Is maith an comhartha don taifeadadh bitheolaíoch in Éirinn é an gharsprioc de 500,000 taifead.

Baineadh garsprioc shuntasach amach le linn chéad mhí na bliana nuair a sháraigh líon na dtaifead a cuireadh faoi bhráid an Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta trí Tairseach Eolaíochta Saoránaí na hÉireann an 500,000ú marc.
Ba í an Bhuíóg (nó Yellowhammer sa Bhéarla), speiceas atá ar an liosta dearg, an 500,000ú taifead speicis. Bíonn cluimhreach bhuí álainn fheiceálach ar fhireannaigh fásta an tsamhraidh, as a dtagann an t-ainm, agus ní furasta iad a mheascadh le haon cheann eile dár n-éin phóraithe Éireannacha. Mar sin ní raibh aon dul amú ar chéannacht an speicis seo nuair a chonaic an feirmeoir de chuid Chill Dara, Dermot Doran, ealta bheag ar a shiúlóid laethúil taobh amuigh de Dhroichead Bhaile Sheáin i dtuaisceart Cho. Chill Dara ar an 19 Eanáir, 2020. Is speiceas éin í an Bhuíóg a shamhlaítear go hiondúil le talamh feirme agus tá dlúthbhaint aici le saothrú gránach. Is minice a fhaightear í in oirthear agus i ndeisceart na hÉireann, ach ní fada ó shin a d’fhéadfaí gnáthcheol na Buíóige – ‘little bit of bread and NO cheese’ – a chloisteáil ar fud na tíre ar fad. Ar an drochuair, tháinig meath géar ar an mBuíóg i ndiaidh na 1970idí, ach tá an chuma ar an scéal anois go bhfuil sí measartha seasmhach ina raon reatha de réir torthaí a tháinig as Suirbhé Éan Tuaithe Birdwatch Ireland. Creideann Dermot go bhfuil an barr síolta d'éin fhiáine a cuireadh faoin scéim GLAS an-tarraingteach do na Buíóga a fhaightear go háitiúil.
Is mór an chreidiúint don phobal taifeadóirí bitheolaíocha atá ag fás iad na 500,000 taifead speicis a cuireadh isteach ag baint úsáide as Tairseach Eolaíochta Saoránaí na hÉireann, daoine a chuir sonraí faoi bhithéagsúlacht na hÉireann ar fáil don Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta le roinnt blianta anuas. Ba í 2019 an bhliain ba ghníomhaí ag an Ionad go dtí seo don Tairseach Eolaíochta Saoránaí. Cuireadh 100,000 taifead isteach in aon bhliain amháin don dara bliain as a chéile tar éis an ghnóthachtála chéanna in 2018. Faoi dheireadh na bliana cuireadh níos mó ná 125,000 taifead bitheolaíoch isteach d'os cionn 4,000 speiceas ag tuairim is 5,879 duine. Bhí taifead Buíóige Dermot ar cheann de 32,857 taifead éan iontach!

Soláthraíonn Tairseach Eolaíochta Saoránaigh na hÉireann https://records.biodiversityireland.ie/ córas simplí ar líne do dhaoine chun taifid a chur isteach ionas gur féidir le gach duine cur le tógáil an bhoinn eolais faoi na speicis atá againn, chun tuiscint níos fearr a fháil ar an gcaoi a ndéantar iad a dháileadh agus ar an gcaoi a bhfuil na dáiltí seo ag athrú. Chomh maith le cuidiú le léargas náisiúnta a fhorbairt ar speicis na hÉireann, is féidir le haon duine a chuireann taifid bhitheolaíocha isteach a gcuid sonraí féin a fheiceáil agus a mhapáil, agus rochtain a bheith acu ar a gcóras bainistíochta taifead pearsantaithe féin ar líne dá bharr.

Nuair a cuireadh in iúl dó gurbh é a thaifead an 500,000ú taifead a cuireadh faoi bhráid Thairseach Eolaíochta Saoránaí na hÉireann go dtí seo, thug Dermot Doran léargas dúinn ar an spéis a bhí aige sa bhithéagsúlacht, rud a thosaigh agus é an-óg. ‘Ba go déanach sna 70idí nuair a bhí mé i mo pháiste a chonaic mé Buíóga den chéad uair. Thagadh grúpa de thart ar 8 nó 10 isteach go rialta ó na páirceanna isteach inár sciobóil feirme le linn an gheimhridh agus d'ithidís na gráin eorna a thit de na bearta tuí. Ba ghnách liom dul i bhfolach taobh thiar de roth tosaigh ár dtarracóra (a bhí níos mó ná mé féin ag an am) agus breathnú orthu ag ithe a sáith den choirce. Tá sé sin 40 bliain ó shin anois agus buíochas le Dia d'fhan an Bhuíóg sa cheantar seo ó shin.’
‘Taifeadaim éin den chuid is mó toisc go bhfuil aithne agam ar fhormhór acu (ach) táim ag iarraidh dul i ngleic le speicis eile le déanaí. Taifeadaim aon fhéileacáin a fheicim freisin agus mamaigh.‘
Nuair a fiafraíodh de Dermot cén fáth a dtaifeadann sé an fiadhúlra a fheiceann sé, d’fhreagair sé ‘taifeadaim an bhithéagsúlacht toisc go bhfuil paisean agam don dúlra, don fhiadhúlra agus dár dtimpeallacht.‘
Léiríonn an fás suntasach ar ghníomhaíocht taifeadta le dhá bhliain anuas go háirithe an spéis atá ag fás sa dúlra agus sa bhithéagsúlacht ag daoine aonair agus ag pobail áitiúla ar fud na tíre. Is paisean é paisean Dermot dár n-oidhreacht nádúrtha a roinneann na mílte saoránach eile in Éirinn. Is eagraíocht é an tIonad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta a chuireann ar chumas daoine leas a bhaint as an bpaisean agus as an bhfuinneamh sin chun cabhrú linn tuilleadh eolais a fhorbairt ar ár mbithéagsúlacht, cad iad na speicis a fhaightear in Éirinn, conas a dháiltear iad ar fud na tíre agus na farraige, agus conas atá sláinte ár dtimpeallachta ag athrú. Tá sé seo níos tábhachtaí i saol an lae inniu ná mar a bhí riamh cheana.
An chéad uair eile a fheiceann tú speiceas ar mhaith leat a thaifeadadh agus a bhfuil tú cinnte dá chéannacht, is cuma cé chomh neamhchoitianta nó coitianta atá sé, tabhair cuairt ar Thairseach Eolaíochta Saoránaí na hÉireann chun sonraí faoin méid a chonaic tú a chur isteach anseo. Agus mura bhfuil tú cinnte go díreach conas a dhéantar é, féach ar an treoir ghearr ar conas bithéagsúlacht na hÉireann a thaifeadadh seo.
– Ben Malone, Oifigeach Riaracháin agus Rannpháirtíochta