Seoladh Thionscadal um Phailneoirí Talamh Feirme a Chosaint
Baineann an tionscadal seo le gníomhartha beaga a ligfidh don bhithéagsúlacht cómhaireachtáil laistigh de chóras feirmeoireachta táirgiúil. Tá sé mar aidhm aige cabhrú le feirmeoirí gnáthóga beaga a chur ar fáil a chuirfidh bia, sábháilteacht agus foscadh ar fáil ar a bhfeirmeacha do phailneoirí (beacha, foluainigh) agus do bhithéagsúlacht eile. Forbróidh sé córas scórála pailneoirí don fheirm iomlán agus aithneoidh sé cad iad na cleachtais bhainistíochta ar thalamh feirme na hÉireann is mó a théann chun tairbhe do phailneoirí. Tabharfaidh an tionscadal luach saothair freisin d'fheirmeoirí rannpháirteacha as bainistíocht atá fabhrach do phailneoirí.
Tá pailneoirí tábhachtach d'fheirmeoirí a shaothraíonn barra, torthaí agus glasraí a phailníonn feithidí; dár ngeilleagar; dár dtáirgí a mhargú thar lear; agus do shláinte ár dtimpeallachta. Ach tá cailleadh forleathan de phailneoirí fiáine tarlaithe ar thalamh feirme le caoga bliain anuas. In Éirinn, tá bagairt díothaithe ar thrian dár 99 speiceas beach.
Rithfear an tionscadal cúig bliana le grúpa de 40 feirmeoir a earcaíodh thar chineálacha éagsúla feirmeacha agus leibhéil déine i gCill Dara agus i gcontaetha cóngaracha. Córas íocaíochta bunaithe ar thorthaí a bheidh ann – dá airde scór pailneora na feirme, is ea is mó a íocfar leis an bhfeirmeoir gach bliain.
Tá an Tionscadal um Phailneoirí Talamh Feirme a Chosaint bunaithe ar ghníomhartha fianaise-bhunaithe a ligfidh do phailneoirí maireachtáil agus bláthú. Trí ghníomhú chun pailneoirí a chosaint, cuirimid tús le hithir slabhra a mbíonn tairbhí dearfacha aici do shláinte ghinearálta ár dtimpeallachta, chomh maith lenár ndea-bhail féin agus le dea-bhail na nglún atá le teacht. “Tá lúcháir orainn a bheith páirteach sa tionscadal seo” a dúirt Andrew Bergin, duine de na feirmeoirí rannpháirteacha, “trí ghníomhartha beaga a dhéanamh is féidir linn difríocht dhearfach a dhéanamh. Aon rud atá go maith don fheirmeoir, tá sé go maith don phailneoir freisin”.
Forbróidh agus tástálfaidh an tionscadal córas scórála pailneoirí don fheirm iomlán ar féidir é a ríomh go héasca, a thuiscint go héasca agus a fheabhsú go héasca (agus atá i gcomhréir le gníomhartha fianaise-bhunaithe an Phlean Pailneoirí Uile-Éireann do thalamh feirme). Áireofar ann freisin suirbhéanna feithidí agus plandaí lena dheimhniú go bhfuil níos mó pailneoirí (beacha, foluainigh) agus níos mó bithéagsúlachta i gcoitinne ag feirmeacha a bhfuil scóir níos airde acu. Táthar ag súil go léireoidh an tionscadal seo conas a d'fhéadfaí an córas scórála seo a chur i bhfeidhm ar scála náisiúnta sa todhchaí.
Dúirt Bainisteoir an Tionscadail, an Dr. Saorla Kavanagh, “Tugann an tionscadal seo feirmeoirí agus eolaithe le chéile chun teacht ar réitigh chun an bhithéagsúlacht a chosaint. Creidim gur féidir linn, trí oibriú le chéile, gníomhartha praiticiúla agus intomhaiste a chruthú a chabhróidh lenár bpailneoirí, leis an mbithéagsúlacht níos leithne agus le feirmeoirí”.
Cuirfidh an tionscadal ar chumas gach feirmeora a thuiscint cé chomh fabhrach do phailneoirí atá a bhfeirm, agus cad iad na gníomhartha simplí, ar chostas íseal ar féidir leo a dhéanamh chun feabhas a chur ar a bhfeirm iomlán do phailneoirí agus do bhithéagsúlacht eile ar bhealach intomhaiste nach gcuireann isteach go diúltach ar tháirgiúlacht. Laistigh den tionscadal, faigheann feirmeoirí íocaíocht bhliantúil bunaithe ar a scór foriomlán pailneora feirme a ríomhtar bunaithe ar mhéid agus ar cháilíocht na gnáthóige ar an bhfeirm.
De réir an Dr. Úna FitzPatrick, éiceolaí sinsearach san Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta agus comhordaitheoir an Phlean Pailneoirí Uile-Éireann, ceann de na príomhchúiseanna le laghdú na mbeach ná an t-ocras – níl go leor bláthanna fiáine inár dtírdhreacha inniu le dóthain bia a chur ar fáil do bheacha. “Ní hamháin go mbaineann an Plean Pailneoirí Uile-Éireann le caomhnú beach, ach baineann sé freisin le slí bheatha feirmeoirí agus saothróirí a chosaint a bhíonn ag brath ar a seirbhís phailnithe ‘saor in aisce’, rud a chuireann ar chumas tomhaltóirí torthaí agus glasraí Éireannacha a cheannach ar phraghas inacmhainne. Táimid buíoch as an deis a bheith ag obair taobh le taobh le feirmeoirí laistigh den tionscadal seo ionas gur féidir linn, le chéile, réitigh réalaíocha a fhorbairt” a dúirt an Dr. FitzPatrick.
Tá an tionscadal á chomhordú ag an Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta, agus áirítear ar an ngrúpa oibríochta Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, Bord Bia, Glanbia, Teagasc, Macra na Feirme, HEINEKEN Ireland agus ceathrar feirmeoirí ionadaíocha thar chineálacha feirmeacha.
D'fhéadfadh gnéithe den Tionscadal athrú mar fhreagairt ar aiseolas ó rannpháirtithe agus ar mhonatóireacht an tionscadail.