
Preasráiteas
Eisithe: Déardaoin an 16 Aibreán 2020
Le hÚsáid Láithreach
Íoslódáil cáipéis an phreasráitis anseo.
D'fhéadfadh sé gurb é dul isteach i bpobal eolaithe saoránacha na hÉireann an t-ábhar misnigh atá uait le cuidiú leat trí na hamanna dúshlánacha seo

Tá an tIonad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta, atá bunaithe i gCo. Phort Láirge, ag tabhairt cuireadh do dhaoine páirt a ghlacadh i dtaifeadadh fhiadhúlra na hÉireann. Trí thionscadail éagsúla agus tionscnaimh eolaíochta saoránaí a chomhordaíonn an t-ionad náisiúnta faoi láthair, tá deiseanna ann do gach duine páirt a ghlacadh, is cuma cén leibhéal taithí atá agat ar an dúlra.
Agus srianta sóisialta le leanúint ar feadh dhá sheachtain eile ar a laghad mar gheall ar phaindéim COVID-19, beidh go leor daoine sáinnithe sa bhaile ag iarraidh a dhéanamh amach conas is féidir an leas is fearr a bhaint as an am seo go léir. Ní rud é le glacadh go héadrom leis, mar tá an ghéarchéim reatha ag dul i bhfeidhm go litriúil ar shláinte mheabhrach agus fhisiciúil daoine toisc go bhfuil iallach curtha ar gach duine ar fud na sochaí seachas iad siúd a mheastar a bheith ag soláthar seirbhísí riachtanacha “fanacht sa bhaile” agus laistigh dár dteorainneacha 2km.
Mar sin féin, ag brath ar an gcaoi ar chuir an ghéarchéim isteach ar gach duine aonair, dearfacht amháin a d'fhéadfadh a bheith tagtha as an 'sos' seo do dhaoine ná an deis chun caitheamh aimsire nua a thriail, spéiseanna nua a fhiosrú nó athcheangal le seanchaitheamh aimsire. Bhuel, rogha amháin de réir Stiúrthóir an Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta, an Dr. Liam Lysaght, ná “dul i ngleic leis an bhfiadhúlra nó athcheangal a dhéanamh leis, bíodh sé díreach taobh amuigh den chúldoras nó áit ar bith laistigh de 2km ó do theach nuair is féidir leat dul amach.

Is bealach é do chuid breathnuithe gairide ar an dúlra a dhéanamh buan trí do chuid breathnuithe ar aon rud ó éin go beacha agus féileacáin go plandaí a thaifeadadh ar líne leis an Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta. Tá luach eolaíoch ag baint leis an eolas a chuireann gach duine isteach, rud a chuireann tuilleadh le comheolas agus comhthuiscint na hÉireann ar an mbithéagsúlacht a tharlaíonn in Éirinn, cá bhfuil sí suite, agus conas a d'fhéadfaimis í a bhainistiú níos fearr chun a caomhnú a chinntiú.”
Anuas ar na buntáistí seo, tá na tairbhí tábhachtacha a fhaigheann taifeadaithe aonair, amhail feabhsuithe ar shláinte phearsanta mheabhrach agus fhisiciúil araon. Mar shampla, tugann taighde le déanaí le fios go gcuireann caitheamh 120 nóiméad ar a laghad sa dúlra in aghaidh na seachtaine go mór le sláinte agus folláine, rud a d'fhéadfadh daoine áirithe a thabhairt air mar "dháos" sláintiúil de Vitimín-D(úlra).
Tá roinnt bealaí inar féidir le daoine beagán Vitimín-D a chur lena saol agus ag an am céanna cur leis an eolaíocht shaoránach, agus mura bhfuil tú tar éis páirt a ghlacadh fós, is dócha nach bhfuil am ar bith níos fearr le tosú ná anois agus an t-earrach ag teacht faoi bhláth faoi láthair:
1. Taifeadadh neamhfhoirmiúil, am ar bith, áit ar bith
Gan aon choinníollacha ag gabháil leis, gan gá le clárú ná síniú isteach. Cuireann Tairseach Eolaíochta Saoránaí na hÉireann, atá á bhainistiú ag an Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta, áis ar fáil do gach duine chun a gcuid breathnuithe ar an dúlra a chur isteach agus a stóráil ar líne. Tá Sraithchomórtas Contae Uile-Éireann agus Sraithchomórtas Taifeadta Aonair ar an tairseach, an dá cheann ag rangú contaetha agus daoine faoi seach bunaithe ar líon na speiceas a taifeadadh, mar sin faoi láthair ar a laghad, tá rogha eile ann in ionad an Phríomhroinn agus aon ghníomh CLG a d'fhéadfadh a bheith ar iarraidh ó léitheoirí a bhfuil mianach iomaíoch iontu.

2. Dúshlán #SpeiceasGachLá (#SpeciesADay)
Lean an tIonad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta ar Twitter, Facebook nó Instagram, agus is féidir leat coinneáil suas chun dáta le feachtas meán sóisialta #SpeciesADay na heagraíochta atá ag spreagadh daoine chun grianghraif de phlandaí nó d'ainmhithe ar leith a sheoladh gach lá ar na hardáin meán sóisialta éagsúla.
3. Bithéagsúlacht Cúil
Éilíonn scéim taifeadta do thosaitheoirí ar a dtugtar ‘Bithéagsúlacht Cúil’ ort breathnú amach ar liosta socraithe de 20 speiceas éagsúla atá éasca a aithint agus a thugann cuairt go minic ar ghairdíní. Arís, níl aon chlárúchán i gceist ach is féidir leat roghnú páirt a ghlacadh nó scor am ar bith is mian leat agus níl le déanamh agat ach na héin, mamaigh, amfaibiaigh agus feithidí "sprioc" éagsúla a fheictear i do ghairdín a thaifeadadh i do chuid ama féin.
4. Comhaireamh Amaithe Bláthanna agus Feithidí (FIT Count)
Ní féidir an suirbhé eolaíochta saoránaí seo a dhéanamh ach amháin in aimsir the agus thirim agus bíonn sé ar siúl ó Aibreán go deireadh Mheán Fómhair. Níl le déanamh agat ach féachaint ar phaiste bláthanna 50x50cm ar feadh 10 nóiméad a d'fhéadfadh a bheith i do ghairdín, ar d'fheirm nó i bpáirc áitiúil, agus an líon feithidí a thugann cuairt air a thaifeadadh. Ní gá go mbeadh eolas agat ar aon speiceas feithidí ar leith sa scéim seo, ach conas an difríocht idir na mórghrúpaí éagsúla a aithint agus mar sin tá sé foirfe do thaifeadaithe tosaigh.
5. Monatóireacht ar fhiadhúlra na hÉireann
Déanann an tIonad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta comhordú freisin ar roinnt scéimeanna breise a éilíonn beagán níos mó ama agus tiomantais, agus a dhíríonn ar ghrúpaí ar leith feithidí amhail bumbóga, féileacáin, snáthaidí móra agus béichuileanna. Ní hamháin go n-insíonn monatóireacht ar na grúpaí seo, a éilíonn ar an taifeadóir gach feithid a aithint síos go dtí leibhéal an speicis (agus inscne uaireanta!), níos mó dúinn faoi shláinte a ndaonraí, ach tugann sí léargas níos mionsonraithe dúinn ar shláinte iomlán ár dtimpeallachta freisin.
Más mian leat páirt a ghlacadh in aon cheann de na tionscnaimh thuas, cén fáth nach dtabharfá cuairt ar shuíomh gréasáin an tIonad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta ag www.biodiversityireland.ie, a ngníomhaíocht a leanúint ar na meáin shóisialta, nó ríomhphost a sheoladh chucu ag info@biodiversityireland.ie más mian leat tuilleadh eolais a fháil. Agus cuimhnigh, mura bhfuil do ghairdín cosúil leis an ósais don fhiadhúlra ar mhaith leat é a bheith, cén fáth nach nglacfá le roinnt leideanna garraíodóireachta ón bPlean Pailneoirí Uile-Éireann (www.pollinators.ie), ceann de thionscadail chaomhnaithe rathúla an Ionaid ag an bpobal arb é is aidhm dó oileán níos cairdiúla do phailneoirí a dhéanamh d'Éirinn ar fad.

Creidiúint íomhá: www.aaronoreilly.com
CRÍOCH
Nasc le haghaidh íomhánna:
https://www.dropbox.com/sh/6dfurs40aq2c7bt/AAD21ZpWTvnhsesbtKCQ4-Ria?dl=0
Nótaí don Eagarthóir:
Tairseach Eolaíochta Saoránaí na hÉireann: https://records.biodiversityireland.ie/
Bithéagsúlacht Cúil: https://www.biodiversityireland.ie/projects/additional-survey-schemes/backyard-biodiversity/
Comhaireamh Amaithe Bláthanna agus Feithidí (FIT Count): https://pollinators.ie/record-pollinators/fit-count/
Monatóireacht ar fhiadhúlra na hÉireann (tuilleadh eolais faoinár scéimeanna monatóireachta agus nasc le tionscadail shonracha): https://www.biodiversityireland.ie/projects/monitoring-scheme-initiatives/
Maidir leis an Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta
Is eagraíocht náisiúnta é an tIonad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta chun sonraí ar éagsúlacht bhitheolaíoch na hÉireann a bhailiú, a thiomsú, a bhainistiú, a anailísiú agus a scaipeadh. Is príomhriachtanas iad sonraí bithéagsúlachta chun ár dtimpeallacht nádúrtha a thuiscint, chun athruithe inár dtimpeallacht a rianú agus chun léargas níos fearr a fháil ar an gcaoi a mbainimid leas as na hearraí agus na seirbhísí éiceachórais a sholáthraíonn éagsúlacht bhitheolaíoch, agus an tionchar a bhíonn againn orthu; sócmhainn náisiúnta a chuireann €2.8 billiún ar a laghad le geilleagar na hÉireann gach bliain. Bhunaigh an Chomhairle Oidhreachta an tIonad Sonraí in 2007 agus maoiníonn an Chomhairle Oidhreachta agus an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta é. Oibrítear an tIonad faoi chomhaontú leibhéal seirbhíse ag Compass Informatics Limited, cuideachta teicneolaíochtaí faisnéise agus suímh a dhíríonn ar fheidhmiúcháin in acmhainní nádúrtha agus pleanáil.
Le haghaidh tuilleadh eolais:
Liam Lysaght
Stiúrthóir an Ionaid
An tIonad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlachta
llysaght@biodiversityireland.ie
Nó
Ben Malone
Oifigeach Riaracháin & Rannpháirtíochta
An tIonad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlachta
bmalone@biodiversityireland.ie
Teil: 08685558371
An tIonad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlachta
Teach Beechfield
Campas Thiar WIT
Carraig an Óir, Port Láirge
Éire, X91PE03
CRÍOCH
– Ben Malone, Oifigeach Riaracháin agus Rannpháirtíochta