Tá nuachtlitir saor in aisce faoi phailneoirí do leanaí curtha le chéile ag Foireann Thionscadal EIP Pailneoirí Talamh Feirme a Chosaint. Foghlaim faoi eolaíocht, stair agus tíreolaíocht na bpailneoirí. Tá cluichí agus ealaín san áireamh freisin!
Níl le déanamh ach cliceáil ar an íomhá thíos chun do chóip féin a fheiceáil agus a íoslódáil.

Déanfar an Nuachtlitir seo a fhoilsiú dhá uair sa bhliain. Eagrán speisialta fadaithe é Eagrán 1. Tá súil againn go bhfoghlaimeoidh tú go leor fíricí spraíúla faoi phailneoirí!
Is Comhpháirtíocht Nuálaíochta Eorpach (EIP) é Pailneoirí Talamh Feirme a Chosaint atá maoinithe ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (DAFM) faoin gClár Forbartha Tuaithe 2014-2020. Is é an tIonad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta a chomhordaíonn an tionscadal.
