Ba cheart go mbeadh Aicmiú Fásra na hÉireann úsáideach d'aon duine a bhfuil suim acu i réimsí ar nós mapáil gnáthóg, gnáthóga Iarscríbhinn I, taighde caomhnaithe nó measúnú tionchair, lena n-áirítear suirbhéirí allamuigh, oifigigh eolaíochta, pleanálaithe agus bainisteoirí comhshaoil, lucht déanta beartas, mic léinn agus lucht acadúil. Trí na leathanaigh ghréasáin seo, is féidir leat:
- cúlra an tionscadail a thuiscint
- an t-aicmiú reatha a fhiosrú agus rochtain a fháil ar achoimrí ar na pobail shainithe
- do shonraí fásra féin a aicmiú ag baint úsáide as an bhfeidhmchlár gréasáin tiomnaithe, ERICA
Is comhoibriú an obair seo idir an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra, BEC Consultants agus an tIonad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta. Cuirfear maoiniú ar fáil ag an NPWS.
