhbhreithniú a bhí ann agus an córas á fhorbairt ná comhéadan úsáideora agus eispéireas úsáideora a fheabhsú go mór chomh maith leis an bhfeidhmiúlacht mhapála agus tuairiscithe a leathnú. Le heisiúint na teicneolaíochta nua seo táimid muiníneach go bhfuil córas curtha ar fáil againn a úsáidfidh gairmithe chun a gcuid oibre a dhéanamh níos éifeachtaí, agus a úsáidfidh daoine eile nach bhfuil uathu ach tuilleadh eolais a fháil faoina gceantar áitiúil’. ‘Ceann de na buntáistí a bhaineann leis an gcóras nua ná go bhfuil píosa bonneagair sonraí againn anois ar féidir a thabhairt trí sheirbhísí gréasáin d’úsáideoirí amhail údaráis áitiúla, lena chinntiú go bhfuil an fhaisnéis is fearr atá ar fáil acu agus cinntí á ndéanamh acu, mar shampla, maidir le pleanáil spásúil.

Ina theannta sin, más mian le heagraíocht neamhrialtasach nó le haon eagraíocht nó comhlacht poiblí gnéithe de Biodiversity Maps a ionchorprú ar a láithreáin ghréasáin, mar shampla tacar staitisticí nó léarscáil dáilte speiceas ar leith, is féidir linn an tseirbhís sin a sholáthar anois’, a dúirt sé.
Ba é Compass Informatics, cuideachta teicneolaíochtaí faisnéise agus suímh atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath, a d'fhorbair Biodiversity Maps. Chuir an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra agus an Chomhairle Oidhreachta an infheistíocht ar fáil.
Is féidir teacht ar Biodiversity Maps ag https://maps.biodiversityireland.ie/
CRÍOCH
Teagmhálacha Meán:
Chun tuilleadh eolais a fháil déan teagmháil le:
An Dr. Liam Lysaght
An tIonad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlachta
Ríomhphost: info@biodiversityireland.ie
Teileafón: 086 7592845
Suíomh Gréasáin:
Léarscáileanna Bithéagsúlachta
https://maps.biodiversityireland.ie/
Tairseach Eolaíochta Saoránach na hÉireann
https://records.biodiversityireland.ie/
An tIonad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlachta
https://www.biodiversityireland.ie/
Maidir leis an Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta:
Is eagraíocht náisiúnta é an tIonad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta chun sonraí ar éagsúlacht bhitheolaíoch na hÉireann a bhailiú, a chomhordú, a bhainistiú, a anailísiú agus a scaipeadh. Is príomhriachtanas iad sonraí bithéagsúlachta chun ár dtimpeallacht nádúrtha a thuiscint, chun athruithe inár dtimpeallacht a rianú agus chun léargas níos fearr a fháil ar an gcaoi a mbainimid leas as, agus a mbímid ag dul i bhfeidhm ar, earraí agus seirbhísí éiceachórais a sholáthraíonn an éagsúlacht bhitheolaíoch; sócmhainn náisiúnta a chuireann ar a laghad €2.8 billiún le geilleagar na hÉireann gach bliain. Bhunaigh an Chomhairle Oidhreachta an tIonad Sonraí in 2007 agus maoiníonn an Chomhairle Oidhreachta agus an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta é. Feidhmíonn Compass Informatics Limited, cuideachta teicneolaíochtaí faisnéise agus suímh a dhíríonn ar fheidhmiúcháin in acmhainní nádúrtha agus pleanáil, an tIonad faoi chomhaontú leibhéal seirbhíse.