
Baineadh garsprioc shuntasach amach le déanaí nuair a sháraigh líon na dtaifead a cuireadh isteach trí Thairseach Eolaíochta Saoránaí na hÉireann in 2020 an marc 100,000. Ba é an 100,000ú taifead ná Mínscoth (Centaurea nigra) nó Common Knapweed i mBéarla agus ba ó Shlí Mhór an Deiscirt – Bealach Glas, Co. Luimnigh a tháinig sé agus ba é Dave Guiry a thaifead é ar an 04/07/2020. I gcomparáid leis sin, cuireadh an 100,000ú taifead do 2019 isteach ar an 22 Lúnasa.
I rith thrí mhí an dianghlasaithe Covid-19 chonacthas méadú suntasach ar an ráta taifeadta, le méadú 54% i mí Aibreáin ar an líon taifead míosúil a cuireadh isteach; méadú iontach 70% i mí na Bealtaine; agus méadú 66% i mí an Mheithimh in ainneoin na drochaimsire. Is léir gur thosaigh daoine ag taifeadadh agus ag gabháil do chúrsaí bithéagsúlachta mar fhreagairt ar dhianghlasú Covid-19.
Nuair a cuireadh in iúl do Dave Guiry gurbh é a thaifead de Mhínscoth an 100,000ú taifead a cuireadh faoi bhráid Thairseach Shaoránach na hÉireann in 2020, thug sé léargas dúinn ar an gcaoi ar thosaigh sé ag gabháil do thaifeadadh bitheolaíoch agus ar an gcúis a leanann sé air ag taifeadadh:
“Chuaigh mé ar scor in 2010 agus chuir sé seo ar mo chumas dul amach faoin aer i bhfad níos mó agus mo shuim sa dúlra a chothú. Bhí mé i mo bhall de Birdwatch Ireland le blianta fada agus ghlac mé páirt i suirbhé Éin Ghairdín gach geimhreadh. Creidim go deimhin go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach taifid a choinneáil ar an domhan nádúrtha timpeall orainn, ionas go mbeimid ar an eolas faoi na fadhbanna atá ann agus, le cúnamh Dé, iad a réiteach sula mbeidh sé ró-dhéanach.
Chuir mé aithne ar an Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta nuair a thug an Dr. Tomás Murray (iar-Éiceolaí Sinsearach leis an Ionad Sonraí) cuairt ar an gCaisleán Nua Thiar chun caint a thabhairt ar aithint Féileacán. Spreag sé muid chun taifid dár gcuid breathnuithe a sheoladh isteach. Ar dtús níor thaifead mé ach Féileacáin, ach tá mé ag leathnú m'eolais ó shin i leith.
Déanaim iarracht grianghraif a thógáil d'aon rud nach féidir liom a aithint agus breathnaím go mion trí mo leabhair thagartha nuair a shroichim an baile. Tá suim mhór forbartha agam ann agus chuir sé gné bhreise le mo chuid siúlóidí agus turais rothaíochta timpeall faoin tuath áitiúil. Shiúil mé Bealach Glas Shlí Mhór an Deiscirt na céadta uair ach feicim plandaí fós, agus uaireanta éin, nach bhfaca mé riamh cheana.
Creidim go bhfuil sé an-tábhachtach fanacht gníomhach de réir mar a théann muid in aois. Is fearr a bhím nuair a bhím amuigh faoin tuath agus faighim an-spéis ann nuair a aimsím rud éigin nua. Dá mhéad a théann tú amach, is amhlaidh is fusa a bhíonn sé cloí le 'scaradh sóisialta' atá tábhachtach faoi láthair. Chroith mé mo chuid siúlóidí uaim nuair a bhíomar teorannaithe do 2km ach tá áthas orm arís, anois agus mé in ann dul níos faide i gcéin.

Chomh deacair agus a bhí an chéad sé mhí den bhliain seo, is cosúil gur thug taifeadadh bitheolaíoch sólás mór do go leor daoine. Thug an dianghlasú deis do dhaoine níos mó ama a chaitheamh ar a gcuid suimeanna féin, níos mó a fhoghlaim faoina gceantar áitiúil agus athcheangal a dhéanamh leis an dúlra i gcoitinne. B'fhéidir gur chuir sé moill ar luas an tsaoil ar fud na tíre chun ligean do léirthuiscint níos fearr a fháil ar an mbithéagsúlacht dhúchasach, ar rud é ar féidir neamhaird a thabhairt air chomh héasca sin. Chonacthas leibhéil iontacha rannpháirtíochta inár dtionscnamh taifeadta #SpeciesADay freisin, tionscnamh a cuireadh ar bun le linn an dianghlasaithe chun taifeadadh laistigh de cheantair áitiúla a spreagadh.
“In 2020 chonacthas méadú suntasach ar ghníomhaíocht taifeadta ar fud na tíre,” de réir Oisín Duffy, Oifigeach Suirbhéanna agus Taifead leis an Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta, “Tháinig borradh suntasach faoin ngníomhaíocht taifeadta, go háirithe ó mhí Aibreáin na bliana seo, le figiúirí níos airde ná mar a chonaiceamar riamh. Ar an meán, tá níos mó ná 3,500 taifead á gcur isteach gach seachtain in 2020. Míle buíochas lenár dtaifeadóirí uile a chuir sé seo ar ár gcumas.
Tá tairseach Eolaíochta Saoránaí na hÉireann ar fáil le húsáid ag duine ar bith; má fheiceann tú speiceas suntasach agus go bhfuil tú cinnte faoina aitheantas, seol na sonraí isteach chuig https://records.biodiversityireland.ie/ ionas gur féidir an bhreathnóireacht a chur lenár mbunachar sonraí bithéagsúlachta náisiúnta. Ligeann sé seo dúinn leanúint ar aghaidh ag tógáil an bhoinn eolais ar na speicis atá againn in Éirinn agus cuideoidh sé linn tuiscint níos fearr a fháil ar an gcaoi a bhfuil siad scaipthe.