
Foláireamh speicis ionracha do: Procyon lotor (Linnaeus 1758)
Ainm coitianta: Racán
Cén fáth an imní? Tá an racán liostaithe mar speiceas ionrach in Éirinn agus ar cheann de 49 speiceas coimhthíoch ionrach rialáilte san Eoraip (www.biodiversityireland.ie/projects/invasive-species/
union-concern-ias/). I mí Aibreáin 2011, chonacthas an speiceas seo sa fiadhúlra den chéad uair i gContae Chorcaí agus chonacthas ó shin é i gCathair Chorcaí, i mBaile Átha Cliath agus i gCo. Thiobraid Árann. Is dócha go bhfuil an speiceas seo tagtha go hÉirinn trí thrádáil na bpeataí nó trádáil na n-ainmhithe do zúnna.
Nuair a shroicheann líon na racán leibhéil arda, is féidir leo dul i bhfeidhm ar an mbithéagsúlacht dhúchasach. Is eol go ndéanann an speiceas creach ar neadracha éan agus ar amfaibiaigh, rud a fhágann laghdú ar rath pórúcháin. Chomh maith leis sin, iompraíonn racáin an phéist chruinn racáin (Baylisascaris procyonis) ar féidir léi a bheith contúirteach do speicis eile mamach agus éan. Tá imní ann go bhféadfadh an speiceas seo galair thógálacha a tharchur chuig daoine.
Cén chuma atá air? Tá aghaidh shainiúil le masc agus fionnadh liathach ar racáin. Tá an ceann leathan le súile móra agus soc biorach. Ceann de na gnéithe is suntasaí den racán ná a mhasc dubh nó beagnach dubh a thimpeallaíonn réigiún na súl go hiomlán, ag teacht ó na leicne trasna na súl agus an tsoic, agus ag síneadh síos an soc agus suas go dtí an clár éadain.
Cá bhfeicfinn é? Is féidir teacht ar racáin i go leor cineálacha éagsúla gnáthóg lena n-áirítear ceantair uirbeacha agus coillearnacha. Féadfaidh baill den phobal an speiceas seo a fheiceáil in aice le tithe agus in eastáit tithíochta.
Stádas ionrach: Tá an speiceas seo liostaithe mar speiceas ionrach i dtíortha Eorpacha eile agus mar ionróir féideartha i measúnú riosca Speicis Ionracha na hÉireann 2007.
Stádas tabhairt isteach: Tarlúint theagmhasach. Ní mheastar go bhfuil an speiceas seo bunaithe in Éirinn.
Minicíocht Dáileacháin: Uathúil
An bhfuil eiseamal tagartha ann?: Níl. Deimhníodh an speiceas ó ghrianghraf.
Gníomhartha a rinneadh go dtí seo: Cuireadh an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra ar an eolas agus tá foireann réigiúnach ag déanamh fiosruithe áitiúla.
Bealach tabhairt isteach: níl sé soiléir conas a tháinig an racán go hÉirinn. Is dócha gur allmhairíodh é do thrádáil na bpeataí.
Cad is féidir leat a dhéanamh?:
- Lean na treoirlínte Pet Wise
- Cuimhnigh go bhfuil sé in aghaidh an dlí speicis neamhdhúchasacha a scaoileadh saor sa fiadhúlra in Éirinn
- Tuairiscigh cásanna inar ceapadh go bhfacthas racán
- Féach ar phróifíl speicis an racáin le léarscáileanna idirghníomhacha.
- Féach ar bhileog eolais NOBANIS ar an racán
Má cheapann tú go bhfaca tú an speiceas seo sa fiadhúlra, más féidir déan grianghraf de agus cuir taifead isteach de chuig an Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta.
Féach ar an bPreasráiteas a eisíodh i gcomhar le Speicis Ionracha na hÉireann