Is mian leis an Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta cuireadh a thabhairt do sholáthraithe atá cáilithe go cuí luachana a chur isteach le haghaidh seirbhísí taighde margaidh a sholáthar d'fhonn rannpháirtíocht gnólachtaí sa Phlean Uile-Éireann do Phoraitheoirí a thuiscint, constaicí ar rannpháirtíocht a aithint agus eolas a thabhairt do rannpháirtíocht na hearnála gnó sa todhchaí.
Ba cheart an lipéad "Iarratas ar Luachan le haghaidh Soláthar Seirbhísí Taighde Margaidh" a chur ar aighneachtaí agus iad a sheoladh trí ríomhphost chuig: slarragy@biodiversityireland.ie.
Ní mór aighneachtaí a bheith faighte tráth nach déanaí ná 5.00 i.n. Dé hAoine an 30 Deireadh Fómhair, 2026.
Ní bhreithneofar aighneachtaí a thagann isteach déanach.