Roinneann Tom Tierney, duine den 40 feirmeoir rannpháirteach, a dhearcadh ar an EIP um Phailneoirí Talamh Feirme a Chosaint. Is le Tom feirm theaghlaigh agus déanann sé í a bhainistiú ag Baile na Faiche, Lóiste Choill Bheag (Prosperous). Faoi láthair tá sé ag cur gránbharra agus 30 acra foraoiseachta ar an bhfeirm 180 acra i gCill Dara.
Chuaigh mé isteach sa tionscadal Comhpháirtíochta Nuálaíochta Eorpaí (EIP) um Phailneoirí Talamh Feirme a Chosaint in 2019. Trí bheith mar chuid den tionscadal seo, mhéadaigh mo mhianta maidir le feabhas a chur ar bhithéagsúlacht m'fheirme agus í a chaomhnú & chuir sé i dteagmháil mé le feirmeoirí eile a bhfuil an meon céanna acu agus a dhéanann an rud céanna, cuid acu nár bhuail mé riamh leo cheana.