Tá tuairiscí deimhnithe ar fhianna rua (Capreolus capreolus) a chonacthas i gCo. Chill Mhantáin ó Mheitheamh 2011 go Nollaig 2013 foilsithe ar Léarscáileanna Bithéagsúlachta. Cuireann sé seo leis an bhfeiceáil ar 3 fhia rua a chonacthas i gCo. Ard Mhacha in 2014.
Rinneadh measúnú in 2014 ar an mbaol go mbeadh an fia rua ina speiceas ionrach in Éirinn mar Bheag go Measartha (Féach:
Is féidir leat an Fógra Feiceála Speiceas Ionrach nuashonraithe don Fhia Rua a fheiceáil agus a íoslódáil trí chliceáil ar an bpóstaer

Cén fáth an imní? Dá dtiocfadh fia rua chun cinn go forleathan d'fhéadfadh siad:
- Damáiste a dhéanamh do bharra talmhaíochta
- Damáiste a dhéanamh d'fhoraoiseacht trí phlandóirí óga a chreimeadh agus a chuimilt
- Cur le timpistí tráchta ar bhóithre
- An chéad fheiceáil in 2011 i gCo. Chill Mhantáin. Facthas 3 huaire eile iad i gCo. Chill Mhantáin agus uair amháin i gCo. Ard Mhacha. Réimsíonn na feiceálacha ó fhia amháin go grúpaí.
Cén chuma atá air?
- Is fia beag go measartha é an fia rua, a bhfuil airde ghualainne 60-70cm aige.
- Bíonn fionnadh scothdhearg-dhonn air sa samhradh le haghaidh liath, agus dorchaíonn an fionnadh go donnliath sa gheimhreadh.
- Bíonn srón shainiúil dhubh le smig bhán ar an bhfia rua agus go minic stiall dhubh faoin smig freisin
- Bíonn taobh thíos níos éadroime aige agus paiste bán ar an más a leathann amach nuair a chuirtear as dó. Nuair a chuirtear as dó, is minic a dhéanann sé tafann cosúil le madra freisin.
- Bíonn sé níos dírí ina sheasamh ná fia muntjac agus bíonn cluasa bioracha air.
Cá bhféadfainn é a fheiceáil?
I réimse gnáthóg, ach is fearr leis an bhfia rua tírdhreacha a bhfuil mósáic de choillearnach agus thalamh feirme iontu.
Tuairiscigh feiceálacha amhrasta le do thoil le grianghraf más féidir: https://www.biodiversityireland.ie/projects/invasive-species/submit-sightings/