
Sroicheadh cloch mhíle an-suntasach thar an deireadh seachtaine nuair a sháraigh líon na dtaifead a cuireadh faoi bhráid Thairseach Eolaíochta Saoránaigh na hÉireann in 2019 an marc 100,000ú. Ba thaifead de fhraoch (Calluna vulgaris) ó Oileán Dairbhre [tag. eangaí V387774] ar an 22ú Lúnasa, 2019 a chuir Margaret Cahill isteach an 100,000ú taifead. Bhí sé oiriúnach gur sroicheadh an chloch mhíle seo le linn Sheachtain na hOidhreachta, 2019 óir is gné thábhachtach agus atá faoi bhagairt níos mó dár n-oidhreacht nádúrtha í an bhithéagsúlacht.
Léirigh 2019 ráta iontach de thaifeadadh bhithéagsúlacht na hÉireann, agus beagnach 3,000 taifead ar an meán á gcur isteach gach seachtain ó thús na bliana. Áirítear leis seo 31,498 taifead de phlandaí, 27,084 d'éin, 12,255 d'fhéileacáin agus 5,618 de mhamaigh.
Is cruthúnas inláimhsithe é an ráta ollmhór taifeadta seo ar an spéis mhéadaitheach atá ag muintir na hÉireann sa bhithéagsúlacht agus léiríonn sé an imní atá ar dhaoine faoin dúlra i bhfianaise ár n-éigeandála bithéagsúlachta. Dá mhéad sonraí ardchaighdeáin atá againn faoin mbithéagsúlacht is ea is láidre an cás is féidir a dhéanamh ar son a caomhnaithe.
Soláthraíonn Tairseach Eolaíochta Saoránaigh na hÉireann https://records.biodiversityireland.ie/ córas simplí ar líne do dhaoine chun taifid a chur isteach ionas gur féidir le gach duine cur le tógáil an bhoinn eolais faoi na speicis atá againn, chun tuiscint níos fearr a fháil ar an gcaoi a ndéantar iad a dháileadh agus ar an gcaoi a bhfuil na dáiltí seo ag athrú. Chomh maith le cuidiú le léargas náisiúnta a fhorbairt ar speicis na hÉireann, is féidir le haon duine a chuireann taifid bhitheolaíocha isteach a gcuid sonraí féin a fheiceáil agus a mhapáil, agus rochtain a bheith acu ar a gcóras bainistíochta taifead pearsantaithe féin ar líne dá bharr.
Nuair a cuireadh in iúl di gurbh é a taifead de fhraoch an 100,000ú taifead a cuireadh faoi bhráid Eolaíocht Shaoránach na hÉireann go dtí seo in 2019, thug Margaret Cahill léargas dúinn ar a bhfuil i gceist le taifeadadh na bithéagsúlachta di. ‘Déanaim taifeadadh ar dhá phríomhchúis. Is é an chéad cheann ná fanacht i dteagmháil leis an saol nádúrtha timpeall orm agus foghlaim faoi, ag foghlaim faoi bhláthanna, feithidí agus créatúir eile, ag tabhairt faoi deara nuair a bhíonn bláthanna áirithe faoi bhláth, cé na gnáthóga a oireann d’fhéileacán amháin thar ceann eile, agus na difríochtaí sa bhithéagsúlacht a fheiceáil thar réimsí agus gnáthóga éagsúla in Éirinn. Tugann taifeadadh spreagadh breise dom freisin dul amach agus an faoin tuath agus áiteanna nach raibh mé iontu cheana a thaiscéaladh. Pleanaim mo laethanta saoire anois le go n-áireofar cuairteanna ar shuíomhanna fiadhúlra cosúil le Portach Mhainistir Laoise, Boireann, Eanach Bhaile Pholaird agus Portach Lathaí Móire an samhradh seo’.
‘Is é an dara cúis a ndéanaim taifeadadh ná cur leis an mbailiúchán náisiúnta sonraí a choinníonn an tIonad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta ar bun. Teastaíonn reachtaíocht fhianaisebhunaithe uainn chun ár mbithéagsúlacht a chosaint agus is céim thábhachtach tosaigh sa phróiseas sin sonraí reatha a thaifeadadh agus a anailísiú. Trí leas a bhaint as fuinneamh lucht leanta an dúlra ar fud na tíre cosúil liom féin, tugtar deis dúinn cur le hobair éiceolaithe, eolaithe agus lucht déanta beartas an ionaid ar an mbealach luachmhar seo. Tá an-bhród orm mar amaitéarach gur chuir mé 974 taifead thar 320 speiceas éagsúil ó 6 chontae éagsúla isteach go dtí seo i mbliana. D’fhoghlaim mé an-chuid le linn dom é sin a dhéanamh agus ní chuireann sé ach fonn orm tuilleadh a fhoghlaim, níos mó a aimsiú agus níos mó a thaifeadadh’.
Léiríonn an fás suntasach ar ghníomhaíocht taifeadta le 12 mhí anuas an spéis mhéadaitheach sa dúlra agus sa bhithéagsúlacht atá léirithe ag daoine aonair agus ag pobail áitiúla ar fud na tíre, de réir an Dr. Liam Lysaght, Stiúrthóir an tIonad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta. ‘Thar gach gné dár gcuid oibre, ó ghníomhaíocht taifeadta bithéagsúlachta, go rannpháirtíocht inár gclár ceardlann oiliúna, go héileamh ar ár bhfoilseacháin agus fiú amháin ón leibhéal méadaithe glaonna ar fhaisnéis dár n-oifig, tá daoine ag plé níos mó agus níos mó leis an mbithéagsúlacht, rud atá iontach a fheiceáil agus ar gá é a spreagadh.’ ‘Ní féidir leat an rud nach bhfuil a fhios agat a bheith agat a chaomhnú, mar sin tá an-áthas orainn go bhfuil an oiread sin taifeadóirí ag baint úsáide as Tairseach Eolaíochta Saoránaigh na hÉireann chun pictiúr mionsonraithe den bhithéagsúlacht a thógáil ina gceantar féin’, a dúirt Lysaght chomh maith.
Tá Tairseach Eolaíochta Saoránaigh na hÉireann ar fáil le húsáid ag duine ar bith; má fheiceann tú speiceas suntasach agus go bhfuil tú cinnte faoina aithint, cuir na sonraí faoi bhráid https://records.biodiversityireland.ie/ ionas gur féidir an bhreathnóireacht a chur leis an mbunachar sonraí bithéagsúlachta. Cuirfidh sé seo ar ár gcumas leanúint ar aghaidh ag tógáil an bhoinn eolais ar na speicis atá againn in Éirinn agus tuiscint níos fearr a fháil ar an gcaoi a ndéantar iad a dháileadh.