Tar éis sos gairid le linn dúinn na torthaí a íoslódáil agus a bhailíochtú, tá torthaí deiridh Sheachtain Náisiúnta na Bithéagsúlachta 2019 do Rás na Snáthaidí Móire faighte!
Cuireadh 125 taifead bailí isteach ar fad i rith na seachtaine, agus bhí Uíbh Fhailí chun tosaigh go mór ar na contaetha eile. Ba í an Bhéchuil Dhearg Mhór an speiceas ba mhinice a taifeadadh, agus í freagrach as 38% de na taifid le linn Rás na Snáthaidí Móire. Ba iad an Bhéchuil Ghorm (14%) agus an Seabhac Ceithre Bhreac (12%) na chéad speicis eile ba mhinice a taifeadadh.
Cuireadh na taifid go léir san áireamh sa chrannchur do chóip de ‘The Natural History of Ireland’s Dragonflies’ le Brian Nelson agus Robert Thompson agus ba í… Rachel Mc Kenna an buaiteoir! Mar sin, comhghairdeas le Rachel agus buíochas mór ó chroí le gach duine a ghlac páirt.
Is é an dea-scéal ná go mbeimid ag reáchtáil Rás nua na Snáthaidí Móire go han-luath, mar sin coinnigh súil amach!