An 100,000ú Taifead trí Thairseach Eolaíochta Saoránaí na hÉireann 2021

Baineadh cloch mhíle shuntasach amach le déanaí nuair a sháraigh líon na dtaifead a cuireadh isteach trí Thairseach Eolaíochta Saoránaí na hÉireann in 2021 an marc 100,000.
Ba thaifead de Chrobh éin coitianta (Lotus corniculatus) nó Bird’s-foot-trefoil as Béarla an 100,000ú taifead agus b'as “Wood of O Bog” i gCo. Uíbh Fhailí é. Chuir Margaret Cahill an taifead don speiceas seo isteach trí Thairseach Eolaíochta Saoránaí na hÉireann ar an 29/06/2021.
Thugamar faoi deara méadú suntasach ar ghníomhaíocht taifeadta in 2020, mar gheall ar dhianghlasáil agus srianta taistil Covid-19, agus tá sé cruthaithe ag an mbliain seo go bhfuil an leibhéal gníomhaíochta taifeadta sin á choinneáil agus sa chás seo á shárú!
Sháraigh an ghníomhaíocht taifeadta le linn chéad cheithre mhí na bliana seo gníomhaíocht 2020. Is dócha gur choinníollacha neamhshéasúracha le linn fhormhór mhí na Bealtaine ba chúis leis an laghdú ar ghníomhaíocht sa mhí sin, agus gan ach laghdú beag ar thaifeadadh i mí an Mheithimh i gcomparáid leis an mbliain seo caite, rud a bhí ina aimhrialtacht ann féin.
Nuair a cuireadh in iúl di gurbh é a taifead de Chupán an ghiorria an 100,000ú taifead a cuireadh isteach chuig Tairseach Saoránach na hÉireann in 2021, dúirt Margaret Cahill, a chuir an 100,000ú taifead isteach in 2019 freisin go hiontach, an méid seo a leanas:
Bhí an oiread céanna iontais agus ríméid orm a chloisteáil gurbh é mo thaifead de Chrobh éin coitianta an 100,000ú taifead a cuireadh isteach chuig Tairseach Eolaíochta Saoránaí an Ionaid Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta i mbliana. Is comhtharlú suntasach é ó chuir mé an 100,000ú taifead isteach in 2019 freisin. I mbliana, baineadh an chloch mhíle shuntasach amach dhá mhí iomlána níos luaithe ná in 2019, rud a thaispeánann méadú ollmhór ar leibhéal an taifeadta ag an bpobal.
Thosaigh mé ag taifeadadh bláthanna fiáine roinnt blianta ó shin. Is furasta grianghraf a dhéanamh díobh agus iad a chuardach ina dhiaidh sin, mar ní féidir leo rith nó eitilt uait. As sin, leathnaigh mé amach de réir a chéile chun féileacáin, snáthaidí móra, beacha, leamhain, ciaróga, fabhtanna a chur san áireamh, beagnach rud ar bith ar féidir liom grianghraf maith a fháil de le haghaidh a aitheanta. Is bealach iontach é chun foghlaim faoin mbithéagsúlacht agus faoin bhfiadhúlra, chun dul i dteagmháil leis na séasúir atá ag athrú agus le gnáthóga éagsúla, agus tugann sé cúis iontach duit dul amach sa nádúr agus áiteanna nua a aimsiú. Thosaigh mé amach cosúil le go leor daoine, gan ach eolas agam ar chúpla planda agus feithid choitianta ach go dtí seo i mbliana tá taifid curtha isteach agam do 260 speiceas éagsúil. Is iontach an méid eolais is féidir leat a bhailiú le himeacht ama. Ar ndóigh, trí thaifid a chur isteach chuig an Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta, cuireann sé freisin le heolas náisiúnta faoi dháiltí speiceas éagsúil agus athruithe ar ár mbithéagsúlacht le himeacht ama. Is cúis mhór sásaimh é a bheith in ann ponc nua a chur ar an léarscáil dáilte do speiceas.
Anois gur féidir linn taisteal timpeall na tíre arís, tá mé ag caitheamh ama ag fiosrú portaigh, cosúil le portach Wood of O taobh amuigh de Thulach Mhór i gCo. Uíbh Fhailí, áit a bhfaca mé an Crobh éin coitianta. Is gnáthóg iontach iad na portaigh d'fhéileacáin agus do shnáthaidí móra ag an am seo den bhliain. An samhradh seo, chonaic mé mo chéad Fhéileacáin Stiallach Uaine agus Donnán Caol ach ba é an buaicphointe go dtí seo ná teacht ar roinnt Bumbóg Leamhan Eite Follasaí ag ithe ar Chrobh éin. Tá mé fós ag faire amach don Fhrithilteach Réisc, a chaill mé lá amháin ag portach in Uíbh Fhailí le déanaí.

Dúirt an tOifigeach Suirbhéanna agus Taifead Oisín Duffy an méid seo a leanas faoin 100,000ú taifead:
“Is éacht iontach é 100,000ú taifead a bheith bainte amach trí Thairseach Eolaíochta Saoránaí na hÉireann laistigh den chéad 6 mhí den bhliain agus léiríonn sé suim ollmhór i dtaifeadadh bitheolaíoch agus sa bhithéagsúlacht i gcoitinne” de réir Oisín Duffy, Oifigeach Suirbhéanna agus Taifead leis an tIonad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta, “Is meán é seo de 3800+ taifead in aghaidh na seachtaine., ní thagann an figiúr seo agus an leibhéal taifeadta seo chun cinn ach mar gheall ar am, iarracht agus saineolas ár líonra taifeadóirí eolaíochta saoránaí. Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun buíochas a ghabháil le gach taifeadóir as an am a thógáil chun a gcuid taifead a chur isteach le linn na tréimhse seo”.
Tá tairseach Eolaíochta Saoránaí na hÉireann ar fáil le húsáid ag duine ar bith; má fheiceann tú speiceas suntasach agus má tá tú cinnte faoina chéannacht, cuir na sonraí isteach chuig https://records.biodiversityireland.ie/ ionas gur féidir an breathnóireacht a chur lenár mbunachar sonraí bithéagsúlachta náisiúnta. Ceadóidh sé seo dúinn leanúint ar aghaidh ag tógáil an bhoinn eolais maidir leis na speicis atá againn in Éirinn agus cabhróidh sé linn tuiscint níos fearr a fháil ar an gcaoi a bhfuil siad dáilte.